Úsáideoir:MALA2009/Barack Obama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMALA2009/Barack Obama


Is é Barack Hussein Obama II (a fhuaimnítear mar /bəˈrɑːk hʊˈseɪn oʊˈbɑːmə/, a rugadh an 4 Lúnasa 1961) an ceathrú hUachtarán is ceathracha ar na Stáit Aontaithe agus an tUachtarán reatha. Is é an chéad Afracach Meiriceánach san oifig sin é. Ba é Obama a bhí mar Sheanadóir sóisearach ó Illinois i Seanad na Stát Aontaithe ó 2005 nó gur éirigh sé as tar éis dó an bua a fháil i dtoghchán na huachtaránachta in 2008. Insealbhaíodh mar Uachtarán é an 20 Eanáir 2009.

Is céimí de chuid Ollscoil Columbia agus Scoil Dlí Harvard é Obama, áit arbh é an chéad uachtarán Afracach Meiriceánach ar an Harvard Law Review é. D’oibrigh sé mar eagraí pobail in Chicago sular bhain sé a chéim amach sa dlí. Bhí sé ag cleachtadh mar aturnae ceart sibhialta in Chicago sular chaith sé trí thréimhse i Seanad Illinois ó 1997 go 2004. Chomh maith leis sin, mhúin sé Dlí Bunreachtúil i Scoil Dlí Ollscoil Chicago ó 1992 go 2004. Níor éirigh le Obama suíochán a bhaint amach i dTeach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2000, ach toghadh chuig an Seanad é i Samhain 2004. Ba é Obama a thug an spreagaitheasc ag Comhdháil Náisiúnta na nDaonlathach in Iúil 2004.

Mar bhall den mhionlach Daonlathach san 109ú Comhdháil, bhí baint ag Obama le reachtaíocht a chruthú chun gnáth-airm a smachtú agus chun go mbeadh freagracht níos mó don phobal ann maidir le húsáid cistí feidearálacha. Lena chois sin, thug sé cuairteanna oifigiúla ar Oirthear na hEorpa, ar an Meánoirthear agus ar an Afraic. Le linn don 110ú Comhdháil a bheith i réim, bhí baint aige le reachtaíocht a chruthú maidir le stocaireacht, calaois toghcháin, an t-athrú aeráide, sceimhlitheoireacht núicléach, agus aire a thabhairt do lucht míleata Mheiriceá tar éis dóibh teacht ar ais ó dhualgais chogaíochta san Iaráic agus san Afganastáin.

Luathshaol agus Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Barack Obama in Ionad Leighis do Mhná agus do Pháistí Kapi'olani in Honolulu, Oileáin Haváí, do Stanley Ann Dunham, Meiriceánach Eorpach as Wichita, Kansas, agus Barack Obama Sinsear, Luo as Nyang’oma Kogelo, Cúige Nyanza, sa Chéinia. Casadh tuismitheoirí Obama ar a chéile i 1960 i rang Rúisise in Ollscoil Haváí in Mānoa, áit a raibh a athair mar mhac léinn iasachta ar scoláireacht. Phós an lánúin an 2 Feabhra 1961. Scar tuismitheoirí Obama ó chéile nuair a bhí Obama dhá bhliain d’aois agus tharla colscaradh eatarthu i 1964. D’fhill athair Obama ar an gCéinia agus ní fhaca sé a mhac ach uair amháin ina dhiaidh sin sular maraíodh i dtimpiste gluaisteáin é i 1982.

I ndiaidh di an colscaradh a fháil, phós Dunham mac léinn Indinéiseach darbh ainm Lolo Soetoro, a bhí ag freastal ar choláiste i Haváí. Nuair a tháinig Soeharto, ceannaire míleata i dtír dhúchais Soetoro, i gcumhacht i 1967, glaodh ar ais ar na mic léinn ar fad a bhí ag staidéar thar lear agus dá bharr sin bhog an teaghlach go dtí an Indinéis. Le linn dó a bheith ansin, d’freastail Obama ar scoileanna áitiúla in Jakarta nó go raibh sé deich mbliana d’aois. Ina measc bhí Scoil Phoiblí Besuki agus Scoil Naomh Proinsias as Assisi.

D’fhill sé ansin ar Honolulu chun cónaí lena sheantuismitheoirí ar thaobh a mháthar, Madelyn agus Stanley Armour Dunham. D’fhreastail sé ar Scoil Punahou ón gcúigiú grád i 1971 go dtí go raibh sé críochnaithe leis an ardscoil i 1979. D’fhill máthair Obama ar Haváí i 1972 ar feadh cúig bliana agus ansin, i 1977, chuaigh sí ar ais chuig an Indinéis, áit ar oibrigh sí mar shaothraí allamuigh antraipeolaíoch. Is ansin a d’fhan sí an chuid eile dá saol, beagnach. D’fhill sí ar Haváí i 1994 agus fuair sí bás de bharr ailse ubhagáin i 1995.

Agus é ag labhairt faoi thús a óige, is cuimhin le Obama nár fhéach a athair cosúil leis na daoine thart air ar aon bhealach, go raibh sé chomh dubh le pic agus go raibh a mháthair chomh bán le bainne, ach gur ar éigin a tháinig sé sin isteach ina intinn in aon chor. Ina chuimhní cinn i 1995, rinne sé cur síos ar an gcaoi a mbíodh sé ag streachailt de shíor agus é ina fhear óg, agus é ag iarraidh dul i ngleic leis an leagan amach a bhí ag an tsochaí ar a oidhreacht ilchiníoch. D’admhaigh sé gur bhain sé feidhm as alcól, as marijuana agus as cócaon nuair a bhí sé ina dhéagóir chun ceisteanna maidir lena dhúchas a bhrú amach as a intinn. Le linn Fhóram Sibhialta ar an Uachtaránacht in 2008, d’aithin Obama gurbh é an cliseadh mórálta ba mhó a rinne sé ná a bheith ag tógáil drugaí le linn dó a bheith ag an ardscoil.

Dúirt cuid de na daltaí a bhí in éineacht leis agus iad ag labhairt leis an Honolulu Star-Bulletin go raibh Obama críonna dá aois agus go raibh sé de nós aige ó am go chéile freastal ar chóisirí coláiste agus ar imeachtaí eile chun a bheith sa chomhluadar céanna le mic léinn Afracacha Meiriceánacha agus le lucht míleata. Agus é ag féachaint siar dó ar na blianta a mhúnlaigh é nuair a bhí sé in Honolulu, mheabhraigh sé gurbh é an seans a thug Haváí do dhaoine chun cultúir éagsúla a bhlaiseadh, áit a raibh atmaisféar coimheasa, ba bhun lena dhearcadh ar an domhan agus go raibh sé mar bhun freisin leis na luachanna is ansa leis.

Tar éis dó an ardscoil a fhágáil, bhog Obama go Los Angeles, áit a raibh sé ag staidéar in Occidental College ar feadh dhá bhliain. D’aistrigh sé ansin go hOllscoil Columbia i gCathair Nua-Eabhrac. Ghlac sé le heolaíocht pholaitiúil, le speisialtóireacht i gcaidreamh idirnáisiúnta, mar phríomhábhar céime. Bhain Obama an chéim B.A. amach ó Columbia i 1983. D’oibrigh sé ar feadh bliana ag an Business International Corporation agus ansin ag an New York Public Interest Research Group.

Tar éis ceithre bliana a bheith caite aige i gCathair Nua Eabhrac, bhog Obama go Chicago. Tugadh post dó ansin mar stiúrthóir ar an Developing Communities Project (DCP), eagras pobail eaglasta a chuimsigh ocht bparóiste Chaitliceacha in Greater Roseland (Roseland, West Pullman agus Riverdale) ar an Taobh Theas ar fad de Chicago. D’oibrigh sé ansin ar feadh trí bliana ó Meitheamh 1985 go Bealtaine 1988. Le linn na dtrí bliana a chaith sé mar stiúrthóir ar an DCP, d’fhás an fhoireann ó dhuine amháin go trí dhuine dhéag agus d’fhás an buiséad bliantúil a bhí aige ó $70,000 go $400,000. D’éirigh leis clár oiliúna do phoist, clár teagaisc chun daoine a ullmhú do choláiste agus eagraíocht chearta tionóntaí in Altgeld Gardens a bhunú. D’oibrigh Obama freisin mar chomhairleoir agus mar theagascóir leis an Gamaliel Foundation, institiúid eagraithe pobail. I lár na bliana 1988, thaistil sé den chéad uair chuig an Eoraip ar feadh trí seachtaine agus ansin chuig an gCéinia ar feadh cúig seachtaine. Le linn dó a bheith ansin, bhuail sé le go leor de mhuintir a athar den chéad uair.

Chuaigh Obama chuig Scoil Dlí Harvard i ndeireadh na bliana 1988. Roghnaíodh é mar eagarthóir ar an Harvard Law Review ag deireadh na chéad bhliana agus mar uachtarán ar an iris an bhliain dár gcionn. I rith an tsamhraidh, théadh sé ar ais go Chicago agus bhíodh sé ag obair mar chomhpháirtí samhraidh i gcomhlachtaí dlí, (Sidley & Austin i 1989 agus Hopkins & Sutter i 1990). Tar éis dó an chéim Juris Doctor (J.D.) magna cum laude a bhaint amach in Harvard i 1991, d’fhill sé ar Chicago.

Nuair a toghadh Obama mar chéad uachtarán ón gcine gorm ar an Harvard Law Review tharraing sé aird an meán náisiúnta air féin agus mar thoradh air sin tairgeadh conradh agus réamhíocaíocht dó chun leabhar a scríobh faoi chaidreamh idir ciníocha. Ina n-iarrachtaí chun é a mhealladh chucu féin, thug Scoil Dlí Ollscoil Chicago comhaltacht do Obama agus oifig chun obair a dhéanamh ar a leabhar. I dtosach, bhí sé i gceist aige an leabhar a chríochnú taobh istigh de bhliain amháin, ach thóg sé i bhfad níos faide ná sin mar gur fhás a chuimhní cinn pearsanta féin as an leabhar. Sa chaoi nach mbeadh aon chur isteach ar a chuid oibre, chuaigh Obama agus a bhean Michelle go Bali agus chaith sé cúpla mí ansin i mbun scríbhneoireachta. Faoi dheireadh, foilsíodh an scríbhinn i lár na bliana 1995 faoin ainm Dreams from My Father.

Ó Aibreán go Deireadh Fómhair 1992, stiúraigh Obama Project Vote Illinois. Is éard a bhí ann ná feachtas chun daoine a chur ar chlár na dtoghthóirí. Bhí deichniúr ar fhoireann an fheachtais agus chuidigh seacht gcéad oibrí deonach leis. D’éirigh leis an sprioc a bhí aige,150,000 as 400,000 Afracach Meiricéanach sa stát a chlárú, a bhaint amach. Mar thoradh air sin, chuir Crain’s Chicago Business ainm Obama ar liosta de dhá scór duine faoi aois dhá scór a mbeadh cumhacht an-mhór acu sa todhchaí.

Chaith Obama dhá bhliain déag mar Ollamh i Scoil Dlí Ollscoil Chicago agus é ag múineadh Dlí Bunreachtúil. Bhí sé aitheanta ar dtús mar Léachtóir ó 1992 go 1996 agus mar Léachtóir Sinsearach ó 1996 go 2004. Chomh maith leis sin, ghlac sé post le Davis, Miner, Barnhill & Galland, cuideachta dlí le dháréag dlíodóir a raibh saineolas acu i gcúrsaí dlíthíochta a bhain le cearta sibhialta agus i bhforbairt na heacnamaíochta go háitiúil. Bhí sé ina chomhpháirtí sa chuideachta sin ar feadh trí bliana ó 1993 go 1996 agus ansin sa chomhairle ó 1996 go 2004. Chuaigh a cheadúnas chun dlí a chleachtadh as feidhm in 2002.

Bhí Obama ina chomhalta bunaidh de bhord stiúrthóirí Public Allies i 1992. D’éirigh sé as sular ghlac a bhean, Michelle, post mar stiúrthóir feidhmiúcháin bunaidh ar Public Allies Chicago ag tús na bliana 1993. Idir 1994 agus 2002 bhí sé ar bhord stiúrthóirí an Woods Fund of Chicago, an chéad fondúireacht a thug maoiniú don Developing Communities Project i 1985. Chomh maith leis sin, idir 1994 agus 2002, bhí sé ar bhord stiúrthóirí an Joyce Foundation. Bhí Obama ar bhord stiúrthóirí an Chicago Annenberg Challenge idir 1995 agus 2002 agus mar uachtarán bunaidh agus mar chathaoirleach ar an mbord stiúrthóirí idir 1995 agus 1999. Ina theannta sin bhí sé ar bhord stiúrthóirí an Chicago Lawyers' Committee for Civil Rights Under Law, an Center for Neighborhood Technology, agus an Lugenia Burns Hope Center.

Gníomhréim pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reachtóir stáit: 1997–2004[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Obama chuig Seanad Illinois i 1996. Tháinig sé i gcomharbas ar an Seanadóir Stáit Alice Palmer mar Sheanadóir ón 13ú Ceantar de Illinois, a chuimsigh ag an am sin, comharsanachtaí ar an Taobh Theas de Chicago ó Hyde Park-Kenwood chomh fada ó dheas le South Shore agus chomh fada siar le Chicago Lawn. Chomh luath is a bhí sé tofa, d’éirigh le Obama tacaíocht dhépháirteach a fháil i gcomhair reachtaíochta chun dlíthe a bhain le cúrsaí eitice agus le cúram sláinte a leasú. D’urraigh sé dlí a mhéadaigh na creidmheasanna cánacha a bhí le fáil ag oibrithe ar ioncam íseal, d’idirbheartaigh sé athchóiriú an chórais leasa, agus mhol sé fóirdheontais bhreise ar chur ar fáil do chúram leanaí. In 2001, le linn dó a bheith ina chomhchathaoirleach ar an gcoiste dépháirteach, an Joint Committee on Administrative Rules, thug Obama tacaíocht do rialacháin lá pá agus do rialacháin maidir le hiasachtaí creiche morgáiste an Ghobharnóra Phoblachtaigh Ryan, a raibh sé mar chuspóir acu foriaimh thithe cónaithe a sheachaint.

Atoghadh Obama chuig Seanad Illinois i 1998. Fuair sé an bua ar an bPoblachtach Yesse Yehudah san olltoghchán agus atoghadh arís é in 2002. In 2000, fuair Bobby Rush, a bhí ina shealbhóir le ceithre théarma, an bua ar Obama sa bhabhta tosaigh le móramh dó in aghaidh a haon a bhí ag na Daonlathaigh i dtoghchán Theach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe le móramh a dó in aghaidh a haon.

In Eanáir 2003, tháinig Obama i réim mar chathaoirleach ar Choiste Sláinte agus Seirbhísí Daonna Sheanad Illinois. Tharla sé sin nuair a d’éirigh leis na Daonlathaigh, a bhí sa mhionlach le deich mbliana roimhe sin, móramh a bhaint amach. D’urraigh sé agus bhí sé mar cheann feadhna maidir le reachtaíocht a bhí comhaontach agus dépháirteach a chur chun cinn, a bhain le monatóireacht a dhéanamh ar phróifiliú ciniúil. De réir na reachtaíochta sin, bhí sé de dhualgas ar phóilíní taifead a dhéanamh den chine lenar bhain tiománaithe a bhí faoi choinneáil acu. Ina theannta sin, ba é Illinois an chéad stát ina raibh sé éigeantach ceistiúcháin a bhain le dúnbhású a thaifeadadh ar fhístéip. Le linn a fheachtais olltoghchánaíochta do Sheanad na Stát Aontaithe in 2004, thug ionadaithe póilíní creidiúint do Obama as an gcaoi a ndeachaigh sé i gcomhar le heagraíochtaí póilíní chun leasuithe a dhéanamh maidir le pionós an bháis. D’éirigh Obama as a bheith ina sheanadóir i Seanad Illinois in 2004 nuair a toghadh é chuig Seanad na Stát Aontaithe.

Feachtas do Sheanad na Stát Aontaithe 2004[cuir in eagar | athraigh foinse]

I lár 2002, thosaigh Obama ag smaoineamh ar é féin a chur chun tosaigh mar iarrthóir do Sheanad na Stát Aontaithe. Chuaigh sé chun cainte leis an anailísí polaitiúil David Axelrod an fómhar sin agus d’fhógair sé go foirmiúil go mbeadh sé ina iarrthóir i mí Eanáir 2003. De bhrí go ndearna an sealbhóir Poblachtach Peter Fitzgerald agus a réamhtheachtaí Daonlathach Carol Moseley Braun cinneadh gan dul san iomaíocht arís, bhí an doras oscailte don chúig iarrthóir déag a chuir na Poblachtaí agus na Daonlathaigh ar aghaidh sna babhtaí tosaigh. Chuir feachtas fógraíochta Axelrod borradh faoi iarrthóireacht Obama mar go raibh íomhánna d’iarmhéara Chicago Harold Washington, nach maireann, le feiceáil ar an bhfógraíocht agus gur thug iníon Paul Simon a beannacht dó. B’iarsheanadóir i Seanad na Stát Aontaithe é Paul Simon, nach maireann. D’éirigh leis os cionn 52% den vóta a bhaint amach sa réamhbhabhta i mí an Mhárta 2004. Chuir sé sin 29% chun tosaigh é ar an iarrthóir Daonlathach ba ghaire dó.

