Jump to content

Úsáideoir:Raptoreon/Fear Leamhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I mbéaloideas de chuid Mheiriceá, is créatúr daonnóideach é an Fear Leamhain a chonacthas, de réir tuairiscí, thart ar Point Pleasant, West Virginia, ón 15 Samhain, 1966, go dtí an 15 Nollaig, 1967. D'ainneoin a hainm, déanann na bunradharcanna cur síos ar chréatúr le gnéithe éanúla. Tuaraiscíodh don chéad uair sa nuachtáin Point Pleasant Register, dar dáta 16 Samhain, 1966, agus dar teideal "Feiceann Lánúineacha Éan... Creatúr... Rud éigin chomh mór le fear". [1] Níorbh fhada gur thóg an preas náisiúnta aird ar na tuairiscí agus bhí baint mhór acu leis an scéal a scaipeadh go forleathan ar fud na Stáit Aontaithe. Creidtear gur tháinig an finscéal chun cinn mar gheall ar radharcanna corra nó grúis Cheanadaigh a bhí ar a n-imirce bhliantúil. [2] [3]

Thug Gray Barker an créatúr isteach ar phobal níos leithne sa bhliain 1970, [4] agus i ndiaidh sin chuir John Keel é chun cinn ina leabhar The Mothman Prophecies sa bhliain 1975, [5] agus é ag maíomh go raibh imeachtaí osnádúrtha bainte leis na radharcanna, agus go raibh nasc ann le titim an Droichid Airgid . Rinneadh scannán den leabhar in 2002 le Richard Gere sa phríomhról. [6]

Bíonn féile bhliantúil i bPoint Pleasant dírithe go hiomlán ar fhinscéal an Fhir Leamhain. [7]

  1. Couples See Man-Sized Bird...Creature...Something”. Point Pleasant Register. WestVA.Net, Mark Turner (November 16, 1966). Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 11, 2007. Dáta rochtana: January 27, 2012.
  2. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}."". Gettysburg Times.
  3. Palma (November 25, 2016). “Mothman About Town”. Snopes.com. Snopes. Dáta rochtana: January 18, 2017.
  4. Gray Barker, The Silver Bridge (Saucerian Books, 1970). Reprinted in 2008 entitled The Silver Bridge: The Classic Mothman Tale (BookSurge Publishing). ISBN 1-4392-0427-6
  5. Keel, John A. The Mothman Prophecies (2002). ISBN 0-7653-4197-2 (Originally published in 1975 by Saturday Review Press)
  6. Meehan, Paul (2009). Cinema of the Psychic Realm: A Critical Survey, p. 130. McFarland & Company, Inc. ISBN 978-0-7864-3966-9
  7. Mothman Festival”. mothmanfestival.com. Dáta rochtana: May 30, 2024.