Lámhach Thrá Bondi 2025
| ||||
| Cineál | oll-lámhach dúnmharú líonmhar coireacht fuatha ionsaí sceimhlitheoireachta | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | sceimhlitheoireacht san Astráil | |||
| Dáta na bliana | 14 Nollaig 2025 (18:42. UTC+11:00) | |||
| Suíomh | Bondi Beach, New South Wales | |||
| Tír | an Astráil | |||
| Sprioc | na Giúdaigh | |||
| Cúis | Frith-Sheimíteachas | |||
| Íospartach | Alex Kleytman Dan Elkayam Marika Pogány Arsen Ostrovsky Ahmed al-Ahmed | |||
| Líon básanna | 16 | |||
| Líon gortaithe | 40 | |||
| Déantóir na coire | Naveed Akram Sajid Akram | |||
| Arm | arm tine | |||
Mharaigh beirt ghunnadóirí cúig dhuine déag[1] ag Trá Bondi in Sydney na hAstráile ar an 14 Nollaig 2025. Bhí an t-ionsaí dírithe ar an bpobal Giúdach, cruinnithe le chéile i bPáirc Archer[2] le tús a chur lena gceiliúradh ar Fhéile an Tiomnaithe (nó Hanukkah).[3]
an t-ionsaí marfach is measa sa tír le beagnach tríocha bliain.




Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí breis is 1,000 duine ag freastal ar fhéile Ghiúdach i gceantar Pháirc Archer ag an trá chlúiteach. Dé Domhnaigh, ag a 6.47pm am na háite [7.47 am in Éirinn] nuair a thosaigh an sléacht, na sceimhlitheoirí ag lámhach ó dhroichead coise os cionn charrchlós ar an taobh thuaidh den Pháirc.
Chaith siad urchair gan stad ar lucht na féile. Scaoil siad 103 piléar san iomlán. Mhair an t-ionsaí féin breis is deich nóiméad.[4]
Ba iad na gunnadóirí ná
- Sajid Akram, a bhí 50 bliain d’aois, agus ó Hyderabad na hIndia; maraíodh ag an láthair é.
- agus a mhac, Naveed Akram 24 bliain d’aois. Rugadh é san Astráil. Goineadh na póilíní é go dona le linn an ionsaithe. Bhí sé cúisithe as 59 cion lena n-áirítear cúig dhúnmharú dhéag, 40 iarracht dúnmharaithe agus cinn eile maidir le seilbh gunnaí.[4]
Ar a gconlán féin a rinne siad an feall. Bhí an bheirt fhear tiomanta don antoisceachas Ioslamach agus faoi anáil na heagraíochta dá ngairtear Stát Ioslamach.[5] Sin ráite, ní raibh aon fhianaise ann go raibh claonpháirteachas ollmhór i gceist.[6]
Bhí ceithre “ghunna fhada” ag na sceimhlitheoirí, mar a thug na póilíní ar an arm, raidhfil Beretta BRX1 agus gránghunna san áireamh. Airm tine i seilbh dhlíthiúil ba ea iad, agus ceadúnais acu. Bhí an t-athair ina bhall de chlub gunnaí, agus gunnaí ceadúnaithe le thart ar 10 mbliana.
Rinne ball den phobal gaisce mór, teifeach Moslamach ón tSiria darb ainm Ahmed al-Ahmed, nuair a dhí-armáil sé duine de na hionsaitheoirí.[4] D’éirigh le al-Ahmed an t-arm a bhaint ó Naveed Akram. Ansin scaoil Sajid Akram urchair a ghoin é. Dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh al-Ahmed.[7]
Tar éis an ionsaithe, d'aimsigh na póilíní pléascáin i gcarr ar Parade Campbell,
Na híospartaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Alex Kleytman, 87 mbliana d'aois, duine a tháinig beo ón Uileloscadh san Úcráin agus a bhí ag an gceiliúradh Giúdach lena bhean chéile, a chlann agus clann a chlainne. Fuair sé bás agus é ag cosaint a bhean, Larisa
- "Matilda", 10 bliain d'aois, a thug na póilíní ar an gcailín beag deich mbliana d’aois a maraíodh (agus é iarrtha ag a muintir nach dtabharfaí amach a sloinne)
- An Rabí Eli Schlanger, 41 bliain d'aois, a bhí ina Rabí agus ina shagart ag Chabad Bondi le 18 mbliana. Bhí bean chéile agus cúigear páistí aige
- An Rabí Yaakov Levitan, rúnaí Beth Din Sydney
- Dan Elkayam, 27 bliain d'aois, saoránach Francach agus imreoir sacair
- Tibor Weitzen, 78 bliain d'aois, sin-seanathair a fuair bás agus é ag cosaint a chlainne
- Marika Pogány, 82 bliain d'aois, saoránach Slóvacach
- Peter Meagher, griangrafadóir
- Saoránach Iosraelach (ainm gan fhoilsiú)
- Reuven Morrison, eisimirceach Sóivéadach
- Boris agus Sofia Gurman, lánúiní Rúiseach-Giúdach
Gortaíodh 42 duine, beirt póilíní ina measc.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an t-ionsaí dírithe d’aon ghnó ar an bpobal Giúdach, ionsaí ar féidir a rá go raibh sé raibh frith-Sheimíteach. Cé nach bhfuil na hionsaithe seo i gcoinne an phobail Ghiúdaigh ró-choitianta ar bhonn domhanda, tá méadú áirithe le sonrú mar sin féin, mar shampla ionsaí Shionagóg Pittsburgh sa bhliain 2018 inar maraíodh 11 duine, agus Ionsaí Mhanchain 2025.
Maíonn Stát Iosrael go bhfuil méadú tubaisteach ag teacht ar ionsaithe frith-Sheimíteacha, mar a léiríonn an t-ionsaí seo. Ag an am céanna, leanann Stát Iosrael ar aghaidh lena bhfeachtas cinedhíothaithe i gcoinne mhuintir Gaza.[4]
Tuairimí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceithre mhilliún gunna[8] a bhí san Astráil ag an am[9] agus ceadúnas acu go léir (daonra 28 milliún sa bhliain 2025), toisc chomh héasca agus a bhí sé ag an am airm thine a fháil san Astráil. Bhí ceannairí polaitíochta na hAstráile ar aon fhocal faoina mian go gcuirfí dlíthe níos déine maidir le húinéireacht gunnaí i bhfeidhm sa tír. Dúirt Príomh-Aire na hAstráile, Anthony Albanese, go gcuirfí dlíthe níos déine i bhfeidhm - ní bheidh ceadúnais ar fáil ach do shaoránaigh Astrálacha amháin, teorainneacha ar líon na ngunnaí, agus srianta ar chineálacha arm tine.
Thug Albanese cuairt ar Thrá Bondi le bláthanna a leagan san áit a ndearnadh an t-ionsaí. “Olc ar aghaidh a bhí san ionsaí a chonaiceamar inné, beart frith-Sheimíteachais, beart sceimhlitheoireachta inár dtír ag láthair íocónach de chuid na hAstráile,” a dúirt sé. “Tá an pobal Giúdach ag fulaingt inniu. Inniu, fáisceann Astrálaigh ár dhá lámh thart orthu agus deirimid leo ‘seasaimid gualainn ar ghualainn libh’. Déanfaimid gach a mbeidh riachtanach chun an frith-Sheimíteachas a ghlanadh as an tír. Is smál é agus i dteannta a chéile gheobhaimid réidh ar fad leis.”
Dúirt toscaire speisialta frith-Sheimíteachais rialtas na hAstráile go raibh “an frith-Sheimíteachas ag scaipeadh sa tsochaí le blianta fada agus nár chuireamar ina choinne sách láidir”.[3]
Thar lear
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhaígh Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael gur chuir sé féin fainic ar Albanese go spreagfadh tacaíocht na hAstráile don éileamh go dtabharfaí stádas stáit don Phalaistín an frith-Sheimíteachas.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Maraíodh sé dhuine déag, Sajid Akram san áireamh
- ↑ Pavillion Bondi, láthair don imeacht bliantúil "Chanukah by the Sea"
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Tuairisc.ie (2025-12-15). "Gunnaí ceadúnaithe ag beirt ghunnadóirí Thrá Bondi a bhí spreagtha ag an ‘idé-eolaíocht antoisceach’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-15.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 Cathal Ó Murchú (2025-12-19). "16 maraithe ar Thrá Bondi san Astráil" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-12-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-12-17). "Sléacht Bondi: fear cúisithe i ndunmharú, sceimhlitheoireacht" (as ga-IE).
- ↑ Carmela Fonbuena, Manman Dejeto (2025-12-17). "Bondi terror suspects spent whole Philippines visit in city and rarely left hotel, staff and police say" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-12-17.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Gaillimh (20 Nollaig 2025). "Nuacht Mhall (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-12-20.
- ↑ "Bondi proof that Port Arthur guns laws failing, advocate says" (en-AU). ABC News (2025-12-15). Dáta rochtana: 2025-12-15.
- ↑ agus 260,000 ceadúnas gunna i New South Wales (suas ó 181,000 in 2001).
