Švejk — An Dea-Shaighdiúir (dráma raidió)
Cuma
(Athsheolta ó Švejk)
| Cineál | drámaíocht raidió agus clár raidió |
|---|---|
| Teanga | an Ghaeilge |
| Seánra | geandrámaíocht, ficsean aorach agus ficsean míleata |
| Suíomh scéalaíochta | Lár agus Oirthear na hEorpa, an Ostair-Ungáir, an tSeicslóvaic agus Prág |
| Personatges | |
| Carachtair | Josef Švejk agus Baloun |
Is dráma raidió scigmhagúil é Švejk — An Dea-Shaighdiúir (fuaimniú: smheidhc, /ˈʃvɛjk/) atá bunaithe ar an úrscéal cáiliúil de chuid Jaroslav Hašek sa tSeicis: Osudy dobrého vojáka Švejka za světové války ("Eachtraí an Dea-Shaighdiúra Švejk sa Chogadh Domhanda").[1] Is é Breandán Ó hEithir a chóirigh i nGaeilge é ina sé chuid, agus is iad Breandán Ó Dúill, Tony Doyle, Peadar Lamb agus Máire Nic Gearailt a ghlac na príomhpháirteanna ann.[2][3] Bhí sé ina "Dráma an tSathairn" ag RTÉ Raidió 1 thar dhá mhí sa bhliain 1986.[1]
Is é an bunleabhar grinn dhuibh an "prós-shaothar is cáiliúla de chuid an fichiú haois sa tSeicis", agus bhí cóip de ina bhailiúchán pearsanta leabhar ag Máirtín Ó Cadhain.[4]
-
Údar an bhunleabhair, Jaroslav Hašek, ina shaighdiúir dá ainneoin féin sa Chéad Chogadh Domhanda
-
Séadchomhartha don Švejkeach san Úcráin
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Josef Švejk.
- ↑ 1.0 1.1 "RTE Radio 1 (sic)" (10 Bealtaine 1986). The Irish Times: 15.
- ↑ "Radio Highlights" (27 Aibreán 1990). The Irish Times: 33.
- ↑ "Radio" (19 Eanáir 1991). The Irish Times: 34.
- ↑ Máirín Nic Eoin (2019). "Athnuachan agus athghabháil shaothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain". Studia Hibernica (45): 69–98. ISSN 0081-6477.
| Is síol faoin raidió é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |