Jump to content

Úsáideoir:Omey NicArdail/Clár Dubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seo Stewart ag imirt leis an New York Liberty.

Breanna Stewart

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurbh í an t-imreoir cispheile choláiste is fearr riamh, is é Stewie (a leasainm) buaiteoir NCAA 4-uaire agus 4 huaire an t-imreoir is suntasaí de chomórtas NCAA - an chéad lúthchleasaí d'aon inscne chun an éacht sin a bhaint amach. I 2016 bhí stewie mar an rogha uimhir 1 don Seattle Storm. Ba é an ball ab óige de scuad na Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhuaigh bonn óir i Rio. Tá sí ina buaiteoir 3-uaire bonn óir sna cluichí oilimpeacha, 3-uair buaiteoir wnba agus 4-uair uile-réalt WNBA.[1]

Roinnt Da Eachtanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • 2x WNBA Laoch na hImeartha (2018, 2023)
  • 3x Buaiteoir WNBA (2018, 2020, 2024)
  • WNBA LNI (Laoch na hImeartha) sa Cluiche Ceannais (2018, 2020)
  • WNBA Commissioner’s Cup LNI (2021)
  • An Ceann Scorála sa WNBA (2022)
  • AP WNBA Imreoir na Bliana (2022)
  • An Chéad Foireann Uile-WNBA (2018, 2020, 2021, 2022, 2023, 2024)
  • An Dara Foireann Uile-WNBA (2016)
  • An Foireann Cosaint Uile-WNBA (2016, 2021, 2022)
  • WNBA Uile-Réalt (2017, 2018, 2021, 2022, 2023, 2024)
  • WNBA Rookie den Bhliain (2016)
  • WNBA An Chéad Foireann All-Rookie (2016)
  • Rogha uimhir 1 sa Téigh don WNBA i 2016 (Seattle)
  • An Imreoir WNBA is Gaiste chun 1,000 pointí/500 aisphreabadh (55 games) and 3,000 pointí/1,000 aisphreabadh (125 games)
  • Bonn Óir sna Cluichí Oilimpeacha (2016, 2020, 2024)
  • FIBA Bonn Óir sna Craobh Domhanda (2014, 2018, 2022)
  • Ceann de 10 n-imreoirí gníomhacha atá ainmnithe mar ‘W25’: Na 25 imreoir is fearr, oilte agus is siamsúla i stair na sraithe de chuid WNBA[2]
  • Sports Illustrated Imreoir Spóirt na Bliana (2020)

Taobh Amuigh Den Chúirt

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as North Syracuse, Nua Eabhrac, do Breanna Stewart. Is iad Heather agus Brian Stewart a tuismitheoirí agus tá deartháir níos óige aici darb ainm Conner.  

Thosaigh Breanna Stewart ag imirt cispheile dáiríre san ochtú grád. Roimhe sin, leanfadh sí a hathair chuig AN YMCA sa chathair nuair a bheadh sé ag imirt, agus deireann si gur eisean a thug an suim sa spoirt di.[3]  

In aiste "The Players' Tribune" in 2017, dúirt Stewart go poiblí gur fhulaing sí de mí-úsáid ghnéis ó aois 9 go 11, ó a huncail.[4]

Saol Pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Breanna Stewart pósta go MARTA Xargay, iar-imreoir cispheile gairmiúil agus a bhuaigh bonn airgid Oilimpeach leis an Spáinn. Bhuail an bheirt le chéile agus iad ag imirt le chéile thar lear i Kursk, an Rúis, agus phós siad díreach roimh na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo. Chuir siad fáilte roimh a n-iníon, Ruby, díreach tar éis Chluichí Tóiceo agus a mac, Theo, i mí Dheireadh Fómhair 2023.[5]

Suimeanna Gnó

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2016, shínigh Breanna tacaíocht ceiliúráin ilbhliana le Nike.[6]

In 2021, shínigh Stewie le PUMA i mbeart ceannródaíoch a rinne sí an mnoladh coisbheart agus éadaí is airde pá sa WNBA, fuair sí a bróg aitheanta féin (láinseáil an Stewie 1 i Meán Fómhair 2022), agus tá sé ag réiteach an bhealaigh don chéad ghlúin eile de réaltaí.[7]

I mí Iúil 2023, d'fhógair Breanna Stewart agus Napheesa Collier go raibh siad ag tosnú sraith cispheile nua, darbh ainm Unrivaled. Bheidh sé ar siúl ó Eanáir go Márta agus é mar aidhm acu rogha eile a thabhairt d'imreoirí WNBA, seachas a bheith ag imirt thar lear le linn na sraithe. Thosaigh sé i Mí Éanair 2025, i Miami, Florida.[8]

  1. "Official Website of Breanna Stewart – Official Website of Breanna Stewart" (en-US). Dáta rochtana: 2025-01-30.
  2. "Breanna Stewart Stats, Height, Weight, Position, Draft Status and More | WNBA". www.wnba.com. Dáta rochtana: 2025-01-30.
  3. "Breanna Stewart bio: Age, height, hometown, family, fun facts, medals, records, results, highlights, stats | NBC Olympics" (en). www.nbcolympics.com. Dáta rochtana: 2025-01-30.
  4. "Me Too | By Breanna Stewart" (en-US). The Players' Tribune (2017-10-30). Dáta rochtana: 2025-01-30.
  5. "Breanna Stewart bio: Age, height, hometown, family, fun facts, medals, records, results, highlights, stats | NBC Olympics" (en). www.nbcolympics.com. Dáta rochtana: 2025-01-30.
  6. Ben Burrows | bburrows@syracuse.com (2016-04-20). "Breanna Stewart signs multi-year endorsement deal with Nike" (en). syracuse. Dáta rochtana: 2025-01-30.
  7. "Official Website of Breanna Stewart – Official Website of Breanna Stewart" (en-US). Dáta rochtana: 2025-01-30.
  8. Daniel Connolly (2023-07-07). "Breanna Stewart and Napheesa Collier are starting a women’s basketball league" (en). The UConn Blog. Dáta rochtana: 2025-01-30.