Úsáideoir:TheCraftyCailleach/Clár Dubh
Mo Chlár Dubh
Annie Bhán Mac Grianna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Annie Bhán Mac Grianna (1892 nó 1893 – 20 Feabhra 1963) ab ea an seanchaí seo as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill.[1][2] Ba dheirfiúr í le Seán ‘Bán’ Mac Grianna, Seosamh Mac Grianna, Domhnall Ó Grianna agus Séamus Ó Grianna. Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a hathair agus ba í Máire Shéamuisín Ní Dhomhnaill a máthair. Bhí aon duine déag sa chlann, ach fuair beirt díobh bás ina naíonáin. Col ceathar di an scéalaí Neidí Frainc Mac Grianna.[1][2]
Bhailigh Aodh Ó Duibheannaigh (Hiúdaí Phadaí Hiúdaí) agus Gordon Mac Gill-Fhinnein scéalta agus seanchas uaithi atá breis is 2,800 leathanach ar fad i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.[1] Idir 1937 agus 1939 a bhailigh Ó Duibheannaigh an chuid is mó den ábhar,[3] agus bhailigh Mac Gill-Fhinnein seacht scéal uaithi 22 bliain ina dhiaidh sin.[1] Foilsíodh thart ar an gcúigiú cuid déag den bhailiúchán in Seanchas Annie Bhán / The Lore of Annie Bhán (1997), in eagar agus aistrithe ag Alan Harrison agus Máiri Nic Gill-Fhinnein.[1][4] D'iarr Acadamh Ríoga na hÉireann ar Mhac Gill-Fhinnein concordáid dá stór focal a ullmhú, ach níor tugadh an obair sin chun críche.[1]
Roghnaíodh í féin agus Seán Bán le páirt a ghlacadh in Oícheanta Seanchais Gael Linn ag deireadh na 1950idí.[5] Sa bhliain 1962 bhí sí fostaithe mar scéalaí sa choláiste samhraidh a bhunaigh Mac Gill-Fhinnein in Anagaire.[1] Bhí nóta ag Seán Ó Súilleabháin go raibh sí dall, ach dar le Mac Gill-Fhinnein nárbh fhíor sin agus gur lagradharc a bhí aici. Chuir sé síos uirthi mar dhuine coimeádach, traidisiúnta ina dearcadh.[1] Níor phós sí.[2]
Fuair sí bás ar an 20 Feabhra 1963 san Ospidéal Ceantair sa Chlochán Liath, Contae Dhún na nGall.[1][2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 6 7 8 9 "MAC GRIANNA, Annie Bhán (1893–1963)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2026-09-27.
- 1 2 3 4 "Feidhlimidh 'ac Grianna" (en). Ulster Doegen Recordings. Dáta rochtana: 2026-09-27.
- ↑ "Ó DUIBHEANNAIGH, Aodh (1914–1984)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2026-09-27.
- ↑ MacLennan, Gordon W. (1997). Seanchas Annie Bhán / The Lore of Annie Bhán. Alan Harrison agus Máiri Elena Crook a chuir in eagar agus a d'aistrigh. Baile Átha Cliath: The Seanchas Annie Bhán Publication Committee. ISBN 1898473846.
- ↑ "MAC GRIANNA, Seán Bán (1905–1979)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2026-09-27.