2017 Parsons Green Buamáil
Tharla, ar an 15 Meán Fómhair 2017, timpeall 8:20 am, pléascadh ar thraein District line ag Stáisiún Parsons Green, i Londain, Sasana.
Ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí i gceist. Tugadh 18 duine ag an ospidéal le gortaithe éagsúla bainteach le deacrachtaí análú agus loscadh craicinn.
Tharla an pléasc nuair a lasadh an feiste phléascach sheiftith (soitheach bán) agus bhí roinnt daoine dóite dá bharr[1].
Dúirt Mark Rowley, Leas-Choimisinéir na bPóilíní gur sheol an pléascadh meall tine suas caráiste traenach ar an District Line in iardheisceart na cathrach fad agus a bhí an traen ag seasamh ag Stáisiún Parsons Green. Dúirt na póilíní gur cuireadh ar an eolas iad faoin bpléasc i Stáisiún Parsons Green, ar a mbíonn an District Line ag 8.20 ar maidin.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |