Úsáideoir:MALA2009/Gandhi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceannaire tábhachtach polaitiúil agus spioradálta ar an India agus ar ghluaiseacht neamhspleáchais na hIndia ba ea Mohandas Karamchand Gandhi (cabhair•eolas) (Gúisearáitis: મોહનદાસ કરમચંદ ગાંધી, AFI: [moɦən̪d̪äs kəɾəmʧən̪d̪ gän̪d̪ʱi]) (2 Deireadh Fómhair 1869 – 30 Eanáir 1948). Ceannródaí ba ea é ar satyagraha – diúltú don tíorántacht trí oll-easumhlaíocht shibhialta atá bunaithe ar ahimsa (neamhfhoréigean iomlán) – gluaiseacht a chuir an India ar bhealach an neamhspleáchais agus a spreag gluaiseachtaí ceart sibhialta agus saoirse ar fud an domhain. Is fearr aithne air timpeall an domhain le Mahatma Gandhi (Sanscrait: महात्मा mahātmā nó “Anam Mór”, teideal ómóis a ghair Rabindranath Tagore de ar dtús) agus san India le Bapu (Gúisearáitis: બાપુ bāpu nó “Athair”). Tugtar onóir oifigiúil Athair an Náisiúin do Gandhi san India; comórtar a bhreithlá, 2 Deireadh Fómhair, le Gandhi Jayanti san India, saoire náisiúnta, agus ar fud an domhain le Lá Idirnáisiúnta an Neamhfhoréigin.

Bhain Gandhi úsáid as easumhlaíocht shibhialta neamhfhoréigneach ar dtús agus é ina dhlíodóir easaoránach san Afraic Theas, tráth dá raibh an pobal Indiach a bhí ina gcónaí ann ag lorg cearta sibhialta. Nuair a d’fhill sé ar an India i 1915, chuaigh sé i gceann tuathánaigh, feirmeoirí agus oibrithe uirbeacha a eagrú le cur in aghaidh cáin iomarcach talún agus leithcheala. Agus ceannaireacht Chomhar Náisiúnta na hIndia á glacadh aige i 1921, bhí Gandhi i gceannas ar fheachtais san India chun an bhochtaineacht a mhaolú, cearta na mban a leathnú, cairdeas creidimh agus eitneach a fhorbairt, deireadh a chur leis an aos seachanta, féintuilleamaí geilleagrach a mhéadú, agus, thar aon ní eile, Swaraj a bhaint amach – is é sin, neamhspleáchas na hIndia ó fhorlámhas eachtrach. Bhí cáil ar Gandhi as na hIndiaigh a stiúradh sa ghluaiseacht Neamh-chomhoibrithe sa bhliain 1922 agus as cur in aghaidh na cánach ar shalann a ghearr na Briotanaigh le Máirseáil Salainn Dandi 400 km (249 míle) sa bhliain 1930, agus as an ngluaiseacht chun na Briotanaigh a ruaigeadh as an India (Bharat Chhodo Andolan) sa bhliain 1942. Cuireadh i bpríosún é ar feadh cuid mhaith blianta, uaireanta éagsúla, san Afraic Theas agus san India araon.

Chleacht Gandhi an neamhfhoréigean agus an fhírinne, agus mhol sé do dhaoine eile déanamh amhlaidh. Mhair sé go simplí i bpobal cónaitheach féindóthain agus chaith sé an dhoti agus an seál traidisiúnta Indiach, a bhí fite le snáth a d’fhaoileáil sé féin ar charkha. D’ith sé bia simplí feoilséantach agus rinne sé troscaí fada chun é féin a íonghlanadh agus chun agóid shóisialta a dhéanamh.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gandhi agus é óg thart ar 1886.

Rugadh Mohandas Karamchand Gandhi in Porbander, baile cósta san áit a bhfuil an Ghúisearáit san India Thiar sa lá atá inniu ann, an 2 Deireadh Fómhair 1869. Ba chuid den phobal Hiondúch Modh é athair Gandhi, Karamchand Gandhi (1822 – 1885), agus ba é an diwan (Príomh-aire) ar stát eapainmneach Porbander – stát beag prionsúil i nGníomhaireacht Kathiawar na hIndia Briotanaí. B’as an bpobal Hiondúch Pranami Vaishnava í a mháthair, Putlibai, agus ba í an ceathrú bean chéile a bhí ag Karamchand. Fuair an triúr ban céile eile bás agus iad ag saolú clainne. Agus é ag fás aníos le máthair chráifeach agus le traidisiúin Jaineacha an réigiúin, bhí Mohandas óg sáite sna luath-thionchair ag a mbeadh ról tábhachtach ina shaol fásta; áirítear air sin trócaire do chréatúir mhothaitheacha, an feoilséanadh, troscadh ar mhaithe le féiníonghlanadh, agus caoinfhulaingt i dtaobh daoine le creidimh dhifriúla.

I mBealtaine na bliana 1883, phós Mohandas, a bhí trí bliana déag d’aois, Kasturbai Makhanji, a bhí ceithre bliana déag d’aois (tugadh “Kasturba” uirthi de ghnáth, agus “Ba” go grámhar). Cleamhnas páiste a bhí ann mar a bhí coitianta sa réigiún. Chaith an bhrídeach óg cuid mhaith ama i dteach a tuismitheoirí agus ní lena fear céile, áfach, mar ba ghnách sa réigiún chomh maith. Sa bhliain 1885 nuair a bhí Gandhi cúig bliana déag d’aois, rugadh an chéad leanbh don lánúin, ach níor mhair sé ach cúpla lá. Ní ba thúisce sa bhliain chéanna, cailleadh athair Gandhi, Karamchand Gandhi. Bhí ceathrar mac eile ag Mohandas agus Kasturbai: Harilal a rugadh i 1888; Manilal a rugadh i 1892; Ramdas a rugadh i 1897; agus Devdas a rugadh i 1900. Gnáthscoláire ó thaobh an léinn de ba ea Gandhi agus é ar an scoil mheánach in Porbander agus ar an ardscoil in Rajkot. Ní gan deacracht a d’éirigh leis pas a fháil ina scrúdú máithreánach le haghaidh Coláiste Samaldas in Bhavnagar, sa Ghúisearáit. Bhí sé míshona ann – ar bhealach mar theastaigh óna theaghlach go mbeadh sé ina abhcóide.

Gandhi agus a bhean chéile Kasturba (1902).

An 4 Meán Fómhair 1888, ní ba lú ná mí roimh a naoú breithlá dhéag, thaistil Gandhi go Londain, Sasana, chun staidéar a dhéanamh ar an dlí ag Coláiste na hOllscoile, Londain, agus chun oiliúint a fháil mar abhcóide. Agus é i Londain, príomhchathair na hImpireachta, bhí sé faoi thionchar móide a thug sé dá mháthair i bhfianaise Becharji, an manach Jaineach, agus é ar tí an India a fhágáil, chun teagaisc Hiondúcha maidir le staonadh ón bhfeoil, ón alcól agus ón ilchumasc a chomhall. Cé gur bhain Gandhi triail as gnásanna “Sasanacha” a chleachtadh – bhí ceachtanna damhsa aige mar shampla – chuir caoireoil agus cabáiste de chuid a mhná lóistín fonn múisce air. Thug sí eolas an bhealaigh dó chuig ceann de bheagán bialann fheoilséantach Londan. Seachas toil a mháthar a ghlacadh gan cheist, léigh sé faoin bhfeoilséanadh agus ghlac sé chuige é go hintleachtach. Bhí sé ina bhall den Chumann Feoilséanta, toghadh é ar an gcoiste feidhmiúcháin agus bhunaigh sé craobh áitiúil. Ba mhór agus ba luachmhar an taithí sin dó i dtaobh institiúidí a eagrú. Ba bhaill den Chumann Diasúnachta cuid de na feoilséantóirí ar bhuail sé leo. Bunaíodh an cumann i 1875 chun bráithreachas uilíoch a chur chun cinn, agus bhí sé tiomanta do staidéar a dhéanamh ar litríocht Bhúdaíoch agus Hiondúch. Mhol siad go léifeadh Gandhi an Bhagavad Gita. Ní raibh suim ar leith aige sa chreideamh roimhe sin, agus léigh sé saothair a bhain le Hiondúchas, Críostaíocht, Búdachas, Ioslam agus le creidimh eile. D’fhill sé ar an India tar éis don Teampall Istigh glaoch air chun barra Shasana agus na Breataine Bige, ach níor éirigh go rómhaith leis cleachtas dlí a bhunú in Mumbai. Ní ba dhéanaí, chuir sé iarratas isteach le haghaidh post páirtaimseartha mar mhúinteoir ardscoile agus diúltaíodh dó. Faoi dheireadh, d’fhill sé ar Rajkot agus thuill sé tuarastal measartha as achainíocha a dhréachtú le haghaidh dlíthithe. Bhí air an gnó sin a dhúnadh nuair a chuaigh sé in aghaidh oifigeach Briotanach. Ina dhírbheathaisnéis, tagraíonn sé don eachtra sin mar iarracht mhírathúil chun stocaireacht a dhéanamh ar son a dhearthár mhóir. Ba ar an gcúinse sin a ghlac sé le conradh bliana i 1893 ó chuideachta Indiach le dul ag obair in Natal san Afraic Theas, a bhí ina chuid d’Impireacht na Breataine an tráth sin.


Gluaiseacht ceart sibhialta san Afraic Theas (1893 – 1914)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gandhi san Afraic Theas (1895)


San Afraic Theas, bhí Gandhi i láthair an leithcheala a bhí dírithe ar na hIndiaigh. Ar dtús, caitheadh ó thraein é in Pietermaritzburg mar dhiúltaigh sé bogadh ó chóiste den chéad ghrád go cóiste den tríú grád agus ticéad bailí den chéad ghrád aige. Agus é ag taisteal ar aghaidh ar chóiste scítheanna, thug tiománaí léasadh dó mar dhiúltaigh sé taisteal ar chlár coise le go mbeadh spás saor ann do phaisinéir Eorpach. D’fhulaing sé tuilleadh cruatain ar an turas freisin, coisc ar chuid mhaith óstán san áireamh. Ceann eile dá leithéid chéanna imeachta ná gur ordaigh giúistís ar chúirt in Durban dó a thurban a bhaint – rud a dhiúltaigh Gandhi a dhéanamh. Chuir na heachtraí sin cor i gcinniúint Gandhi – rith sé leis cé chomh míchothrom agus a bhí an tsochaí chomhaimseartha agus ba é ba chúis lena ghníomhaíochas sóisialta ina dhiaidh sin. Nuair a chonaic sé an ciníochas, an claonadh agus an éagóir in aghaidh na nIndiach san Afraic Theas ina thaithí phearsanta, thosaigh Gandhi ag ceistiú stádas mhuintir a thíre in Impireacht na Breataine mar aon lena ról féin sa tsochaí.

D’fhan Gandhi san Afraic Theas ní b’fhaide ná mar a bhí beartaithe aige chun cabhrú leis na hIndiaigh dul in aghaidh bille a dhiúltódh a gceart chun vótála. Cé nár éirigh leo stop a chur leis an mbille, d’éirigh lena fheachtas aird a tharraingt ar chás na nIndiach san Afraic Theas. Bhunaigh sé an Chomhdháil Indiach Natalach sa bhliain 1894 agus leis an eagraíocht sin, mhúnlaigh sé pobal Indiach na hAfraice Theas ina fhórsa polaitiúil aonchineálach. In Eanáir na bliana 1897, tar éis dó filleadh ó chuairt ghearr ar an India, d’ionsaigh cóip daoine geala é agus rinne siad iarracht é a linseáil. Agus é ag léiriú na luachanna pearsanta a mhúnlódh a chuid feachtas ina dhiaidh sin, níor chúisigh sé aon bhall den chóip ag rá gur cheann dá chuid prionsabal é gan cúiteamh a lorg i gcúirt dlí as éagóir phearsanta a rinneadh air.

Sa bhliain 1906, d’fhógair rialtas Transvaal Acht nua a d’éiligh go gclárófaí daonra Indiach na coilíneachta. Ghlac Gandhi chuige modheolaíocht an satyagraha (tiomantas don fhírinne), nó an agóid neamhfhoréigneach, a bhí fós i mbun forbartha, ag ollchruinniú agóide a reáchtáladh in Johannesburg an 11 Meán Fómhair den bhliain sin, agus d’iarr sé ar a chomhthírigh dúshlán a thabhairt don dlí nua agus glacadh leis na pionóis a ghabh leis sin, seachas dúshlán a thabhairt ar bhealach foréigneach. Glacadh leis an bplean sin agus bhí coimhlint seacht mbliana ann mar thoradh air. Cuireadh na mílte Indiach i bpríosún (Gandhi ina measc), tugadh léasadh dóibh nó scaoileadh urchar leo fiú as dul ar stailc, clárúchán a dhiúltú, a chuid cártaí clárúcháin a dhó nó as dúshlán a thabhairt ar bhealaí eile neamhfhoréigneacha. Cé gur éirigh leis an rialtas agóideoirí Indiacha a chur faoi chois, chuir an clampar poiblí a bhí ann mar thoradh ar na modhanna éagothroma a d’úsáid rialtas na hAfraice Theas i gcoinne na hagóideoirí síochánta Indiacha iallach ar an nGinearál Jan Christiaan Smuts de chuid na hAfraice Theas comhréiteach a dhéanamh le Gandhi. Múnlaíodh smaointe Gandhi agus forbraíodh coincheap satyagraha le linn na coimhlinte sin.


Ról Chogadh an tSúlú den bhliain 1906[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1906, tar éis do na Briotanaigh cáin nua cheann a thabhairt isteach, mharaigh Súlúnna san Afraic Theas beirt oifigeach Briotanach. Mar fhreagra air sin, d’fhógair na Briotanaigh cogadh in aghaidh na Súlúnna. Rinne Gandhi iarracht na Briotanaigh a spreagadh chun Indiaigh a earcú. D’áitigh sé go mba chóir d’Indiaigh tacú leis an gcogadh ionas go mbeidís in ann a lánsaoránacht a dhlisteanú. Dhiúltaigh na Briotanaigh, áfach, Indiaigh a choimisiúnú mar oifigigh airm. D’ainneoin sin, ghlac siad le tairiscint Gandhi ligean do dhíorma Indiach obair dheonach a dhéanamh mar chór sínteánaithe chun cóireáil a chur ar shaighdiúirí Briotanacha a bhí gortaithe. Bhí Gandhi i gceannas ar an gcór sin. Scríobh Gandhi in Indian Opinion an 21 Iúil 1906: “The corps had been formed at the instance of the Natal Government by way of experiment, in connection with the operations against the Natives consists of twenty three Indians”. Ghríosaigh Gandhi muintir Indiach na hAfraice Theas chun dul leis an gcogadh lena ailt in Indian Opinion: “If the Government only realized what reserve force is being wasted, they would make use of it and give Indians the opportunity of a thorough training for actual warfare.”

Dar le Gandhi, chiallaigh Dréacht-Reacht na bliana 1906 go raibh stádas ní ba ísle ag na hIndiaigh ná mar a bhí ag na Dúchasaigh. Mar sin, ghríosaigh sé na hIndiaigh chun an Reacht a fhriotú trí satyagraha agus trí shampla na gCaifearach a leanúint. Dar leis, “Even the half-castes and kaffirs, who are less advanced than we, have resisted the government. The pass law applies to them as well, but they do not take out passes.”

Scríobh Gandhi faoin eachtra i 1927: “The Boer War had not brought home to me the horrors of war with anything like the vividness that the Zulu ‘rebellion’ did. This was no war but a man-hunt, not only in my opinion, but also in that of many Englishmen with whom I had occasion to talk.”

Coimhlint le haghaidh Neamhspleáchas na hIndia (1916 – 1945)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Gluaiseacht Neamhspleáchais na hIndia D’fhill Gandhi chun cónaithe san India ón Afraic Theas sa bhliain 1915. Labhair sé ag coinbhinsiúin Chomhdháil Náisiúnta na hIndia, ach go príomha ba é Gopal Krishna Gokhale, ceannaire urramach de chuid Pháirtí na Comhdhála ag an am, a chuir saincheisteanna, polaitíocht agus muintir na hIndia in iúl do Gandhi.

Champaran agus Kheda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gandhi sa bhliain 1918, in aimsir satyagraha Kheda agus Champaran.

Tharla céad-mhóréachtaí Gandhi sa bhliain 1918 le corraíl Champaran agus satyagraha Kheda, ach ba phlúirín agus barra eile margaidh a bhí i gceist in Kheda seachas na barra bia a bhí ag teastáil uathu chun maireachtála. Agus iad faoi chois ag mílístí na dtiarnaí talún (Briotanaigh den chuid ba mhó), tugadh cúiteamh gágach dóibh agus bhí siad sáite i bhfíorbhochtaineacht dá bharr. Bhí na sráidbhailte fíorshalach agus míshláinteach; agus bhí an t-alcólachas, an t-aos seachanta agus purdah go forleathan iontu. Agus iad i gceartlár gorta uafásach, ghearr na Briotanaigh cáin agus sheas siad ar í a mhéadú. Ba mhillteanach an cás é. B’amhlaidh a bhí an fhadhb in Kheda sa Ghúisearáit. Bhunaigh Gandhi ashram ann agus d’eagraigh sé scórtha dá sheantacadóirí mar aon le deonaigh nua ón réigiún. D’eagraigh sé staidéar agus suirbhé mionsonraithe ar na sráidbhailte, a rinne cur síos ar na hainghníomhartha agus ar na heachtraí uafásacha fulaingthe – an ghnáthstaid mheata mhaireachtála san áireamh. Thuill sé muinín mhuintir na sráidbhailte agus, faoina stiúir, tosaíodh ag glanadh na sráidbhailte, ag tógáil scoileanna agus ospidéal agus ag spreagadh cheannaireacht na sráidbhailte chun cuid mhaith oilc shóisialta, a léirítear thuas, a leigheas agus a cháineadh.

Imríodh an príomhthionchar aige, áfach, nuair a ghabh na póilíní é, chuir siad ina leith gur chruthaigh sé anbhuain agus d’ordaigh siad dó an cúige a fhágáil. Chruinnigh na céadta míle duine lasmuigh den phríosún, de stáisiúin na bpóilíní agus de chúirteanna ag déanamh agóide agus ag éileamh go scaoilfear saor é, rud a rinne an chúirt go drogallach. Threoraigh Gandhi agóidí agus stailceanna eagraithe i gcoinne na dtiarnaí talún. Shínigh siad comhaontas, faoi stiúir Rialtas na Breataine, a thug tuilleadh cúitimh, mar aon le tuilleadh smachta ar an bhfeirmeoireacht, d’fheirmeoirí bochta an réigiúin. Cheallaigh an comhaontas arduithe cánach agus bailiú na cánach go dtí go mbeadh deireadh leis an ngorta. Ba le linn na corraíola sin a thug na daoine Bapu (Athair) agus Mahatma (Anam Mór) ar Gandhi. In Kheda, b’ionadaí é Sardar Patel do na feirmeoirí le linn idirbheartaíochta leis na Briotanaigh, a chuir bailiú na cánach ar fionraí agus a scaoil na príosúnaigh ar fad saor. Mar thoradh air sin, scaip cáil Gandhi ar fud na tíre.

Neamh-chomhoibriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Gandhi leas as neamh-chomhoibriú, as neamhfhoréigean agus as frithbheart síochánta mar ‘uirlisí troda’ sa choimhlint in aghaidh na mBriotanach. Sa Phuinseaib, chuaigh sléacht saoránach ag trúpaí Briotanacha in Jallianwala Bagh (ar a dtugtar Sléacht Amritsar freisin) i gcion go mór ar an tír, agus chuaigh fearg an phobail agus gníomhartha foréigneacha i méid dá bharr. Cháin Gandhi gníomhartha Ardcheannas na Breataine chomh maith le foréigean díoltasach na nIndiach. B’údar an réitigh é Gandhi agus chásaigh sé le híobartaigh shaoránacha na Breataine agus cháin sé na círéibeacha. Chuir an páirtí ina éadan ar dtús, ach glacadh leis tar éis óráid mhaoithneach Gandhi a mhol a phrionsabail maidir le holc agus le héagóir gach cineál foréigin. Tar éis an tsléachta agus an fhoréigin a bhí ann mar thoradh air, áfach, dhírigh aigne Gandhi ar fhéinrialtas iomlán agus ar smacht ar gach institiúid rialtais na hIndia a bhaint amach, a forbraíodh sula i bhfad mar Swaraj nó lán-neamhspleáchas aonair, spioradálta agus polaitiúil.

Sabarmati Ashram, baile Gandhi sa Ghúisearáit.

I Nollaig na bliana 1921, bronnadh údarás feidhmeannach ar Gandhi ar son Chomhdháil Náisiúnta na hIndia. Faoina cheannaireacht, atheagraíodh an Chomhdháil le bunreacht nua agus Swaraj mar aidhm aige. Osclaíodh ballraíocht an pháirtí d’aon duine a bhí sásta táille chomharthach a íoc. Bunaíodh ordlathas coistí chun feabhas a chur ar smacht, agus d’athraigh sin an páirtí ó eagraíocht éilíte go páirtí náisiúnta ollmhealltachta. Leathnaigh Gandhi a bhunús neamhfhoréigin chun beartas swadeshi a áireamh – is é sin baghcat a imirt ar earraí eachtracha, go háirithe earraí Briotanacha. Bhí baint ag a mholadh maidir le khadi (éadach a sníomhadh sa bhaile) leis sin – go mba chóir go gcaithfeadh gach Indiach é seachas teicstílí déanta sa Bhreatain. Ghríosaigh Gandhi fir agus mná na hIndia, idir shaibhir agus bhocht, chun am a chaitheamh gach lá ag sníomh khadi mar thacaíocht don ghluaiseacht neamhspleáchais. Ba straitéis é sin chun an smacht agus an tiomantas a fhorbairt agus chun fáil réidh leis na daoine drogallacha agus uaillmhianacha, agus chun áit a thabhairt do mhná sa ghluaiseacht ag am ar creideadh nár ghníomhartha cuí do mhná iad a leithéid. Mar aon le hearraí na Breataine a bhaghcatáil, spreag Gandhi na daoine chun institiúidí oideachais agus cúirteanna dlí na Breataine a bhaghcatáil, chun éirí as fostaíocht rialtais agus chun teidil agus onóracha Briotanacha a thréigean.

Ba mhór an mhealltacht agus an rath a bhain le “neamh-chomhoibriú” agus chuir sé go mór le scleondar agus le rannpháirtíocht gach aicme de shochaí na hIndia. Díreach agus an ghluaiseacht ag teacht chun buaice, áfach, tháinig deireadh tobann léi de bharr troid fhoréigneach in Chauri Chaura, Uttar Pradesh, i bhFeabhra na bliana 1922. Agus eagla air go raibh an ghluaiseacht ag dul i dtreo an fhoréigin, agus é cinnte go millfeadh sin a chuid oibre ar fad, d’fhógair Gandhi deireadh an fheachtais de mhór-easumhlaíocht shibhialta. Gabhadh Gandhi an 10 Márta 1922, triaileadh é ar chúis cheannairce, agus daoradh é chun sé bliana a chaitheamh i bpríosún. Scaoileadh saor é i bhFeabhra na bliana 1924 le haghaidh obráid aipindicítis, gan curtha isteach aige ach dhá bhliain.

In éagmais phearsantacht táthaithe Gandhi, scoilteadh Comhdháil Náisiúnta na hIndia agus é i bpríosún agus scaradh é ina dhá dhrong – ceann acu faoi cheannas Chitta Ranjan Das agus Motilal Nehru a thaobhaigh le rannpháirtíocht páirtí sna reachtais, agus an ceann eile faoi cheannas Chakravarti Rajagopalachari agus Sardar Vallabhbhai Patel a bhí i gcoinne an nóis sin. Thairis sin, bhí an comhoibriú idir Hiondúigh agus Moslamaigh, a bhí láidir ag buaic an fheachtais neamhfhoréigin, ag titim as a chéile. Rinne Gandhi roinnt iarrachtaí éagsúla na heasaontais sin a réiteach, lena n-áirítear troscadh trí seachtaine i bhfómhar na bliana 1924, ach níor éirigh go ró-iontach leis.

Swaraj agus Satyagraha an tSalainn (Máirseáil an tSalainn)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gandhi in Dandi, an 5 Aibreán 1930, ag deireadh Mháirseáil an tSalainn.

D’fhan Gandhi amach ó pholaitíocht ghníomhach agus, mar sin, as aird an phobail, ar feadh fhormhór na bhfichidí chun tús áite a thabhairt do réiteach na deighilte idir an Páirtí Swaraj agus Comhdháil Náisiúnta na hIndia, agus chun tionscnaimh in aghaidh aos seachanta, an alcólachais, an aineolais agus na bochtaineachta a fhorbairt. Bhí sé ar ais os comhair an phobail i 1928. An bhliain roimhe sin, cheap rialtas na Breataine coimisiún nua leasaithe bunreachta faoi stiúir Sir John Simon agus ní raibh Indiach ar bith ina bhall de. Rinne páirtithe polaitiúla na hIndia baghcat ar an gcoimisiún mar thoradh air sin. Chuir Gandhi rún ar aghaidh ag Comhdháil Chalcúta i mí na Nollag 1928, a d’éiligh go mbronnfadh rialtas na Breataine stádas tiarnais ar an India nó go mbeadh orthu dul i ngleic le feachtas nua neamh-chomhoibrithe le neamhspleáchas iomlán na tíre mar aidhm aige. Ní hamháin gur mhaolaigh Gandhi dearcaidh ógfhear cosúil le Subhas Chandra Bose agus Jawaharlal Nehru a bhí ag iarraidh neamhspleáchas láithreach a éileamh, ach laghdaigh sé a éileamh féin go sprioc bliana seachas sprioc dhá bhliain. Níor fhreagair na Briotanaigh. An 31 Nollaig 1929, scaoileadh bratach na hIndia in Lahore. Chomóir Comhdháil Náisiúnta na hIndia, agus iad ag teacht le chéile in Lahore, an 26 Eanáir 1930 mar Lá Saoirse na hIndia. Chomóir beagnach gach eagraíocht eile Indiach an lá sin freisin. Sheol Gandhi satyagraha nua i gcoinne na cánach ar shalann i Márta na bliana 1930, agus thug Máirseáil cháiliúil an tSalainn chuig Dandi ón 12 Márta go 6 Aibreán suntas dó, ag máirseáil 400 km (248 míle) ó Ahmedabad chuig Dandi sa Ghúisearáit le go ndéanfadh sé salann é féin. Shiúil na mílte Indiach in éineacht leis ar an máirseáil sin chun na farraige. Bhí an feachtas sin i measc na bhfeachtas ba rathúla maidir le smacht na Breataine ar an India a laghdú; chuir an Bhreatain breis agus 60,000 duine i bpríosún mar thoradh air. Chinn an rialtas, le Lord Edward Irwin mar ionadaí acu, dul i mbun idirbheartaíochta le Gandhi. Síníodh Comhaontú Gandhi-Irwin i mí Márta 1931. D’aontaigh Rialtas na Breataine go scaoilfidís gach príosúnach polaitiúil saor dá gcuirfí an ghluaiseacht easumhlaíochta sibhialta ar fionraí. Mar thoradh ar an gcomhaontú, tugadh cuireadh do Gandhi chuig Comhchomhairle i Londain chun ionadaíocht aonair a dhéanamh do Chomhdháil Náisiúnta na hIndia. Bhí díomá ar Gandhi agus ar na náisiúnaithe leis an gcomhdháil, toisc gur leag sí béim ar phrionsaí agus ar mhionlaigh na hIndia seachas ar an aistriú cumhachta. Ina theannta sin, chuir comharba Lord Irwin, Lord Willingdon, tús le feachtas nua smachta i dtaobh ghluaiseacht na náisiúnaithe. Gabhadh Gandhi arís eile, agus rinne an rialtas iarracht é a scoitheadh óna thacadóirí agus a thionchar a neamhniú dá bharr. Níor éirigh leis an mbeart sin áfach. Sa bhliain 1932, mar thoradh ar fheachtas an cheannaire Dalit B. R. Ambedkar, bhronn an rialtas stádas toghthóirí ar leith ar an aos seachanta faoin mbunreacht nua. Mar agóid, chuaigh Gandhi ar throscadh ar feadh sé lá i mí Mheán Fómhair 1932, agus d’éirigh leis brú a chur ar an rialtas glacadh le réiteach ní ba chothroime tríd idirbheartaíocht, leis an iarchruicéadaí Dalit, Palwankar Baloo, a bhí ina cheannaire polaitiúil an tráth sin, ag déanamh eadrána. Chuir sin tús le feachtas nua Gandhi chun saol an aosa seachanta a fheabhsú, ar ar thug sé Harijana – leanaí Dé. An 8 Bealtaine 1933, thosaigh Gandhi troscadh féin-íonghlanta a mhair 21 lá chun cabhrú le gluaiseacht Harijana. Níor ghlac an pobal Dalit ar fad leis an bhfeachtas nua sin, áfach, mar cháin an ceannaire cáiliúil, B. R. Ambedkar, téarma Gandhi – Harijan – mar cheap sé nach raibh muintir Dalit aibí go sóisialta agus go raibh ról atharthaíoch ag Indiaigh na sainaicme faoi phribhléid. Cheap Ambedkar agus a chomhghuaillithe go raibh Gandhi ag baint an bhoinn ó chearta polaitíochta mhuintir Dalit freisin. D’áitigh Gandhi go raibh sé in ann labhairt ar son mhuintir Dalit, d’ainneoin gur rugadh é do shainaicme Vaishya agus go raibh gníomhaígh Dalit ann cheana féin ar nós Ambedkar.

Rinneadh trí iarracht é a mharú i samhradh na bliana 1934 ach níor éirigh leo.

Mahadev Desai (ar clé) agus é ag léamh litreach chuig Gandhi ó fhear ionad an rí ag Teach Birla, Bombay, 7 Aibreán 1939.

Nuair a bheartaigh Páirtí na Comhdhála go rachaidís san iomaíocht i dtoghcháin agus go nglacfaidís le cumhacht faoi scéim na Cónaidhme, chinn Gandhi ar éirí as ballraíocht an pháirtí. Níor easaontaigh sé le beart an pháirtí, ach cheap sé dá n-éireodh sé as, go gcuirfí stop le plúchadh bhallraíocht an pháirtí de bharr an mhórmheasa a bhí air i measc na nIndiach – i measc na mball sin bhí cumannaigh, sóisialaithe, ceardchumannaithe, mic léinn, coimeádaigh reiligiúnacha, agus iad siúd a bhí i bhfabhar an ghnó – agus go mbeadh deis ag na baill éagsúla sin iad féin a chur in iúl. Ní raibh Gandhi ag iarraidh go ndíreofaí bolscaireacht Ardcheannais air ach oiread, de bharr páirtí a stiúradh a ghlac réiteach polaitiúil leis an Ardcheannas ar feadh tamaill.

Bhí Gandhi chun tosaigh arís i 1936 agus uachtaránacht Nehru agus seisiún Lucknow na Comhdhála aige. Cé gur theastaigh ó Gandhi an bhéim ar fad a leagan ar neamhspleáchas a bhaint amach, agus ní ar thuairimíocht maidir le todhchaí na hIndia, níor chuir sé srian ar an gComhdháil glacadh leis an sóisialachas mar sprioc. Bhí easaontas ann idir Gandhi agus Subhas Bose, a toghadh ina uachtarán sa bhliain 1938. Na príomhrudaí a chuir as do Gandhi faoi Bose ná a easpa tiomantais don daonlathas agus a easpa creidimh sa neamhfhoréigean. Bhuaigh Bose a dhara téarma d’ainneoin cáineadh Gandhi, ach d’fhág sé an Chomhdháil tar éis do cheannairí Uile-India go léir éirí as mar agóid faoin gcaoi ar thréig sé na prionsabail a thug Gandhi isteach.

An Dara Cogadh Domhanda agus Quit India (Bharat Chhodo Andolan)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhris an Dara Cogadh Domhanda amach i 1939 nuair a rinne an Ghearmáin Naitsíoch ionradh ar an bPolainn. Ar dtús, bhí Gandhi i bhfabhar “tacaíocht mhorálta neamhfhoréigneach” a thairiscint do na Briotanaigh, ach ghoill sé ar cheannairí eile Comhdhála gur áiríodh an India go haontaobhach sa chogadh gan dul i dteagmháil le hionadaithe na ndaoine. Chinn na feisirí go léir éirí as oifig le chéile. Tar éis dó dianmhachnamh a dhéanamh ar an ábhar, d’fhógair Gandhi nach bhféadfadh baint a bheith ag an India le cogadh a bhí ar son na saoirse daonlathaí mar dhea, nuair a diúltaíodh an tsaoirse chéanna don India féin. Chuaigh éileamh Gandhi ar neamhspleáchas i ndéine de réir mar a chuaigh an cogadh ar aghaidh, agus dhréachtaigh sé rún a d’éiligh ar na Briotanaigh an India a fhágáil. Ba é sin an cheannairc ba shuntasaí de chuid Gandhi agus Pháirtí na Comhdhála ar aidhm léi ruaigeadh na mBriotanach ón India a chinntiú.

Rinneadh baill áirithe de pháirtí na Comhdhála agus de ghrúpaí polaitiúla eile na hIndia, iad siúd a bhí ar son na Breataine agus iad siúd a bhí in aghaidh na Breataine araon, Gandhi a cháineadh. Cheap daoine áirithe go raibh mímhoráltacht i gceist le dul in aghaidh na Breataine ina coimhlint bheatha nó bháis i gcoinne olcas an Naitsíochais, agus cheap daoine eile nár leor frithbheart Gandhi. Ba é Quit India an ghluaiseacht ba chumhachtaí i stair na coimhlinte, agus bhí leibhéal na ngabhálacha agus an fhoréigin gan fasach. Maraíodh nó gortaíodh na mílte trodaí na saoirse de bharr scaoilte gunnaí póilíní, agus gabhadh na céadta míle díobh. Léirigh Gandhi agus a lucht tacaíochta nach dtacóidís leis an gcogadh mura mbronnfaí neamhspleáchas láithreach ar an India. Shoiléirigh sé fiú nach gcuirfí stop leis an ngluaiseacht an uair sin dá dtarlódh gníomhartha aonair foréigin; dúirt sé go raibh an ainrialtacht ordúil a bhí thart timpeall air ní ba mheasa ná an fhíor-ainrialtacht. D’éiligh sé ar lucht na Comhdhála agus ar na hIndiaigh ar fad smacht a choimeád trí ahimsa, agus Karo Ya Maro (“Déan nó Éag”) ar mhaithe leis an neamhspleáchas deiridh.


Lámhscríbhneoireacht Gandhi, ar nóta a caomhnaíodh ag Sabarmati Ashram.

