Olltoghchán na Moldóive 2025
| Cineál | Moldovan parliamentary election (en) | ||
|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 28 Meán Fómhair 2025 | ||
| Tír | an Mholdóiv | ||
| Baint le limistéar údaráis | an Mholdóiv | ||
| Oifig le buachan | member of the Parliament of Moldova (en) | ||
Reáchtáladh Olltoghchán na Moldóive ar an 28 Meán Fómhair 2025.[1][2]
Fuair Páirtí an Ghnímh agus na Dlúthpháirtíochta (PAS)[3] ollbhua sa toghchán in aghaidh iarrthóirí na Creimile. Bhain an PAS thart ar 50% den vóta amach, agus 55 suíochán sa pharlaimint 101-suíochán.
Toghadh ceannaire PAS, Maia Sandu mar Uachtarán na Moldóive in 2020 agus atoghadh í in 2024.[4]


Tá an Mholdóiv i lár an aonaigh maidir le coimhlint gheostraitéiseach idir an tIarthar agus an Rúis, chomh maith le Ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Bhí na Rúisigh ag cur a ladair isteach ar chúrsaí polaitíochta inmheánacha na Moldóive. Bhí an Rúis ag iarraidh cur isteach ar an bpróiseas le haghaidh feachtais mhídheachais, díol vótaí agus iarracht círéibeacha a spreagadh. Cuireadh dhá pháirtí phró-Rúiseacha - Páirtí Chroí na Moldóive agus an Greater Moldova Party - faoi thoirmeasc ó rith sna toghcháin cúpla lá roimh an vóta mar gheall ar líomhaintí maoinithe neamhdhleathach a bhí nasctha leis an Rúis. Bhí bagairtí buamaí ag stáisiúin vótála thar lear.
Ba chloch mhíle shuntasach é an t-Ollotoghchán maidir leis an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv ag tráth cinniúnach i bhforbairt dhaonlathach na tíre agus i gconair na hEorpa. Tá na tairbhí a bhaineann le dlúthchomhar na Moldóive leis an Aontas le feiceáil sna 2020idí - ar an láthair agus i saol laethúil na ndaoine. Ó léirscaoileadh víosaí go fánaíocht. Ó thacaíocht fuinnimh go hinfheistíochtaí i mbonneagar.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, 2025 Moldovan parliamentary election
- ↑ Cathal Ó Murchú (2025-10-03). "Caimiléireacht in Olltoghchán na Moldóive" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-03.
- ↑ i mBéarla, Party of Action and Solidarity
- ↑ Office of the President of Ireland. "Diary President Receives The President Of Moldova H.e Ms Maia Sandu On A Courtesy Call" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2025-10-03.
- ↑ "Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Mholdóiv" (ga). Consilium (2025). Dáta rochtana: 2025-10-03.