Ionsaí ar Ospidéal Al-Nasser, Gaza, 2025
| ||||
| Cineál | tuairgneáil | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Israeli war crimes in the Israel–Hamas war, bombing of the Gaza Strip (en) | |||
| Dáta na bliana | 25 Lúnasa 2025 | |||
| Suíomh | Khan Yunis, Stát na Palaistíne Stráice Gaza | |||
| Tír | Stát na Palaistíne | |||
| Sprioc | Nasser Medical Complex | |||
| Íospartach | Maryam Abu Daqqa Mohammed Salama Moaz Abu Taha (en) Hussam al-Masri (en) Ahmed Abu Aziz (en) | |||
| Líon básanna | 22 | |||
| Déantóir na coire | Fórsaí Cosanta Iosrael | |||
Rinne Iosrael ionsaí ar Ospidéal Al-Nasser, Khan Younis, Gaza ar an 25 Lúnasa 2025. Bhuail drón an díon agus maraíodh cúigear. 15 nóiméad níos déanaí, rinneadh aerionsaí ar an áit céanna agus maraíodh 15 eile, iriseoirí agus lucht tarrthála ina measc. Bhí cúigear iriseoirí i measc an scór duine a maraíodh. [1] [2] [3]
Bhí ar a laghad 192 iriseoir Palaistíneach maraithe ón 7 Deireadh Fómhair 2023 go 25 Lúnasa 2025.[4] Sin le rá gur mó iriseoirí a bhí maraithe in Gaza ná a maraíodh ar fud an domhain uile sna trí bliana roimhe sin.[5]

Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtús mí Lúnasa, d'fhógair an Príomh-aire Netanyahu go raibh ordú tugtha ag an Rialtas don Arm treisiú ar an gcogaíocht ar mhaithe le seilbh go fairsing a ghlacadh ar Ghaza agus le Hamas a chur go hiomlán ó mhaith.[6]
Maraíodh seisear iriseoirí ar an 10 Lúnasa 2025 nuair a dhírigh Iosrael a n-ionsaí ar sprioc in aice le hOspidéal al-Shifa Hospital i gCathair Gaza. Bhí sé admhaithe ag Arm Iosrael ag an am go ndeachaigh siad sa tóir ar Anas al-Sharif, mar gheall a deir siad go raibh sé "i gceannas ar chill de chuid Hamas" agus go mbíodh sé "ag stiúradh ionsaithe roicéad ar shibhialtaigh agus ar shaighdiúirí de chuid Iosrael." "Damáiste comhthaobhach" a bhí na daoine eile a fuair bás. "Feallmharú spriocdhírithe" a thug Al Jazeera ar an ionsaí.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh roinnt daoine sa gcéad ionsaí agus ansin rinneadh an dara hionsaí inar maraíodh tuilleadh daoine 15 nóiméad níos déanaí, tar éis d’oibrithe tarrthála agus iriseoirí deifriú go dtí an áit a ionsaíodh ar dtús.
Maraíodh san ionsaí Hussam al-Masri, a bhí ag obair do Reuters, Mariam Abu Dagga, a bhí ag obair leis an Associated Press, Mohammed Salam a bhí ag iriseoireacht do Al Jazeera, Ahmad Abu Azizón ó Middle East Eye, agus an t-iriseoir Moaz Abu Taha. Gortaíodh Hatem Khaled, iriseoir eile le Reuters, san ionsaí. Bhí Hussam al-Masri ag craoladh beo ón díon nuair a buaileadh é agus chlis an craoladh ar an bpointe.[5]
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt urlabhraí ó arm Iosrael go raibh réamhfhiosrúchán faoin ionsaí ordaithe ag an gCeann Foirne agus dúirt go raibh “aiféala ar Iosrael faoi aon dochar a rinneadh do dhaoine nach raibh páirteach [sa gcogadh] agus nach ndíríonn Iosrael ar iriseoirí d’aon turas”. Ach i dtuairisc an mhí seo ó Action on Armed Violence, dream a dhéanann monatóireacht ar chogaí, dúradh gur cuireadh deireadh le 88% de na fiosrúcháin a rinne arm Iosrael ar líomhaintí i gcoinne a chuid saighdiúirí maidir le coireanna cogaidh agus drochíde agus gan aon locht faighte ar aon duine, sin nó fágadh na líomhaintí gan aon réiteach.
I ráiteas ón Associated Press dúradh go raibh iontas agus brón orthu faoi bhás Mariam Abu Dagga agus bás na n-iriseoirí eile a maraíodh san ionsaí céanna.
Chuir Reuters a mbriseadh croí féin in iúl ar bhás al-Masri agus gortú Khaled san ionsaí.
Dúirt an CPJ (an Coiste Cosanta Iriseoirí) le déanaí gur “iarracht chórasach bheartaithe a ghníomhartha a cheilt” a bhí ar bun ag Iosrael agus iad ag marú iriseoirí.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cogadh Iosrael-Gaza
- Feallmharú Anas Al-Sharif, 10 Lúnasa 2025
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "En direct, Gaza : Benyamin Nétanyahou déplore un « tragique accident » après le bombardement israélien de l’hôpital Nasser, qui a fait 20 morts, dont 5 journalistes" (fr-FR). Le Monde.fr. Dáta rochtana: 2025-08-25.
- ↑ William Christou, Malak A. Tantesh (2025-08-25). "Israel bombed Gaza hospital a second time, killing rescuers, say health officials" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-08-25.
- ↑ "Gaza officials say 20 killed in Israeli strike on hospital, including five journalists" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2025-08-25.
- ↑ a dúirt an Coiste Cosanta Iriseoirí (CPJ) ar an 25 Lúnasa 2025
- 1 2 3 "Cúigear iriseoirí i measc na marbh in ionsaithe Iosrael ar ospidéal" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-08-25). Dáta rochtana: 2025-08-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-08-11). "Iriseoirí maraithe ag Iosrael i nGaza" (as ga-IE).