Ghabh na Briotanaigh Gandhi agus Coiste Oibre na Comhdhála ar fad in Bombay an 9 Lúnasa 1942. Coinníodh Gandhi ar feadh dhá bhliain ag Pálás Aga Khan in Pune. Le linn dó a bheith ann, d’fhulaing Gandhi dhá eachtra thaismeacha ina shaol pearsanta. D’éag a rúnaí Mahadev Desai, a bhí 50 bliain d’aois, le taom croí tar éis do Gandhi a bheith i bpríosún ar feadh sé lá, agus fuair a bhean chéile Kasturba bás bliain go leith ina dhiaidh sin an 22 Feabhra 1944; bhí drochruaig maláire ar Gandhi sé seachtaine ina dhiaidh sin. Scaoileadh saor é roimh dheireadh an chogaidh an 6 Bealtaine 1944 toisc an tsláinte a bheith ag ceiliúradh air agus obráid a bheith de dhíth air; níor theastaigh ón Ardcheannas go bhfaigheadh sé bás sa phríosún agus go mbeadh cuthach ar an tír dá bharr. Cé gur éirigh go measartha leis an ngluaiseacht Quit India maidir lena cuspóir, cuireadh an ghluaiseacht faoi chois gan trua gan taise agus bhí ord san India faoi dheireadh na bliana 1943. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, thug na Briotanaigh le tuiscint go n-aistreofaí an chumhacht go muintir na hIndia. D’fhógair Gandhi deireadh na coimhlinte ansin, agus scaoileadh saor thart ar 100,000 príosúnach polaitiúil, ceannaireacht na Comhdhála san áireamh.

Saoirse agus críochdheighilt na hIndia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol Gandhi don Chomhdháil an méid a thairg Misean Comh-Aireachta na Breataine i 1946 a dhiúltú, mar bhí sé in amhras faoin ngrúpáil a moladh do na stáit le tromlach Moslamach – shíl Gandhi gur réamhtheachtaí críochdheighilte é. Bhí sé sin ar cheann den bheagán eachtraí a bhris an Chomhdháil ó chomhairle Gandhi (ach ní óna cheannaireacht), áfach, mar thuig Nehru agus Patel go mbeadh smacht an rialtais ag Conradh na Moslamach murar fhaomh siad an plean. Idir 1946 agus 1948, maraíodh breis agus 5,000 duine go foréigneach. Bhí Gandhi glan i gcoinne aon phlean a dheighlfeadh an India ina dhá thír ar leith. Bhí tromlach millteanach na Moslamach a bhí ina gcónaí san India – ur le hur le Hiondúigh agus le Saícigh – i bhfabhar na Críochdheighilte. Chomh maith leis sin, thuill Muhammad Ali Jinnah, ceannaire Chumann na Moslamach, tacaíocht fhorleathan sa Phuinseaib Thiar, i gCúige Theorainn an Iarthuaiscirt agus i mBeangál Thoir. D’fhaomh ceannaireacht na Comhdhála plean na críochdheighilte toisc gurbh é sin an t-aon chaoi chun cogadh cathartha ollmhór Hiondúch-Moslamach a sheachaint. Bhí a fhios ag ceannairí na Comhdhála go mbeadh Gandhi glan i gcoinne na críochdheighilte, agus ní raibh an Chomhdháil in ann dul ar aghaidh gan aontú Gandhi, ós rud é go raibh an méid sin tacaíochta dó sa pháirtí agus ar fud na hIndia. Ghlac na comhghleacaithe ba dhlúithe a bhí ag Gandhi leis an gcríochdheighilt mar an rogha ab fhearr a bhí acu, agus rinne Sardar Patel iarracht cur ina luí ar Gandhi gurbh é an t-aon bhealach chun cogadh cathartha a sheachaint. Bhí Gandhi trína chéile ach d’fhaomh sé é ar aon nós.

Chuaigh sé i mbun agallamh fairsing le ceannairí Moslamacha agus Hiondúcha pobail, ar mhaithe le díochracht a mhaolú san India thuaidh, agus i mBeangál freisin. D’ainneoin Chogadh Ind-Phacastáineach na bliana 1947, chuir sé as dó nuair a chinn an Rialtas gan an Rs. 55 crore (550 milliún Rúipí na hIndia), a bhí ag dul don Phacastáin mar chuid d’aontuithe Chomhairle na Críochdheighilte, a thabhairt dóibh. Bhí eagla ar cheannairí cosúil le Sardar Patel go n-úsáidfeadh an Phacastáin an t-airgead le híoc as an gcogadh in aghaidh na hIndia. Chuir sé as go mór do Gandhi freisin nuair a tháinig éilimh chun cinn in athuair go ndíbreofaí na Moslamaigh go léir go dtí an Phacastáin, agus nuair a chuir ceannairí Moslamacha agus Hiondúcha a bhfrustrachas agus a n-easpa tuisceana ar a chéile in iúl. Chuir sé tús leis an troscadh deiridh chun báis dá chuid i nDeilí a raibh deireadh iomlán le foréigean pobail mar sprioc aige, mar aon le híocaíocht de Rs. 55 crore a dhéanamh don Phacastáin. Bhí eagla ar Gandhi go gcuirfeadh an éagobhsaíocht agus an neamhdhaingne sa Phacastáin lena fearg i leith na hIndia, agus go leathnódh an foréigean amach thar na teorainneacha. Bhí eagla air freisin go n-athnuafadh na Hiondúigh agus na Moslamaigh an naimhdeas eatarthu agus go gcuirfeadh sin tús le cogadh cathartha oscailte. Tar éis díospóireachtaí maoithneacha lena chomhghleacaithe fad saoil, ní athródh Gandhi a intinn, agus chealaigh an Rialtas a bheartas agus tugadh an t-airgead don Phacastáin Dhearbhaigh ceannairí pobail Hiondúcha, Moslamacha agus Saíceacha, lena n-áirítear Rashtriya Swayamsevak Sangh agus Hindu Mahasabha, go ndiúltóidís don fhoréigean agus go n-éileoidís an tsíocháin. Chuir Gandhi deireadh lena throscadh mar sin agus é ag ól sú oráiste ina shúimíní.

Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Raj Ghat: Luaithreach Gandhi ag Pálás Aga Khan (Pune, an India).

An 30 Eanáir 1948, scaoileadh urchar le Gandhi agus maraíodh é le linn dá shiúlóid phoiblí a dhéanadh sé gach oíche ar thailte an Birla Bhavan (Teach Birla) i nDeilí Nua. Ba radacach Hiondúch é an feallmharfóir, Nathuram Godse, agus bhí baint aige leis an Mahasabha antoisceach Hiondúch, a chuir an milleán ar Gandhi as an India a fhannú lena sheasamh go ndéanfaí an íocaíocht don Phacastáin. Triaileadh agus ciontaíodh Godse agus a chomhchealgaire Narayan Apte ina dhiaidh sin; cuireadh chun báis iad an 15 Samhain 1949. Ar dhealbh chuimhneachán (nó Samādhi) Gandhi ag Rāj Ghāt, Deilí Nua, tá an t-eipeagraf “Hē Ram”, (Déiveanágraí: हे ! राम nó, He Rām), ar féidir a aistriú mar “Ó a Dhia”. Creidtear go forleathan gurbh iad sin focail deiridh Gandhi tar éis don urchar a bheith scaoilte leis, cé go bhfuil fírinne an ráitis sin díospóidte. Labhair Jawaharlal Nehru leis an tír ar an raidió:

“Friends and comrades, the light has gone out of our lives, and there is darkness everywhere, and I do not quite know what to tell you or how to say it. Our beloved leader, Bapu as we called him, the father of the nation, is no more. Perhaps I am wrong to say that; nevertheless, we will not see him again, as we have seen him for these many years, we will not run to him for advice or seek solace from him, and that is a terrible blow, not only for me, but for millions and millions in this country.”

Doirteadh luaithreach Gandhi i síothla agus scaipeadh é ar fud na hIndia le haghaidh seirbhísí cuimhneacháin. Tumadh an chuid ba mhó díobh sa Sangam in Allahabad an 12 Feabhra 1948, ach cuireadh cuid díobh i bhfolach go rúnda. Sa bhliain 1997, thum Tushar Gandhi an méid a bhí i síothal amháin, a fritheadh i mboghta bainc agus a fuarthas ar ais trí na cúirteanna, sa Sangam in Allahabad. Thum an teaghlach an méid a bhí i síothal eile in Girgaum Chowpatty an 30 Eanáir 2008, tar éis d’fhear gnó in Dubai é a sheoladh chuig iarsmalann in Mumbai. Tá síothal eile i bpálás Aga Khan in Pune (áit a raibh Gandhi i ngéibheann ó 1942 go 1944) agus tá ceann eile i Scrín Locha de chuid an Self-Realization Fellowship in Los Angeles. Is eol don teaghlach gurbh fhéidir mí-úsáid a bhaint as an luaithreach cumhdaithe le haghaidh cuspóirí polaitiúla, ach ní theastaíonn uathu é a aistriú mar bhrisfeadh sin na scrínte.

Prionsabail Gandhi[cuir in eagar | athraigh foinse]

An fhírinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thiomnaigh Gandhi a shaol don mhórchuspóir an fhírinne a aimsiú, nó Satya. Rinne sé iarracht é sin a bhaint amach trí fhoghlaim óna bhotúin féin agus trí thástálacha a dhéanamh air féin. Thug sé The Story of My Experiments with Truth ar a dhírbheathaisnéis.

Dúirt Gandhi gurbh é an cath ba thábhachtaí le troid ná do chuid deamhan, miteachas agus amhrais féin a shárú. Rinne Gandhi achoimre ar na creidimh a bhí aige ar dtús nuair a dúirt sé “Is é Dia an Fhírinne”. D’athraigh sé an ráiteas ina dhiaidh sin go “Is í an Fhírinne Dia”. I bhfealsúnacht Gandhi mar sin, is é Satya (an Fhírinne) “Dia”.


An neamhfhoréigean[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nárbh é Mahatama Gandhi bunaitheoir phrionsabal an neamhfhoréigin bán ná riabhach, ba é an chéad duine a chuir i bhfeidhm é ar mhórscála sa saol polaitiúil. Téann coincheap an neamhfhoréigin (ahimsa) agus na neamhfhrithbheartaíochta i bhfad siar i stair smaointe reiligiúnacha na hIndia agus tagann sé aníos go minic i gcomhthéacsanna Hiondúcha, Búdacha, Jaineacha, Giúdacha agus Críostaí. Míníonn Gandhi an fhealsúnacht a bhí aige agus a mhodh maireachtála ina dhírbheathaisnéis The Story of My Experiments with Truth. Dúirt sé:

“When I despair, I remember that all through history the way of truth and love has always won. There have been tyrants and murderers and for a time they seem invincible, but in the end, they always fall – think of it, always.”

“What difference does it make to the dead, the orphans, and the homeless, whether the mad destruction is wrought under the name of totalitarianism or the holy name of liberty and democracy?”

“An eye for an eye makes the whole world blind.”

“There are many causes that I am prepared to die for but no causes that I am prepared to kill for.”

Agus na prionsabail sin á gcur i bhfeidhm aige, ní raibh doicheall ar Gandhi dígeann loighciúil na bprionsabal sin a bhaint amach. Shamhlaigh sé domhan ina mbeadh rialtas, póilíní agus airm fiú neamhfhoréigneach. Tagann an t-athfhriotal thíos ón leabhar For Pacifists.

The science of war leads one to dictatorship, pure and simple. The science of non-violence alone can lead one to pure democracy... Power based on love is thousand times more effective and permanent than power derived from fear of punishment.... It is a blasphemy to say non-violence can be practiced only by individuals and never by nations which are composed of individuals... The nearest approach to purest anarchy would be a democracy based on non-violence... A society organized and run on the basis of complete non-violence would be the purest anarchy.

I have conceded that even in a non-violent state a police force may be necessary... Police ranks will be composed of believers in non-violence. The people will instinctively render them every help and through mutual cooperation they will easily deal with the ever decreasing disturbances... Violent quarrels between labor and capital and strikes will be few and far between in a non-violent state because the influence of the non-violent majority will be great as to respect the principle elements in society. Similarly, there will be no room for communal disturbances....

A non-violent army acts unlike armed men, as well in times of peace as in times of disturbances. Theirs will be the duty of bringing warring communities together, carrying peace propaganda, engaging in activities that would bring and keep them in touch with every single person in their parish or division. Such an army should be ready to cope with any emergency, and in order to still the frenzy of mobs should risk their lives in numbers sufficient for that purpose. ...Satyagraha (truth-force) brigades can be organized in every village and every block of buildings in the cities. [If the non-violent society is attacked from without] there are two ways open to non-violence. To yield possession, but non-cooperate with the aggressor... prefer death to submission. The second way would be non-violent resistance by the people who have been trained in the non-violent way... The unexpected spectacle of endless rows upon rows of men and women simply dying rather than surrender to the will of an aggressor must ultimately melt him and his soldiery... A nation or group which has made non-violence its final policy cannot be subjected to slavery even by the atom bomb.... The level of non-violence in that nation, if that even happily comes to pass, will naturally have risen so high as to command universal respect.

De réir na dtuairimí sin, sa bhliain 1940 nuair a bhí an chuma ar an scéal go ndéanfadh an Ghearmáin Naitsíoch ionradh ar an mBreatain Mhór, thug Gandhi an chomhairle seo a leanas do mhuintir na Breataine (Non-Violence in Peace and War):

“I would like you to lay down the arms you have as being useless for saving you or humanity. You will invite Herr Hitler and Signor Mussolini to take what they want of the countries you call your possessions... If these gentlemen choose to occupy your homes, you will vacate them. If they do not give you free passage out, you will allow yourselves, man, woman, and child, to be slaughtered, but you will refuse to owe allegiance to them.”

In agallamh a rinne sé i ndiaidh an chogaidh i 1946, bhí sé ní ba dhiongbháilte fós ina thuairim:

“The Jews should have offered themselves to the butcher’s knife. They should have thrown themselves into the sea from cliffs.”

Thuig Gandhi, áfach, gur theastaigh creideamh agus crógacht dhochreidte don leibhéal sin neamhfhoréigin, agus thuig sé nach raibh na buanna sin ag cách. Mhol sé, mar sin, nár chóir do gach duine cloí leis an neamhfhoréigean, go háirithe dá mba chlúdach é don mhílaochas:

“Gandhi guarded against attracting to his satyagraha movement those who feared to take up arms or felt themselves incapable of resistance. ‘I do believe,’ he wrote, ‘that where there is only a choice between cowardice and violence, I would advise violence.’”

“At every meeting I repeated the warning that unless they felt that in non-violence they had come into possession of a force infinitely superior to the one they had and in the use of which they were adept, they should have nothing to do with non-violence and resume the arms they possessed before. It must never be said of the Khudai Khidmatgars that once so brave, they had become or been made cowards under Badshah Khan’s influence. Their bravery consisted not in being good marksmen but in defying death and being ever ready to bare their breasts to the bullets.”

Feoilséanadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí Gandhi ina leanbh óg, bhain sé triail as feoil a ithe. Bhain sé sin i bpáirt leis an bhfiosracht a bhí aige ó nádúr, mar aon lena chomhpháirtí agus a chara Sheikh Mehtab, duine a bhí áititheach go maith. Tá dlúthbhaint ag an bhfeoilséanadh i dtraidisiúin Hiondúch agus Jaineach in India, agus ina thír dúchais, an Ghúisearáit, bhí formhór na Hiondúch ina bhfeoilséantóirí. Is feoilséantóirí iad gach Jaineach ann chomh maith. Níorbh eisceacht iad teaghlach Gandhi. Sular fhág sé le dul i mbun a chuid léinn i Londain, gheall Gandhi dá mháthair, Putlibai, agus dá uncail, Becharji Swami, go ndéanfadh sé troscadh ar fheoil, go staonfadh sé ón alcól agus nach mbeadh aon bhaint aige le hilchumasc. Níor shéan sé a ghealltanas agus bhí ní ba mhó dá bharr aige ná aiste bia: fuair sé bunús do na fealsúnachtaí a d’fhan leis ar feadh a shaoil. De réir mar a chuaigh Gandhi in aois, bhí sé ina fheoilshéantóir dian faoin am go raibh sé ina dhuine fásta. Scríobh sé an leabhar The Moral Basis of Vegetarianism agus scríobh sé go leor alt ar an ábhar chomh maith. Foilsíodh cuid díobh san fhoilseachán de chuid Chumann Feoilséanta Londan, The Vegetarian. Le linn na tréimhse sin, chuaigh go leor fáithe móra i bhfeidhm ar Gandhi óg agus bhí cathaoirleach Chumann Feoilséanta Londan, an Dr Josiah Oldfield, mar chara aige.

Bhí saothar Henry Stephens Salt léite aige agus bhí an-mheas aige air. Bhuail Mohandas óg leis an bhfeachtasóir feoilséanta agus ba mhinic a scríobh siad chun a chéile. Chaith Gandhi mórán ama ag tacú le feoilséanadh le linn a chuid ama i Londain agus ina dhiaidh. Dar le Gandhi, ní hamháin go sásódh aiste bia feoilséantach riachtanais an choirp, bheadh cuspóir geilleagrach ag baint léi chomh maith mar de ghnáth bhí an fheoil ní ba chostasaí ná gráin, glasraí agus torthaí, agus tá go fóill. Chomh maith leis sin, bhí go leor Indiach ag sracadh le hísealioncam, agus mar sin féachadh ar an bhfeoilséanadh ní hamháin mar chleachtadh spioradálta ach mar chleachtadh praiticiúil freisin. Staon sé ó ithe ar feadh tréimhsí fada, agus bhain sé úsáid as an troscadh mar chineál agóide polaitiúla. Dhiúltaigh sé ithe go dtí go saothrófraí a bhás nó a ábhar éilimh. Scríobh sé ina dhírbheathaisnéis go raibh an feoilséanadh mar thús a thiomantais mhóir do Brahmacharya; gan smacht iomlán ar an gcarball, seans go dteipfeadh ar a rath in Brahmacharya.

Níor ith Gandhi ach torthaí ar feadh tamaill ach thosaigh sé ag ól bainne gabhair ar comhairle a dhochtúra. Níor thóg sé riamh táirgí déiríochta a tháinig ó bha mar bhí an tuairim aige nach raibh bainne mar chuid d’aiste bia nádúrtha an duine. Níor ghlac sé iad ach oiread toisc gur chuir an próiseas de shéideadh bó déistin air agus, go háirithe, mar gheall ar an ngealltanas a thug sé dá mháthair nach raibh ar an saol a thuilleadh.

Brahmacharya[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí Gandhi sé bliana déag d’aois d’éirigh a athair an-bhreoite. Bhí sé an-dílis dá thuismitheoirí agus, mar sin, thug sé aire dá athair an t-am ar fad le linn a bhreoiteachta. Ach oíche amháin tháinig uncail Gandhi chun é a scaoileadh ón dualgas ar feadh tamaill. Chuaigh sé go dtí a sheomra codlata, tháinig teasmhianta collaí air agus rinne sé suirí lena bhean chéile. Go gairid ina dhiaidh sin tháing giolla chun a rá go raibh athair Gandhi díreach tar éis bás a fháil. Tháinig mothú ollmhór ciontachta ar Gandhi agus ní raibh sé riamh in ann é a mhaitheamh dó féin. Ghlaoigh sé “náire dhúbailte” ar an eachtra sin. Bhí tionchar suntasach ag an eachtra sin ar Gandhi agus é ag iompú aontumhach nuair a bhí sé 36 bliain d’aois agus fós pósta.

Bhí tionchar mór ag fealsúnacht Brahmacharya ar an gcinneadh sin. Geanmnaíocht spioradálta agus phraiticiúil a bhí i gceist, a raibh baint mhór aici le haontumha agus le haiséiteachas. D’fhéach Gandhi ar Brahmacharya mar mhodh chun bheith gar do Dhia agus mar phríomhbhunús d’fhéintuiscint. Scríobh sé ina dhírbheathaisnéis faoin streachailt in aghaidh ragús collaí agus in aghaidh na dtaomanna éada lena bhrídeach óna óige, Kasturba. Cheap sé go raibh comaoin phearsanta air fanacht aontumhach sa tslí is go bhféadfadh sé foghlaim conas grá a thabhairt seachas santú. An tuiscint a bhí ag Gandhi ar Brahmacharya ná smacht a choinneáil ar na céadfaí, i machnamh, i bhfocal agus i ngníomh.

Tástálacha le Brahmacharya[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtreo dheireadh a shaoil, bhí a fhios ag an saol go raibh Gandhi ag roinnt a leapa le mná óga ar feadh na mblianta. Mhínigh sé go ndearna sé sin chun an corp a choinneáil te istoíche agus thug sé “leigheas nádúir” ar a ghníomhartha. Ní ba dhéanaí ina shaol thosaigh sé ag baint trialach as Brahmacharya d’fhonn a fhéinsmacht a thástáil. I litir a scríobh sé chuig Birla i mí Aibreáin 1945, rinne sé tagairt do mhná nó do chailíní a bhí lomnocht leis, rud a thugann le fios go raibh an iomad ban mar chuid dá thástálacha. Bhí cúrsaí gnéis mar an t-ábhar cainte ba mhó ag Gandhi taobh amuigh den ahimsa (an neamhfhoréigean) agus rinne sé ní ba mhó cainte fós ar an ábhar ina bhlianta deireanacha. Chaith sé cúig eagarfhocal iomlána in Harijan ag plé an chleachtais de Brahmacharya.

Mar chuid de na tástálacha sin, ar dtús chodail sé lena bhanpháirtithe sa seomra céanna ach i bhfad uathu. Ina dhiaidh sin thosaigh sé ag luí sa leaba chéanna lena bhandeisceabail agus idir sin is tráthas thosaigh sé ag codladh lomnocht taobh leo. Dar le Gandhi chiallaigh aontumha ghníomhach féinsmacht foirfe i láthair duine den ghnéas eile. Rinne Gandhi a thástálacha le líon ban mar Abha, bean chéile a gharnia, Kanu Gandhi, bean a bhí sé bliana déag d’aois. D’admhaigh Gandhi go raibh an tástáil sin an-chontúirteach ar fad ach cheap sé go bhféadfadh torthaí iontacha teacht aisti. Bhí a gharneacht Manu Gandhi, a bhí naoi mbliana déag d’aois, mar chuid dá thástálacha chomh maith. Roimhe sin, scríobh Gandhi chuig a hathair, Jaisukhlal Gandhi, gur thosaigh Manu ag roinnt a leapa ionas go bhféadfadh sé a staidiúir chodlata a cheartú. Ba é tuairim Gandhi go gcabhródh an tástáil de chodladh lomnocht le Manu in Noakhali agus é ag machnamh ar aontacht Hiondúch-Moslamach san India roimh dheighilt agus go maolfadh sí teannas pobail. Bhreathnaigh Gandhi air féin mar mháthair do na mná sin agus thabharfadh sé a “mhaidí siúil” ar Abha agus ar Manu.Thug Gandhi a “bhean chéile spioradálta” ar Sarladevi, bean phósta le páistí agus leanúnaí cráifeach. Dúirt sé ina dhiaidh sin gur bheag nach raibh caidreamh collaí aige léi. D’inis sé do chomhfhreagraí i mí an Mhárta 1945 gur thosaigh an caidreamh collaí nuair a chuaigh sé le bramhacharya nó fiú roimhe sin; dúirt sé go ndearna sé tástáil lena bhean chéile ach nár leor sin. Bhí Gandhi sásta lena chuid tástálacha agus scríobh sé chuig Manu gur éirigh leis an t-aon mhóid déag a ghlac sé a chleachtadh. Dúirt sé gurbh é sin buaic na streachailte de na sé bliana is tríocha roimhe sin. Bhí sé ag streachailt ar son na fírinne idéalaí agus ar son íonachta agus dúirt sé go bhfuair sé spléachadh ar an dá ní sin sa yajna sin.

Bhí ar Gandhi lochtú a ghlacadh as a chuid tástálacha ó mhórán dá lucht leanúna agus dá lucht freasúra. D’éirigh a luathscríobhaí, R. P. Parasuram, as a phost nuair a chonaic sé Gandhi ina chodladh lomnocht le Manu. Dhearbhaigh Gandhi nár tháinig mian riamh air nuair a chodail sé lena taobh, ná le Sushila ná le hAbha. Dúirt Gandhi le Parasuram go raibh brón air agus gur thug sé cead dó é a fhágáil an lá sin. D’fhág Nirmal Kumar Bose, dlúthchomhpháirtí eile de chuid Gandhi, i mí Aibreáin 1947 tar éis turas Gandhi ar Noakhali. Bhí iomarbhá de chineál éigin idir Gandhi agus Sushila Nayar ina sheomra codlata ag meánoíche agus thug Gandhi boiseog dó ina chlár éadain. Dúirt Bose nach raibh a fhios acu fós go díreach céard a bhí i gceist lena chuid tástálacha in Bramhacharya agus nach raibh aon rud ráite fúthu.

D’fhan N. K. Bose gar do Gandhi le linn a thurais ar Noakhali agus dhearbhaigh seisean nach raibh aon mhímhoráltacht i gceist le Gandhi. Thairis sin, rinne Gandhi iarracht an mothú gnéis a chur faoi chois trí iarracht a dhéanamh é féin a iompú ina mháthair dóibh siúd a bhí faoina chúram, idir fhir agus mhná. Deireadh Dattatreya Balkrishna Kalelkar, deisceabal Gandhi ón réabhlóid, go raibh caidrimh Gandhi le mná, ó thús go deireadh, chomh glan le bainne máthar.

An tSimplíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh Mahatma Gandhi in Union Square Park, Cathair Nua-Eabhrac Chreid Gandhi dáiríre gur cheart go mbeadh saol simplí ag duine a raibh baint acu le seirbhís shóisialta. Cheap sé go bhféadfadh Brahmacharya teacht as. Chuir sé tús leis an tsimplíocht trí nós maireachtála an iarthair a shéanadh, an cineál saoil a bhí aige san Afraic Theas. Thug sé “é féin a laghdú go nialas” air, rud a chiallaigh gur éirigh sé as caiteachas neamhriachtanach, go ndeachaigh sé le nós simplí maireachtála agus gur nigh sé a chuid éadaí féin. Uair amháin thug sé ar ais na bronntanais a thug na natalaigh dó as ucht a chuid seirbhíse dúthrachtaí don phobal.

Chaitheadh Gandhi lá amháin in aghaidh gach seachtaine ina thost. Chreid sé gur thug staonadh ón gcaint suaimhneas anama dó. Tháinig an tionchar sin ó na prionsabail Hiondúcha de mauna (Sanscrait:मौनं — ciúnas) agus de shanti (Sanscrait:शांति — síocháin). Ar laethanta mar sin rinne sé cumarsáid le daoine eile trí scríobh ar pháipéar. Ar feadh trí bliana go leith, ó bhí sé seacht mbliana is tríocha d’aois, dhiúltaigh Gandhi nuachtáin a léamh. Dar leis, mhearaigh staid racánach chúrsaí an domhain é ní ba mhó ná a anbhuain inmheánach féin.

Tar éis dó Unto This Last le John Ruskin a léamh, shocraigh sé ar a nós maireachtála a athrú agus bhunaigh sé común darbh ainm Phoenix Settlement.

Nuair a d’fhill sé ar an India ón Afraic Theas, áit a d’éirigh go maith lena chleachtas dlí, d’éirigh sé as éadaí an Iarthair a chaitheamh, éadaí a chomhcheangail sé le saibhreas agus le rath. Ghléas sé chun go nglacfadh an duine ba bhoichte san India leis, ag tacú le húsáid éadaigh a sníomhadh sa bhaile (khadi). Ghlac Gandhi agus a lucht leanúna leis an gcleachtas a gcuid éadaí féin a fhí ó shnáth a shníomh siad féin, agus spreag siad daoine eile amhlaidh a dhéanamh. Nuair a bhí oibrithe Indiacha díomhaoin go minic mar gheall ar dhífhostaíocht, ba mhinic a cheannaigh siad a gcuid éadaí ó dhéantóirí tionsclaíocha ar le páirtithe leasmhara Briotanacha iad. Ba é tuairim Gandhi dá ndéanfadh na hIndiaigh a gcuid éadaí féin, go dtabharfadh sé sin buille geilleagrach do bhunaíocht na Breataine san India. Dá bharr sin, cuireadh an tuirne isteach i mbratach Chomhdháil Náisiúnta na hIndia ina dhiaidh sin. Uaidh sin amach, chaith sé dhoti don chuid eile dá shaol chun simplíocht a shaoil a chur in iúl.

Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Gandhi ar an saol ina Hiondúch agus chleachtaigh sé an Hiondúchas ar feadh a shaoil ar fad. Tháinig formhór a chuid prionsabal ón Hiondúchas. Agus é ina ghnáth-Hiondúch, chreid sé go raibh gach creideamh mar a chéile, agus dhiúltaigh sé gach iarracht a rinneadh chun é a iompú go creideamh eile. Ba dhiagaire díocasach é agus léigh sé mórán faoi na mórchreidimh go léir. Bhí an méid seo a leanas le rá aige faoin Hiondúchas:

“Hinduism as I know it entirely satisfies my soul, fills my whole being...When doubts haunt me, when disappointments stare me in the face, and when I see not one ray of light on the horizon, I turn to the Bhagavad Gita, and find a verse to comfort me; and I immediately begin to smile in the midst of overwhelming sorrow. My life has been full of tragedies and if they have not left any visible and indelible effect on me, I owe it to the teachings of the Bhagavad Gita.”

Gandhi Smriti (Is séadchomhartha anois é an teach ina raibh cónaí ag Gandhi sna ceithre mhí dheireanacha dá shaol, i nDeilí Nua).

Scríobh Gandhi tráchtaireacht ar an Bhagavad Gita i nGúisearáitis. Dۥaistrigh Mahadev Desai an lámhscríbhinn Ghúisearáitise go Béarla, agus chuir sé réamhrá breise agus tráchtaireacht léi. Foilsíodh í le Brollach ó Gandhi sa bhliain 1946.

Chreid Gandhi go raibh an fhírinne agus an grá (trócaire, neamhfhoréigean agus an Riail Óir) i gcroílár gach creidimh. Chuir sé amhras i bhfuarchrábhadh, i míchleachtais agus i ndogma i ngach creideamh agus ba cheartaitheoir sóisialta dothuirsithe é. Seo a leanas cuid dá thuairimí ar chreidimh éagsúla:

“Thus if I could not accept Christianity either as a perfect, or the greatest religion, neither was I then convinced of Hinduism being such. Hindu defects were pressingly visible to me. If untouchability could be a part of Hinduism, it could but be a rotten part or an excrescence. I could not understand the raison d’etre of a multitude of sects and castes. What was the meaning of saying that the Vedas were the inspired Word of God? If they were inspired, why not also the BibleTeideal an naisc and the Koran? As Christian friends were endeavouring to convert me, so were Muslim friends. Abdullah Seth had kept on inducing me to study Islam, and of course he had always something to say regarding its beauty.” (foinse: a dhírbheathaisnéis) “As soon as we lose the moral basis, we cease to be religious. There is no such thing as religion over-riding morality. Man, for instance, cannot be untruthful, cruel or incontinent and claim to have God on his side.” “The sayings of Muhammad are a treasure of wisdom, not only for Muslims but for all of mankind.” Ní ba dhéanaí ina shaol nuair a fiafraíodh de ar Hiondúch é, d’fhreagair sé

gur Hiondúch ba ea é, ach go raibh sé ina Chríostaí, ina Mhoslamach, ina Bhúdaí agus ina Ghiúdach chomh maith. In ainneoin a n-urramachta doimhne dá chéile, bhí díospóireachtaí fada idir Gandhi agus Rabindranath Tagore ní ba mhó ná uair amháin. Is sampla iad na díospóireachtaí sin de na difríochtaí fealsúnacha idir an bheirt Indiach ba cháiliúla ag an am. An 15 Eanáir 1934, bhí crith talún i mBiohár a rinne damáiste forleathan agus cailleadh mórán daoine. Cheap Gandhi gur tharla sé sin mar gheall ar an bpeaca a rinne na Hiondúigh uas-sainaicme gan ligean don aos seachanta dul isteach ina dteampaill (bhí Gandhi tiomanta don chúis, cinniúint an aosa seachanta a fheabhsú, ag tabhairt Harijana (mic Dé), muintir Krishna orthu). Bhí Tagore go dian i gcoinne sheasamh Gandhi. Dar leis ní thiocfadh crith talún ach ó fhórsaí nádúrtha amháin; ní tharlódh a leithéid mar gheall ar fháthanna morálta, is cuma cé chomh colach is a d’fhéadfadh cleachtas an aosa seachanta a bheith.

A Chuid Scríbhneoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gandhi's journals

Ba sríbhneoir rafar é Gandhi. Ar feadh fiche nó tríocha bliain bhí sé ina eagarthóir ar nuachtáin éagsúla. Ina measc bhí Harijan i nGúisearáitis, i Hiondúis agus i mBéarla; Indian Opinion nuair a bhí sé san Afraic Theas; Young India i mBéarla; agus Navajivan, páipéar míosúil Gúisearáitise, nuair a d’fhill sé ar an India. Ina dhiaidh sin foilsíodh Navajivan i Hiondúis chomh maith. Ina theannta sin, scríobh sé litreacha beagnach gach lá chuig daoine aonair agus chuig nuachtáin.

Scríobh Gandhi roinnt leabhar chomh maith, a dhírbheathaisnéis san áireamh: An Autobiography of My Experiments with Truth; Satyagraha in South Africa maidir lena streachailt ansin; Hind Swaraj or Indian Home Rule, paimfléad polaitiúil; agus athleagan i nGúisearáitis den aiste Unto This Last le John Ruskin. Is féidir féachaint ar an aiste dheireanach sin mar a chlár ar chúrsaí eacnamaíochta. Chomh maith leis sin, scríobh sé mórán ar an bhfeoilséanadh, aiste bia agus sláinte, cúrsaí creidimh, leasú sóisialta etc. Scríobh Gandhi i nGúisearáitis den chuid ba mhó, cé go ndearna sé athbhreithniú ar na haistriúcháin Hiondúise agus Bhéarla dá leabhair.

Sna 1960idí, d’fhoilsigh Rialtas na hIndia saothair iomlána Gandhi faoin ainm The Collected Works of Mahatma Gandhi. Tá thart ar 50,000 leathanach sna scríbhinní agus foilsíodh iad i dtuairim is céad imleabhar. Sa bhliain 2000, d’eascair conspóid as eagrán athbhreithnithe de na saothair iomlána, mar cheap lucht leanúna Gandhi gur chuir an rialtas na hathruithe isteach chun críocha polaitiúla. Rinne rialtas na hIndia an t-eagrán athbhreithnithe a tharraingt siar ina dhiaidh sin.

Leabhair Scríofa ar Gandhi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac go leor beathaisnéisithe mar chúram orthu féin cur síos a dhéanamh ar shaol Gandhi. Is cuid suntais iad dhá shaothar astu: Ceann a scríobh D. G. Tendulkar, Mahatma: Life of Mohandas Karamchand Gandhi, in ocht imleabhar, agus Mahatma Gandhi i ndeich imleabhar le Pyarelal agus Sushila Nayar. Scríobh an Coirnéal G. B. Singh ó Arm na Stát Aontaithe an leabhar Gandhi: Behind the Mask of Divinity. Sa leabhar, pléann G. B. Singh gur leathnaigh mórán den litríocht atá scríofa ar Gandhi ó dhírbheathaisnéisí Gandhi féin agus nach bhfuil mórán athbhreithnithe chriticiúil déanta ar fhocail ná ar ghníomhartha Gandhi. Ina thráchtas, atá bunaithe ar fhocail Gandhi féin, ar litreacha agus ar cholúin nuachtáin agus ar a ghníomhartha, pléann Singh go raibh col ciníoch ag Gandhi leis na hAfracaigh ghorma dhúchasacha agus, ina dhiaidh sin, leis na Briotanaigh gheala san India. I saothar a scríobh Singh leis an Dr Tim Watson ina dhiaidh sin, Gandhi Under Cross Examination (2008), pléann sé gur thug Gandhi féin cuntais éagsúla ar an eachtra cháiliúil traenach san Afraic Theas agus pléann na húdair nár tharla an eachtra sin faoi mar a cheaptar sa lá atá inniu ann.

A lucht leanúna agus tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

“ Christ gave us the goals and Mahatma Gandhi the tactics. ”

Martin Luther King Jr, 1955 

Bhí tionchar mór ag Gandhi ar cheannairí tábhachtacha agus ar ghluaiseachtaí polaitiúla. Bhain ceannairí na gluaiseachta um chearta sibhialta sna Stáit Aontaithe, Martin Luther King agus James Lawson san áireamh, go leor smaointe ó scríbhinní Gandhi agus iad ag forbairt a gcuid teoiricí féin ar an neamhfhoréigean. Chuaigh Gandhi i bhfeidhm go mór ar an ngníomhaíoch frithchinedheighilte agus iar-Uachtarán na hAfraice Theas, Nelson Mandela. I measc na ndaoine eile a raibh tionchar aige orthu bhí Khan Abdul Ghaffar Khan, Steve Biko agus Aung San Suu Kyi.

Bhí tionchar mór ag saol agus ag teagasc Gandhi ar mhórán daoine, a rinne tagairt dó mar a n-oide múinte, nó a chaith a saolta le smaointe Gandhi a scaipeadh. Ba é Romain Rolland an chéad duine san Eoraip a phléigh Gandhi ina leabhar a scríobh sé sa bhliain 1924, Mahatma Gandhi, agus scríobh an t-ainrialaí agus an feimineach Brasaíleach, Maria Lacerda de Moura, ar Gandhi ina saothar ar an síochánachas. Sa bhliain 1931, scríobh an fisiceoir iomráiteach Eorpach, Albert Einstein, agus Gandhi chun a chéile, agus nuair a bhí Einstein ag scríobh ina dhiaidh sin dúirt sé go mbeadh Gandhi ina eiseamláir do na glúine a thiocfadh ina dhiaidh. Chuaigh Lanza del Vesto go dtí an India sa bhliain 1936 agus bhí sé de rún aige cónaí le Gandhi. D’fhill sé ar an Eoraip ina dhiaidh sin chun fealsúnacht Gandhi a scaipeadh agus bhunaigh sé Pobal na hÁirce sa bhliain 1948 (múnlaithe de réir dhísirt Gandhi, ashram). Iníon de chuid aimiréil Bhriotanaigh ba ea Madeleine Slade (ar a dtugtar “Mirabehn”) agus chaith sí cuid mhaith dá saol fásta san India mar dhuine de mhóidíní Gandhi.

Lena chois sin, thagair an ceoltóir Briotanach, John Lennon, do Gandhi nuair a bhí sé ag plé a chuid tuairimí maidir leis an neamhfhoréigean. Ag Féile Idirnáisiúnta Fógraíochta Lions in Cannes sa bhliain 2007, labhair iar-LeasUachtarán na Stát Aontaithe agus an comhshaolaí, Al Gore, maidir leis an tionchar a bhí ag Gandhi air.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An dealbh chuimhneacháin céad bliain de Mahatma Gandhi i lár ghnócheantar Pietermaritzburg, an Afraic Theas.
Seasann Colún an Mhairtírigh ag an Gandhi Smriti i nDeilí Nua ar an láthair ar a ndearnadh Gandhi a fheallmharú.
Is cuimhneachán é Raj Ghat i nDeilí Nua san India, atá suite ar an láthair ar créamadh Gandhi sa bhliain 1948
Dealbh go Gandhi i Waikiki, Honolulu, O'ahu, Hawaii. Bealtaine 16, 2007.

Is lá saoire poiblí san India é breithlá Gandhi, an 2 Deireadh Fómhair. An 15 Meitheamh 2007, fógraíodh gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe d’aon ghuth le rún a d’fhógair an 2 Deireadh Fómhair mar Lá Idirnáisiúnta an Neamhfhoréigin.

Is ó na focail Sanscraite maha, a chiallaíonn Mór, agus atma, a chiallaíonn Anam, a thagann an focal Mahatma. Is minic a bhíonn mearbhall ar dhaoine san Iarthar, a cheapann gurbh é sin an t-ainm a tugadh ar Gandhi nuair a rugadh é. Dar le formhór na bhfoinsí, mar Dutta agus Rabindranath Tagore: An Anthology le Robinson, ba é Rabindranath Tagore a thug an teideal Mahatma do Gandhi ar dtús. Deir foinsí eile gurbh é Nautamlal Bhagavanji Mehta a thug an teideal sin dó, an 21 Eanáir 1915. Mar sin féin, míníonn Gandhi ina dhírbheathaisnéis nár mhothaigh sé riamh gur mhaith an díol air an onóir sin. Dar leis an manpatra, tugadh an t-ainm Mahatma mar fhreagra ar íobairt iontach Gandhi maidir le cóir agus fírinne a léiriú.

Thug an t-irisleabhar Time Fear na Bliana ar Gandhi sa bhliain 1930. Tháinig Gandhi sa dara háit i ndiaidh Albert Einstein mar “Phearsa an Chéid” ag deireadh na bliana 1999. D’ainmnigh an t-irisleabhar Time an Dalaí Láma, Lech Wałęsa, an Dr Martin Luther King, Jr, Cesar Chavez, Aung San Suu Kyi, Benigno Aquino, Jr, Desmond Tutu, agus Nelson Mandela mar Leanaí Gandhi agus a oidhrí spioradálta ar an neamhfhoréigean. Bronnann Rialtas na hIndia Duais bhliantúil Síochána Mahatma Gandhi ar dhaoine céimiúla atá ina n-oibrithe sóisialta, ina gceannairí domhanda agus ina saoránaigh. Is faighteoir suntasach neamh-Indiach é Nelson Mandela, an ceannaire ar streachailt na hAfraice Theas chun idirdhealú agus leithscaradh ciníoch a dhíothú.

Séadchomhartha Gandhi i Moscó Sa bhliain 1996, thug Rialtas na hIndia sraith Mahatma Gandhi de nótaí airgeadra isteach i rúipithe d’ainmníocht 5, 10, 20, 50, 100, 500 agus 1000. Sa lá atá inniu ann, tá portráid de Mahatma Gandhi ar gach nóta airgeadra atá i gcúrsaíocht san India. I 1969, d’eisigh an Ríocht Aontaithe sraith stampaí ag comóradh céad bliain Mahatma Gandhi.

Tá roinnt mhaith dealbh shuntasach de Gandhi sa Ríocht Aontaithe, an ceann is iomráití díobh i gCearnóg Tavistock i Londain, gar do Choláiste na hOllscoile, Londain, áit a ndearna sé staidéar ar an dlí. Déantar an 30 Eanáir a chomóradh sa Ríocht Aontaithe mar Lá Náisiúnta Cuimhneacháin Gandhi. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá dealbha de Gandhi taobh amuigh de Páirc Union Square i gCathair Nua-Eabhrac, agus ag Láthair Stairiúil Náisiúnta Martin Luther King Jr in Atlanta, agus ar Ascaill Massachusetts in Washington, D.C., gar d’Ambasáid na hIndia. Tá dealbh chuimhneacháin i gcathair Pietermaritzburg san Afraic Theas, áit ar caitheadh amach as traein den chéad ghrád é sa bhliain 1893. Tá dealbha céarach de Gandhi ag iarsmalanna céarach Madame Tussaud i Londain, i Nua-Eabhrac, agus i gcathracha eile ar fud an domhain.


Níor bhuaigh Gandhi riamh Duais Nobel na Síochána, cé gur ainmníodh é cúig huaire idir 1937 agus 1948. Ba eisean a fuair an chéad ainmniúchán riamh ón American Friends Service Committee. Fiche nó tríocha bliain ina dhiaidh sin, d’fhógair Coiste Nobel a aiféala faoin bhfaillí go poiblí agus d’admhaigh sé gurbh é deighilt mhór i dtuairimí náisiúnaíocha an fáth nár bronnadh an duais ar Gandhi. Bhí sé beartaithe go bhfaigheadh Mahatma Gandhi an Duais i 1948, ach níor tharla an bronnadh mar gheall ar a fheallmharú. Seans maith go raibh an cogadh a bhris amach idir an dá stát nuachruthaithe, an India agus an Phacastáin, ina chastacht bhreise an bhliain sin. Níor bronnadh an Duais sa bhliain 1948, an bhliain a fuair Gandhi bás, ar an mbunús nach raibh iarrthóir oiriúnach beo ann an bhliain sin, agus nuair a bronnadh an Duais ar an Dalaí Láma i 1989, dúirt an cathaoirleach go raibh sé, ar bhealach, in ómós do chuimhne Mahatma Gandhi.

Sa bhliain 1971, i nDeilí Nua, fuair Rialtas na hIndia seilbh ar an Birla Bhavan, nó Teach Birla, baile Ghanshyam Das Birla – an áit a ndearnadh Gandhi a fheallmharú an 30 Eanáir 1948 – agus osclaíodh don phobal é sa bhliain 1973 mar Gandhi Smriti nó Cuimhneachán Gandhi. Caomhnaíonn sé an seomra ina raibh cónaí ar Mahatma Gandhi don cheithre mhí dheireanacha dá shaol agus na tailte inar scaoileadh an urchar leis agus é ar a shiúlóid phoiblí oíche. Seasann Colún Máirtírigh ar an láthair ar a ndearnadh Mohandas Gandhi a fheallmharú.

An 30 Eanáir gach bliain, ar chomóradh lae bhás Mahatma Gandhi, bíonn Lá Scoile an Neamhfhoréigin agus na Síochána (DENIP, Dia Escolar de la No-violència i la Pau) i scoileanna i mórán tíortha. Bunaíodh an lá comórtha sin sa Spáinn i 1964. I dtíortha ina bhfuil féilire scoile an Leathsféir Theas, is féidir é a chomóradh an 30 Márta nó mar sin.

Barrshamhaileacha agus cáintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ionann ahimsa dian Gandhi agus an síochánachas, agus mar sin déantar é a cháineadh ar fud réimse na polaitíochta.

Coincheap na críochdheighilte[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth, bhí Gandhi i gcoinne choincheap na críochdheighilte toisc go ndeachaigh sé in aghaidh na físe a bhí aige maidir le haontacht reiligiúnach. Scríobh sé an méid seo a leanas mar gheall ar chríochdheighilt na hIndia chun an Phacastáin a bhunú, in Harijan, an 6 Deireadh Fómhair 1946:

[The demand for Pakistan] as put forth by the Moslem League is un-Islamic and I have not hesitated to call it sinful. Islam stands for unity and the brotherhood of mankind, not for disrupting the oneness of the human family. Therefore, those who want to divide India into possibly warring groups are enemies alike of India and Islam. They may cut me into pieces but they cannot make me subscribe to something which I consider to be wrong [...] we must not cease to aspire, in spite of [the] wild talk, to befriend all Moslems and hold them fast as prisoners of our love.

Ach faoi mar a scríobh Homer Jack maidir le comhfhreagras fada Gandhi le Jinnah mar gheall ar scéal na Pacastáine: “Although Gandhi was personally opposed to the partition of India, he proposed an agreement...which provided that the Congress and the Moslem League would cooperate to attain independence under a provisional government, after which the question of partition would be decided by a plebiscite in the districts having a Moslem majority.”

Rinne na Hiondúigh agus na Moslamaigh Gandhi a cháineadh mar gheall ar na désheasaimh sin ar ábhar chríochdheighilt na hIndia. Rinne Muhammad Ali Jinnah agus Pacastánaigh na linne sin Gandhi a cháineadh as an mbonn a bhaint ó chearta polaitiúla na Moslamach. Rinne Vinayak Damodar Savarkar agus a chomhghuaillithe Gandhi a cháineadh. Chuir siad ina leith go raibh ceansú polaitiúil na Moslamach ar bun aige agus go raibh sé ag ligean air féin nach bhfaca sé a gcuid ainghníomhartha i gcoinne na Hiondúch. Cháin siad é chomh maith as ligean do bhunú na Pacastáine (in ainneoin gur fhógair sé go poiblí go mbeadh orthu a chorp a ghearradh ina dhá leath sula ndéanfaí an India a chríochdheighilt). Tá an t-ábhar sin ina chnámh spairne pholaitiúil go fóill: dar le roinnt daoine, mar an staraí Pacastánach-Meiriceánach Ayesha Jalal, cuireadh dlús leis an gcíochdheighilt mar gheall ar an drogall a bhí ar Gandhi agus ar an gComhdháil an chumhacht a roinnt le Conradh na Moslamach; cháin daoine eile, mar an polaiteoir náisiúnaíoch Hiondúch, Pravin Togadia, ceannaireacht agus gníomhartha Gandhi ar an ábhar sin, ach léirigh siad gurbh í a mheatacht iomarcach ba chúis le deighilt na hIndia.

Chuir Gandhi a chol le críochdheighilt in iúl le linn na 1930idí déanacha mar fhreagairt ar ábhar chríochdheighilt na Palaistíne chun Iosrael a bhunú. Scríobh sé an méid seo a leanas in Harijan, an 26 Deireadh Fómhair 1938:

Several letters have been received by me asking me to declare my views about the Arab-Jew question in Palestine and persecution of the Jews in Germany. It is not without hesitation that I venture to offer my views on this very difficult question. My sympathies are all with the Jews. I have known them intimately in South Africa. Some of them became life-long companions. Through these friends I came to learn much of their age-long persecution. They have been the untouchables of Christianity [...] But my sympathy does not blind me to the requirements of justice. The cry for the national home for the Jews does not make much appeal to me. The sanction for it is sought in the Bible and the tenacity with which the Jews have hankered after return to Palestine. Why should they not, like other peoples of the earth, make that country their home where they are born and where they earn their livelihood? Palestine belongs to the Arabs in the same sense that England belongs to the English or France to the French. It is wrong and inhuman to impose the Jews on the Arabs. What is going on in Palestine today cannot be justified by any moral code of conduct.

Diúltú do fhrithbheartaíocht fhoréigneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh cáineadh polaitiúil ar Gandhi chomh maith as ucht an locht a fuair sé orthu siúd a rinne iarracht neamhspleáchas a bhaint amach ar bhealaí foréigneacha. Rinne páirtithe áirithe é a cháineadh toisc gur dhiúltaigh sé dul i mbun agóide i gcoinne chrochadh Bhagat Singh, Sukhdev, Udham Singh agus Rajguru.

Maidir leis an gcáineadh sin, dúirt Gandhi: “There was a time when people listened to me because I showed them how to give fight to the British without arms when they had no arms...but today I am told that my non-violence can be of no avail against the [Hindu–Moslem riots] and, therefore, people should arm themselves for self-defense.”

Lean sé leis an argóint sin i roinnt alt a athchlódh in The Gandhi Reader: A Sourcebook of His Life and Writings le Homer Jack. Sa chéad cheann, “Zionism and Anti-Semitism”, a scríobhadh sa bhliain 1938, thrácht Gandhi ar ghéarleanúint na nGiúdach sa Ghearmáin sna 1930idí laistigh de chomhthéacs Satyagraha. Thairg sé an neamhfhoréigean mar mhodh chun dul i ngleic leis na cruachásanna a bhí os comhair na nGiúdach sa Ghearmáin, á rá:

If I were a Jew and were born in Germany and earned my livelihood there, I would claim Germany as my home even as the tallest Gentile German might, and challenge him to shoot me or cast me in the dungeon; I would refuse to be expelled or to submit to discriminating treatment. And for doing this I should not wait for the fellow Jews to join me in civil resistance, but would have confidence that in the end the rest were bound to follow my example. If one Jew or all the Jews were to accept the prescription here offered, he or they cannot be worse off than now. And suffering voluntarily undergone will bring them an inner strength and joy...the calculated violence of Hitler may even result in a general massacre of the Jews by way of his first answer to the declaration of such hostilities. But if the Jewish mind could be prepared for voluntary suffering, even the massacre I have imagined could be turned into a day of thanksgiving and joy that Jehovah had wrought deliverance of the race even at the hands of the tyrant. For to the God-fearing, death has no terror.

Cáineadh Gandhi go mór as na ráitis sin agus dۥfhreagair sé san alt “Questions on the Jews” le “Friends have sent me two newspaper cuttings criticizing my appeal to the Jews. The two critics suggest that in presenting non-violence to the Jews as a remedy against the wrong done to them, I have suggested nothing new...what I have pleaded for is renunciation of violence of the heart and consequent active exercise of the force generated by the great renunciation.” D’fhreagair sé do na cáintí sin in “Reply to Jewish Friends” agus “Jews and Palestine” tríd an argóint seo a dhéanamh: “What I have pleaded for is renunciation of violence of the heart and consequent active exercise of the force generated by the great renunciation.”

Rinne go leor tráchtairí ráitis Gandhi a cháineadh maidir leis na Giúdaigh ag tabhairt aghaidhe ar an Uileloscadh a bhí ag bagairt. Scríobh Martin Buber – a bhí i gcoinne stát Giúdach é féin – litir oscailte chuig Gandhi á cháineadh go géar an 24 Feabhra 1939. Dhearbhaigh sé go raibh sé míchothrom comparáid a dhéanamh idir an bealach a chaith na Briotanaigh leis na hIndiaigh agus an bealach a chaith na Naitsithe leis na Giúdaigh; ina theannta sin, thug sé faoi deara nuair a bhí na hIndiaigh ina n-íospartaigh ghéarleanúna, gur thacaigh Gandhi le húsáid an fhoréigin anois agus arís.

Thrácht Gandhi ar ghéarleanúint na nGiúdach sa Ghearmáin sna 1930idí laistigh de chomhthéacs Satyagraha. San alt thuasluaite a scríobh sé i mí na Samhna 1938 maidir leis an ngéarleanúint a chuir na Naitsithe ar na Giúdaigh, mhol sé an neamhfhoréigean mar réiteach:

The German persecution of the Jews seems to have no parallel in history. The tyrants of old never went so mad as Hitler seems to have gone. And he is doing it with religious zeal. For he is propounding a new religion of exclusive and militant nationalism in the name of which any inhumanity becomes an act of humanity to be rewarded here and hereafter. The crime of an obviously mad but intrepid youth is being visited upon his whole race with unbelievable ferocity. If there ever could be a justifiable war in the name of and for humanity, a war against Germany, to prevent the wanton persecution of a whole race, would be completely justified. But I do not believe in any war. A discussion of the pros and cons of such a war is therefore outside my horizon or province. But if there can be no war against Germany, even for such a crime as is being committed against the Jews, surely there can be no alliance with Germany. How can there be alliance between a nation which claims to stand for justice and democracy and one which is the declared enemy of both?

Ailt luatha ón Afraic Theas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá conspóid ag baint le cuid de na hailt luatha a scríobh Gandhi san Afraic Theas. An 7 Márta 1908, scríobh Gandhi in Indian Opinion ar a chuid ama i bpríosún san Afraic Theas: “Kaffirs are as a rule uncivilised – the convicts even more so. They are troublesome, very dirty and live almost like animals.” Agus é ag scríobh ar an inimirce sa bhliain 1903, scríobh Gandhi: “We believe as much in the purity of race as we think they do... We believe also that the white race in South Africa should be the predominating race.” Le linn a chuid ama san Afraic Theas, théadh Gandhi i mbun agóide arís agus arís eile mar gheall ar aicmiú sóisialta na ndaoine gorma leis na hIndiaigh, a ndearna sé cur síos orthu mar “undoubtedly infinitely superior to the Kaffirs”. Is fiú tabhairt faoi deara go raibh brí dhifriúil ag baint leis an téarma Kaffir le linn thréimhse Gandhi ón tslí a úsáidtear é sa lá atá inniu ann. Is mar gheall ar a leithéid d’fhocail a cuireadh an ciníochas i leith Gandhi.

Rinne beirt ollúna le stair, a dhéanann sainstaidéar ar an Afraic Theas, Surendra Bhana agus Goolam Vahed, mionscrúdú ar an gconspóid sin ina dtéacs, The Making of a Political Reformer: Gandhi in South Africa, 1893 – 1914. (Deilí Nua: Manohar, 2005). I gCaibidil 1, “Gandhi, Africans and Indians in Colonial Natal”, díríonn siad ar an ngaol idir pobal na hAfraice agus pobal na hIndia faoi “rialú Bánach” agus ar na beartais a chuir leithscaradh i bhfeidhm (agus, áitíonn siad, coimhlint dhosheachanta idir na pobail sin). Maidir leis an ngaol sin, deir siad go raibh tionchar ag coincheapa leithscartha, a bhí forleathan sna 1890idí, ar Gandhi nuair a bhí sé óg. Ag an am céanna, deir siad: “Gandhi’s experiences in jail seemed to make him more sensitive to their plight...the later Gandhi mellowed; he seemed much less categorical in his expression of prejudice against Africans, and much more open to seeing points of common cause. His negative views in the Johannesburg jail were reserved for hardened African prisoners rather than Africans generally.”


Is duine de chuid lucht leanúna Gandhi é iar-Uachtarán na hAfraice Theas, Nelson Mandela, in ainneoin iarrachtaí a rinne léirmheastóirí Gandhi gan dealbh Gandhi a nochtadh in Johannesburg sa bhliain 2003. Thrácht Bhana agus Vahed ar na heachtraí a tharla thart ar am an nochta sa chonclúid de The Making of a Political Reformer: Gandhi san Afraic Theas, 1893 – 1914. Sa mhír “Gandhi’s Legacy to South Africa”, scríobh siad: “Gandhi inspired succeeding generations of South African activists seeking to end White rule. This legacy connects him to Nelson Mandela...in a sense Mandela completed what Gandhi started.” Lean siad ar aghaidh ag tagairt do na conspóidí a d’éirigh as nochtadh dhealbh Gandhi. Mar fhreagairt ar an dá thuairim sin ar Gandhi, seo a leanas a scríobh Bhana agus Vahed: “Those who seek to appropriate Gandhi for political ends in post-apartheid South Africa do not help their cause much by ignoring certain facts about him; and those who simply call him a racist are equally guilty of distortion.”

Frith-Státachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Gandhi i gcoinne an státachais sa tslí is gurbh í an India gan bhunrialtas an fhís a bhí aige don India. An smaoineamh a bhí aige ná go gciallaíonn fíor-fhéinriail i dtír go rialaíonn gach duine é féin agus nach bhfuil stát ar bith ann a chuireann dlíthe i bhfeidhm ar na daoine. Rinne sé cur síos air féin go minic mar ainrialaí fealsúnach. An tuiscint a bhí aige ar an India a bheith saor ná go mbeadh na mílte pobal beag féindóthain inti (seans go bhfuair sé an smaoineamh sin ó Tolstoy), a dhéanfadh iad féin a rialú gan cur isteach ar dhaoine eile. Níor chiallaigh sé namá go ndéanfaí córas bunaithe riaracháin ón mBreatain a aistriú go na Indiaigh. Dar leis, ní raibh i gceist leis sin ach: “making Hindustan into Englistan”. Theastaigh uaidh go ndéanfaí Páirtí na Comhdhála a lánscor i ndiaidh an neamhspleáchais agus go mbunófaí córas daonlathais dhírigh san India. Ní raibh muinín ar bith aige as córas parlaiminteach mar a bhí sa Bhreatain.