I mí Iúil 2004, thug Obama an spreagaitheasc, a bhí scríofa aige féin, ag Comhdháil Náisiúnta na nDaonlathach i mBostún, Massachusetts. Tar éis dó cur síos a dhéanamh ar a sheanathair mar sheansaighdiúir ón Dara Cogadh Domhanda a bhain tairbhe as cláir an New Deal's FHA agus an G.I. Bill, labhair Obama faoin ngá a bhí le tosaíochtaí rialtas na Stát Aontaithe i gcúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta a athrú. Cheistigh sé an bealach a raibh rialtas Bush ag dul i ngleic le Cogadh na hIaráice agus chuir sé béim ar na dualgais a bhí ar Mheiriceá i leith a chuid saighdiúirí. Agus é ag tabhairt samplaí ó stair na Stát Aontaithe, cháin sé go láidir tuairimí páirtíneacha maidir leis na toghthóirí agus d’iarr sé ar Mheiriceánaigh teacht ar aontú tríd an éagsúlacht leis na focail seo a leanas, “There is not a liberal America and a conservative America; there’s the United States of America.” Cé nár chraol na trí phríomhbhealach teilifíse an óráid, chonaic 9.1 milliún duine a bhí ag féachaint ar PBS, CNN, MSNBC, Fox News agus C-SPAN an óráid. Ba í an óráid sin buaicphointe na comhdhála agus chinntigh sí gurbh é Obama a bheadh mar réalta nua ag an bPáirtí Daonlathach.

Bhíothas ag súil go mbeadh buaiteoir réamhbhabhta na bPoblachtach, Jack Ryan, in iomaíocht le Obama san olltoghchán ach tharraing sé siar i Meitheamh 2004. Dhá mhí ina dhiaidh sin, i bhfoisceacht trí mhí de Lá an Toghcháin, ghlac Alan Keyes le hainmniúchán an Pháirtí Phoblachtaigh in Illinois chun a bheith mar iarrthóir in ionad Ryan. Bhí Keyes ina chónaí in Maryland le fada an lá ach chomh luath is a bhí an t-ainmniúchán faighte aige, de réir dlí, bhí sé in ann Illinois a lua mar áit chónaithe. San olltoghchán i mí na Samhna 2004, fuair Obama 70% den vóta in aghaidh 27% do Keyes. Ba é sin an farasbarr vótaí ba mhó a fuair aon iarrthóir riamh go dtí sin i dtoghchán a ritheadh ar fud an stáit in Illinois.

Seanadóir de chuid na Stát Aontaithe: 2005 – 2008[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Obama leis an mionn mar sheanadóir an 4 Eanáir 2005. Ba é Obama an cúigiú Seanadóir Afracach Meiriceánach i stair na Stát Aontaithe agus an triú duine a bhí tofa ag an bpobal. Ba é an t-aon chomhalta Seanaid é a bhí ag an Congressional Black Caucus. Ba é an tuairim a bhí ag CQ Weekly, foilseachán neamhpháirtíneach, gur Daonlathach dílis a bhí ann. Bhí an tuairim sin bunaithe ar anailís a rinneadh ar vótaí an tSeanaid ina n-iomláine ó 2005 go 2007. Ba é an seanadóir ba liobrálaí ar fad é dar le The National Journal agus bhí an breithiúnas sin bunaithe ar mheasúnú a rinneadh ar vótaí roghnaithe in 2007. In 2005, rangaíodh é ar an séú seanadóir déag ba liobrálaí agus in 2006 rangaíodh é ar an deichiú seanadóir ba liobrálaí. In 2008, rangaigh an Congress.org é ar an aonú Seanadóir déag ba chumhachtaí dá raibh ann. D’fhógair Obama an 13 Samhain 2008 go raibh sé chun éirí as a bheith ina sheanadóir sula dtosódh an seisiún bacach, chun díriú ar an idirthréimhse sula ndéanfaí uachtarán de. Chuir seo ar a chumas an choimhlint a bhainfeadh le dhá ról ar leith a bheith aige, mar Uachtarán tofa agus mar Sheanadóir, a sheachaint. Ní raibh an ghuais chéanna sin le sárú ag aon duine ó aimsir Warren Harding i leith.

Reachtaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Vótáil Obama i bhfabhar an Energy Policy Act in 2005 agus rinne sé comhurraíocht ar an Secure America and Orderly Immigration Act. I mí Mheán Fómhair 2006, thug Obama tacaíocht do bhille gaolmhar, an Secure Fence Act. Thug Obama isteach dhá thionscnamh a bhfuil a ainm luaite leo. Is iad sin: Lugar – Obama, a d’fhorbair coincheap Nunn – Lugar, a bhain le baol a laghdú trí chomhoibriú, chun go gcuimseodh sé gnáth–airm freisin agus an Coburn – Obama Transparency Act a d’údaraigh bunú USAspending.gov, inneall cuardaigh gréasáin maidir le caiteachas feidearálach. An 3 Meitheamh 2008, thug an Seanadóir Obama, in éineacht leis na Seanadóirí Thomas R. Carper, Tom Coburn, agus John McCain, isteach reachtaíocht leantach: an Strengthening Transparency and Accountability in Federal Spending Act, 2008. D’urraigh Obama reachtaíocht a chuirfeadh iallach ar úinéirí monarchana núicléacha údaráis stáit agus údaráis áitiúla a chur ar an eolas maidir le sceitheadh radaighníomhach, ach níor éirigh leis an mbille sa Seanad iomlán i ndiaidh dó a bheith maolaithe go mór ag staid an choiste. Níl Obama i gcoinne leasaithe ar Tort agus vótáil sé ar son an Class Action Fairness Act, 2005 agus an FISA Amendments Act, 2008, a thugann díolúine ó dhliteanas sibhialta do chuideachtaí teileachumarsáide a bhíonn comhpháirteach i ngníomhaíochtaí gan barántas de chuid NSA a bhaineann le cúléisteacht teileafóin.

I mí na Nollag 2006, thug an tUachtarán Bush feidhm dlí don Democratic Republic of the Congo Relief, Security, and Democracy Promotion Act. Ba í sin an chéad reachtaíocht fheidearálach a tugadh isteach a raibh Obama mar phríomhurraitheoir uirthi. I mí Eanáir 2007, chuir Obama agus an Seanadóir Feingold foráil maidir le scairdeitleáin ghnó leis an Honest Leadership and Open Government Act agus tháinig sé i bhfeidhm mar dhlí i mí Mheán Fómhair 2007. Thug Obama an Deceptive Practices and Voter Intimidation Prevention Act isteach freisin, bille chun coir a dhéanamh de ghníomhaíochtaí mealltacha i dtoghcháin fheidearálacha agus an Iraq War De-Escalation Act, 2007. Níl feidhm dlí le ceachtar acu sin faoi láthair. Tugann Obama agus an Seanadóir Richard Lugar (R-IN) cuairt ar áis Rúiseach chun diúracáin a d’fhéadfaí a lainseáil go soghluaiste a bhaint ó chéile i mí Lúnasa 2005.

Níos déanaí in 2007, d’urraigh Obama leasú ar an Defense Authorization Act. Chuir sé sin cosaintí maidir le húrscaoileadh míleata i gcás neamhord pearsantachta leis an acht. Chuaigh an leasú sin tríd an Seanad iomlán in earrach na bliana 2008. D’urraigh sé an Iran Sanctions Enabling Act, a thacaigh le cistí pinsin stáit a thógáil amach as tionscal ola agus gáis na hIaráine, ach nach bhfuil imithe trí staid an choiste fós. Rinne sé comhurraíocht ar reachtaíocht chun an baol ó sceimhlitheoireacht núicléach a laghdú. Chomh maith leis sin, d’urraigh Obama leasú Seanaid ar an State Children's Health Insurance Program. Chinntigh sé sin go mbeadh poist daoine muinteartha le saighdiúirí a gortaíodh sa chogadh slán ar feadh bliana dá mbeadh na daoine sin ag tabhairt aire dóibh siúd a bhí gortaithe.

Coistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Obama gníomhach freisin ar na Coistí Seanaid a bhain le Caidreamh Coigríche, An Timpeallacht agus Oibreacha Poiblí agus Gnóthaí Seansaighdiúirí, le linn mhí na Nollag 2006. I mí Eanáir 2007, d’fhág sé an coiste don Timpeallacht agus Oibreacha Poiblí agus ghlac sé níos mó cúramaí maidirle Sláinte, Oideachas, Saothar agus Pinsin agus Slándáil Dúiche agus Gnóthaí Rialtais. Chomh maith leis sin, d’éirigh leis post a fháil mar chathaoirleach ar fhochoiste Ghnóthaí Eorpacha an tSeanaid Mar chomhalta den Senate Foreign Relations Committee, thug Obama cuairteanna oifigiúla ar Oirthear na hEorpa, an Meánoirthear, Lár na hÁise agus an Afraic. Bhuail sé le Mahmoud Abbas sular ghlac seisean le hUachtaránacht Údarás na Palaistíne agus thug sé óráid ag Ollscoil Nairobi inar cháin sé caimiléireacht i rialtas na Céinia.

An feachtas Uachtaránachta 2008[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 10 Feabhara 2007, d’fhógair Obama os comhair fhoirgneamh an Old State Capitol in Springfield, Illinois, go mbeadh sé mar iarrthóir d’Uachtaránacht na Stát Aontaithe. Bhí siombalachas ag baint leis an áit a roghnaigh sé chun an fógra a dhéanamh mar gurbh ar an láthair seo a thug Abraham Lincoln an óráid stairiúil “House Divided” in 1858. Le linn an fheachtais, chuir Obama béim ar na ceisteanna seo a leanas; an cogadh san Iaráic a chríochnú go tapa, neamhspleáchas i gcúrsaí fuinnimh a mhéadú agus cúram sláinte uilíoch a chur ar fáil.

Seasann Obama ar an ardán lena bhean chéile agus a bheirt iníonacha díreach sular fhógair sé go mbeadh sé ina iarrthóir don uachtaránacht in Springfield, Illinois, 10 Feabhra 2007.

Le linn do na babhtaí tosaigh agus don olltoghcháin féin a bheith ar siúl, sháraigh feachtas Obama gach curiarracht a bhí ann roimhe sin maidir le síntiúis a bhailiú, go háirithe síntiúis bheaga. An 19 Meitheamh, dhiúltaigh Obama glacadh le maoiniú poiblí don Olltoghchán–an chéad iarrthóir uachtaránachta ó mhórpháirtí a rinne é sin ó cruthaíodh an córas i 1976.

Chuaigh líon mhór iarrthóirí san iomaíocht sna babhtaí tosaigh don uachtaránacht a bhí ag an bPáirtí Daonlathach. I ndiaidh do chúpla comórtas a bheith thart, ní raibh fanta sa rás i ndáiríre ach Obama agus an Seanadóir Hillary Clinton. Bhuaigh siad araon roinnt stát agus is beag a bhí eatarthu le linn na mbabhtaí tosaigh. An 31 Bealtaine, shocraigh an Democratic National Committee suíochán a thabhairt ag an gcomhdháil náisiúnta do na toscairí ar fad ó Florida agus Michigan a raibh aighneas maidir leo. Bhí leath-vóta an duine acu, rud a chiallaigh go raibh móramh níos lú ag Obama ó thaobh teachtaí de. An 3 Meitheamh, agus na stáit ar fad comhairthe, bhí an oiread de mhóramh ag Obama is gur glacadh leis gurbh é a bheadh ainmnithe mar iarrthóir. An lá sin, thug sé óráid na bua in St. Paul, Minnesota. Chuir Clinton deireadh lena feachtas agus thacaigh sí leis an 7 Meitheamh. Ón am sin ar aghaidh, is i gcoinne John McCain, a bhí ainmnithe ag na Poblachtaigh, a bhí sé i mbun feachtais don olltoghchán.

An 23 Lúnasa 2008, d’fhógair Obama gurbh é an Seanadóir Joe Biden as Delaware a bhí roghnaithe aige chun dul san iomaíocht don leasuachtaránacht in éineacht leis.

Tugann Obama óráid chaithréimeach i ndiaidh dó an bua a fháil i dtoghchán na huachtaránachta.

Ag Comhdháil Náisiúnta na nDaonlathach in Denver, Colorado, thug iar-chéile comhraic Obama, Hillary Clinton, óráid ag tacú le hiarrthóireacht Obama agus níos déanaí d’iarr sí go n-ainmneofaí Obama d’aon gháir mar iarrthóir uachtaránachta na nDaonlathach. An 28 Lúnasa, thug Obama óráid os comhair 84,000 dá lucht tacaíochta in Denver. Le linn a óráide, a raibh 38 milliún duine ag féachaint uirthi ar fud an domhain, ghlac sé le hainmniúchán a pháirtí agus léirigh sé na spriocanna beartais a bheadh aige.

I ndiaidh do McCain a bheith ainmnithe mar iarrthóir ag na Poblachtaigh don uachtaránacht, bhí trí dhíospóireacht uachtaránachta idir McCain agus Obama i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 2008. I mí na Samhna, bhí an bua ag Obama i dtoghchán na huachtaránachta. Fuair sé 53% de vóta an phobail agus móramh mór sa choláiste toghcháin. I ndiaidh dó a bheith tofa, tharla ceiliúradh sráide i mórán cathracha sna Stáit Aontaithe agus thar lear.

Bua sa toghchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 4 Samhain 2008, bhí an bua ag Barack Obama ar John McCain san Olltoghchán. Fuair sé 365 vóta toghcháin i gcomórtas le 173 a fuair McCain agus ba é an chéad Afracach Meiriceánach riamh é a toghadh mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ina óráid bua, a thug sé os comhair na céadta míle dá lucht leanúna in Grant Park in Chicago dúirt Obama “change has come to America”.

An 8 Eanáir 2009, tháinig Comhdháil na Stát Aontaithe le chéile i gcomhsheisiún chun vótaí an Choláiste Toghcháin do thoghchán na huachtaránachta in 2008 a dheimhniú. Bunaithe ar na torthaí a bhí ar chomhaireamh vótaí an choláiste toghcháin, fógraíodh go raibh Barack Obama tofa mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe agus go raibh Joseph Biden tofa mar Leas-Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Uachtaránacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insealbhaíodh Barack Obama mar Uachtarán agus Joe Biden mar Leas-Uachtarán an 20 Eanáir 2009. Ba é Obama an ceathrú Uachtarán is daichead ar na Stáit Aontaithe. Ba é téama an insealbhaithe ná "A New Birth of Freedom," ag comóradh breith Abraham Lincoln 200 bliain roimhe sin.

Le linn na laethanta tosaigh in oifig dó, d’eisigh Obama orduithe feidhmiúcháin agus meamraim uachtaránachta ag aisiompú an bhaic a bhí curtha ag an Uachtarán Bush ar chistiú feidearálach a chur ar fáil d’fhorais eachtracha a cheadaíonn ginmhilleadh ( ar a dtugtar the Mexico City Policy agus a dtugann lucht a cháinte an “Global Gag Rule” air). Chomh maith leis sin, d’eisigh sé orduithe a dhúnfadh campa géibhinn Guantanamo Bay chomh luath agus a bheadh sé sin indéanta agus d’ordaigh sé nach mbeadh sé oscailte tar éis mí Eanáir 2010 ar dhéanaí agus go ndéanfaí athbhreithniú láithreach ar chásanna na ndaoine a bhí faoi choinneáil ann.

Seasaimh pholaitíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bealach amháin atá ag eolaithe polaitiúla áirithe chun idé-eolaíocht a mheas ná rátálacha bliantúla an Americans for Democratic Action (ADA) a chur i gcomparáid le rátálacha an American Conservative Union (ACU). Bunaithe ar na blianta a chaith sé sa Chomhdháil, tá meánrátáil coimeádach de 7.67% ag Obama ón ACU, agus meánrátáil liobrálach de 90% aige ón ADA.

Bhí Obama i gcoinne na mbeartas a bhí ag rialtas Bush i leith na hIaráice ón tús. An 2 Deireadh Fómhair 2002, an lá ar aontaigh an tUachtarán George W. Bush agus an Chomhdháil ar an gcomhrún a d’údaraigh an cogadh san Iaráic, labhair Obama ag an gcéad slógadh iomráiteach i gcoinne an chogaidh san Iaráic a tionóladh in Federal Plaza, in Chicago. Labhair sé i gcoinne an chogaidh ag an slógadh sin. An 16 Márta 2003, an lá ar thug Bush fógra deiridh de 48 uair an chloig do Saddam Hussein sula ndearna na Stáit Aontaithe ionradh ar an Iaráic, labhair Obama leis an slógadh ba mhó go dtí sin in aghaidh an chogaidh in Daly Plaza agus dúirt sé leis an slua nach raibh sé ródhéanach an cogadh a stopadh. Cé go raibh sé ráite ag Obama roimhe sin go raibh sé ag iarraidh go mbeadh trúpaí Mheiriceá ar fad imithe as an Iaráic laistigh de shé mhí dhéag ón am a ndéanfaí Uachtarán de, tar éis dó an babhta tosaigh a bhuachan, dúirt sé go mb’fhéidir go maolódh sé na pleananna sin de réir mar a bheadh cúrsaí ag dul ar aghaidh.

Dúirt Obama dá dtoghfaí é go gcuirfeadh sé na billiúin dollar de chiorraithe i bhfeidhm, go stopfadh sé ag déanamh infheistíochta i gcórais chosanta diúracán nach raibh cruthaithe, nach gcuirfeadh sé airm sa spás, go gcuirfeadh sé moill ar fhorbairt a dhéanamh ar chórais troda don todhchaí agus go n-oibreodh sé chun na hairm núicléacha ar fad a chur ó mhaith. Tá Obama i bhfábhar deireadh a chur go hiomlán le forbairt arm núicléach nua agus an stoc d’airm núicléacha atá ag na Stáit Aontaithe a laghdú. Chomh maith leis sin, tá sé i bhfábhar cosc domhanda a chur le táirgeadh ábhair inscoilte agus tá sé ag iarraidh idirbheartaíocht a thosú leis an Rúis chun nach mbeadh an gá céanna le Diúracáin Bhalaistíocha idir-Ilchríocha (DBIR) a bheith ullamh de shíor chun ionsaí a dhéanamh.

I mí na Samhna 2006, d’iarr Obama go dtarraingeofaí siar de réir a chéile trúpaí na Stát Aontaithe as an Iaráic agus go rachfaí i mbun comhráití taidhleoireachta leis an tSiria agus leis an Iaráin. I mí an Mhárta 2007, in óráid a thug sé do AIPAC, eagraíocht stocaireachta atá ar son Iosrael, dúirt sé gurbh é an bealach ab fhearr chun an Iaráin a chosc ó airm núicléacha a fhorbairt ná trí chainteanna agus trí thaidhleoireacht. Ag an am céanna, níor chuir sé gníomhaíocht mhíleata as an áireamh ar fad. Tá sé tugtha le fios ag Obama go rachadh sé i mbun taidhleoireacht uachtaránachta go díreach leis an Iaráin gan aon réamhchoinníollacha. Agus é ag cur síos ar an straitéis a bhí aige chun dul i ngleic le sceimhlitheoireacht dhomhanda i Lúnasa 2007, dúirt Obama go ndearnadh dearmad mór nuair nár gníomhaíodh nuair a bhí cruinniú ag ceannairí Al Qaeda a raibh eolas ag gníomhaíochtaí faisnéise na Stát Aontaithe faoi ar siúl i Limistéir Dáil na Pacastáine a bhí faoi Rialtas Feidearálach. Dúirt sé go dtapódh sé féin an deis mar uachtarán, fiú mura mbeadh tacaíocht aige ó rialtas na Pacastáine.

I gcolún tuairimíochta sa Washington Post i mí na Nollag 2005 agus ag an slógadh Save Darfur i mí Aibreáin 2006, d’iarr Obama go ndéanfaí gníomh níos treallúsaí chun cur i gcoinne cinedhíothaithe i limistéar Darfur sa tSúdáin. Tá dífheistiú déanta aige ar luach $180,000 de shealúchas pearsanta stoic a bhaineann leis an tSúdáin agus mhol sé do chuideachtaí a bhí ag déanamh gnó san Iaráin dífheistiú a dhéanamh freisin. In eagrán Iúil – Lúnasa 2007 de Foreign Affairs, d’iarr Obama go mbeadh beartas eachtrach Mheiriceá ag féachaint amach ar an domhan lasmuigh i ndiaidh Chogadh na hIaráice agus go ndéanfaí athnuachan ar cheannasaíocht mhíleata, taidhleoireachta agus mhorálta Mheiriceá sa domhan. Dúirt sé nárbh fhéidir cúlú ón domhan ná bulaíocht a dhéanamh air ar mhaithe le bheith umhal do Mheiriceá. D’iarr sé ar Mheiriceánaigh ceannaireacht an domhain a ghlacadh chucu féin trí ghníomh agus trí dhea-shampla.

[[Íomhá: Obama ag labhairt ag slógadh in Ollscoil Missouri in Columbia, Missouri.]]

I gcúrsaí eacnamaíochta, i mí Aibreáin 2005, chosain sé beartais leasa shóisialaigh an New Deal de chuid Franklin D. Roosevelt agus chuir sé i gcoinne moltaí a bhí ag na Poblachtaigh chun cuntais phríobháideacha a bhunú do shlándáil shóisialach. I ndiaidh Hurricane Katrina, labhair Obama amach i gcoinne na neamhshuime a bhí an rialtas a dhéanamh den deighilt aicme a bhí ag fás i gcúrsaí eacnamaíochta. D’iarr sé ar an dá pháirtí polaitíochta gníomhú chun an líontán sábhála sóisialta a chur ar fáil arís do na bochtáin. Go gairid sular fhógair sé a fheachtas uachtaránachta, dúirt Obama gur thacaigh sé le cúram sláinte uilíoch sna Stáit Aontaithe. Tá sé molta ag Obama go dtabharfaí luach saothair mar aitheantas do mhúinteoirí ag baint feidhme as córais phá bunaithe ar thuillteanas a bhí ann go traidisiúnta. Chinntigh sé do na ceardchumainn go gcuirfí athruithe i bhfeidhm tríd an bpróiseas cómhargála.

I mí Mheán Fómhair 2007, chuir sé an milleán ar ghrúpaí sainleasa as ucht cód cánach na Stát Aontaithe a chur as riocht. De réir an phlean a bhí aige, ní bheadh cáin le híoc ag seanóirí a bheadh ag saothrú níos lú ná $50,000 sa bhliain. Dhéanfaí an laghdú sa cháin ioncaim a bhí le híoc acu siúd a bhí ag saothrú níos mó ná $250,000, chomh maith leis an laghdú ar cháin a bhain le gnóthachain chaipitiúla agus le díbhinní a aisghairm, na bealaí éalaithe ó cháin chorparáideach a dhúnadh, an teorainn ioncaim a cuireadh le cáin Shlándála Shóisialaigh a bhaint, srian a chur le tearmainn chánach easchósta, agus dhéanfaí níos simplí tuairisceáin ar cháin ioncaim a sholáthar trí eolas tuarastail agus bainc a bhí bailithe cheana féin ag an IRS a bheith réamhlíonta. Le linn dó a bheith ag fógairt phlean fuinnimh a fheachtais uachtaránachta i mí Dheireadh Fómhair 2007, mhol Obama caidhp agus córas ceantála trádála chun srian a chur le hastuithe carbóin agus clár deich mbliana d’infheistíocht in acmhainní nua fuinnimh chun spleáchas na Stát Aontaithe ar ola iompórtáilte a laghdú. Mhol Obama go ndéanfaí ceantáil ar na creidmheasanna truaillithe ar fad, nach ligfí saor cuideachtaí ola agus gáis maidir le creidmheasanna agus go gcaithfí an t-airgead a bhaileofaí ar an mbealach sin chun na costais a bhaineann le forbairt fuinnnimh agus le trasdul eacnamaíoch a íoc.

Teaghlach agus saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí an Mheithimh 1989, bhuail Obama le Michelle Robinson, a bhí mar bhean chéile aige ina dhiaidh sin, nuair a bhí sé fostaithe mar chomhpháirtí samhraidh i gcuideachta dhlí Sidley Austin in Chicago. Bhí sí ina comhairleoir ag Obama sa chuideachta ar feadh trí mhí agus bhí sí ina theannta ag imeachtaí sóisialta grúpa ach dhiúltaigh Robinson dul amach leis nuair a d’iarr sé sin uirthi ar dtús. Thosaigh siad ag coinneáil comhluadair níos déanaí an samhradh sin. Thug siad lámh is focal dá chéile i 1991 agus pósadh iad an 3 Deireadh Fómhair, 1992. Rugadh an chéad iníon dóibh, Malia Ann, i 1998 agus iníon eile, Natasha, (“Sasha”), in 2001. De bhrí go raibh Michelle Obama fostaithe in Ollscoil Chicago, d’fhreastail na hiníonacha ar scoileanna príobháideacha ar a dtugtar University of Chicago Laboratory Schools. Nuair a d’aistrigh siad go Washington, D.C., i mí Eanáir 2009, thosaigh na cailíní ag freastal ar scoil phríobháideach ar a dtugtar Sidwell Friends School.

Tugadh an t-ainm “Barry” ar Obama nuair a bhí sé óg, ach d’iarr sé go dtabharfaí a ainm baiste air le linn dó a bheith sa choláiste.

Agus iad ag baint úsáide as airgead ó bheart leabhair, d’aistrigh an teaghlach ó árasán in Hyde Park in Chicago, chuig an teach atá acu faoi láthair in Kenwood in aice láimhe sa bhliain 2005. Chosain an teach sin $1.6 milliún. Nuair a ceannaíodh suíomh béal dorais leo agus nuair a dhíol bean Tony Rezko, forbróir agus cara leis, cuid den suíomh le Obama, tharraing sé aird na meán. Tharla sé seo mar gur díotáladh agus gur ciontaíodh Rezko ina dhiaidh sin ar chúiseanna a bhain le caimiléireacht pholaitiúil, ach nach raibh aon bhaint ag an gcaimiléireacht sin le Obama.

I mí na Nollag 2007, mheas an t-iris Money go raibh glanfhiúchas de $1.3 milliún ag teaghlach Obama. Thaispeáin a dtuairisceán cánach don bhliain 2007 go raibh ioncam teaghlaigh de $4.2 milliún acu – ardú ó thart ar $1 milliún in 2006 agus $1.6 milliún in 2005–an chuid ba mhó de sin ó dhíolachán a chuid leabhar.

In agallamh a rinne sé in 2006, tharraing Obama aird ar an éagsúlacht a bhain lena theaghlach sínte. Is mar seo a leanas a labhair sé. “Michelle will tell you that when we get together for Christmas or Thanksgiving, it’s like a little mini-United Nations. I’ve got relatives who look like Bernie Mac, and I’ve got relatives who look like Margaret Thatcher.” Tá seachtar leas-siblíní ag Obama ó theaghlach a athar a tháinig ón gCéinia, seisear acu atá fós beo agus leasdeirfiúr, Maya Soetoro-Ng, ar fhás sé suas in éineacht léi. Is iníon í lena mháthair agus a dara fear céile Indinéiseach. Mhair Madelyn Dunham, seanmháthair Obama a rugadh in Kansas, i ndiaidh a hiníne nó go bhfuair sí bás an 2 Samhain 2008, díreach roimh thoghchán na huachtaránachta. In Dreams from My Father léiríonn Obama go bhféadfadh sinsearaigh Meiriceánacha Dúchasacha a bheith ag muintir a mháthar. Throid seanaithreacha Obama, ar thaobh a mháthar agus ar thaobh a athar, sa Dara Cogadh Domhanda. Bhí seanuncail Obama san 89ú Roinn a ghabh Ohrdruf, an chéad champa Naitsíoch a shaor trúpaí na Stát Aontaithe.

Imríonn Obama cispheil agus bhí sé ar phríomhfhoireann cispheile ina ardscoil féin. Tá an-suim aige i gcúrsaí spóirt. Leanann Obama na foirne Chicago Bears, Chicago White Sox, Chicago Bulls agus West Ham United F.C. Cé nach gcaitheann sé go trom, rinne Obama cúpla iarracht éirí as an tobac. Tugadh an-phoiblíocht den iarracht ar chuir sé tús léi sular sheol sé a fheachtas don uachtaránacht. Tá sé ag leanúint den iarracht sin i gcónaí. Dúirt Obama nach gcaithfeadh sé tobac sa Teach Bán.

Is Críostaí é Obama ar tháinig forbairt agus fás ar a dhearcadh creidimh le linn dó a bheith ina dhuine fásta. In The Audacity of Hope, deir Obama nár tógadh i dteaghlach cráifeach é. Déanann sé cur síos ar a mháthair, a d’fhás suas le tuismitheoirí nach raibh an-tógtha le cúrsaí creidimh (a ndúirt Obama fúthu in áit eile gur Meitidistigh agus Baistigh nach ndearna cleachtadh ar a gcreideamh a bhí iontu) mar dhuine a bhí scoite amach ó chúrsaí reiligiúin. Mar sin féin, dúirt sé go raibh spioradáltacht níos beoga ag baint léi ná aon duine eile a casadh riamh air. Dúirt sé gur tógadh a athair mar Mhoslamach agus gur dhuine gan Dia a bhí ann faoin am ar chas a thuismitheoirí ar a chéile agus déanann sé cur síos ar a leasathair mar dhuine nach bhfaca go raibh mórán maitheasa ag baint le reiligiún. Sa leabhar, míníonn Obama an bealach ar tháinig sé ar an tuiscint go raibh an-chumhacht ag an traidisiún reiligiúnach Meiriceánach Afracach chun athrú sóisialta a spreagadh. Tháinig sé ar an tuiscint sin nuair a bhí sé ag obair leis na heaglais dhubha mar eagraí pobail nuair a bhí sé ina chuid fichidí. Baisteadh é ag an Trinity United Church of Christ i 1988 agus bhí sé gníomhach san Eaglais sin ar feadh níos mó ná dhá scór bliain.

Chomh maith leis an mBéarla atá aige ó dhúchas, labhraíonn Obama Indinéisis, ar leibhéal comhráiteach ar a laghad. D’fhoghlaim sé an teanga sin le linn dó a bheith ina chónaí in Jakarta ar feadh ceithre bliana nuair a bhí sé óg. Tar éis chruinniú mullaigh APEC i mí na Samhna 2008, rinne uachtarán na hIndinéise, Susilo Bambang Yudhoyono, cur síos do na meáin san Indinéis ar chomhrá teileafóin a bhí aige le Obama in Indinéisis.

Íomhá chultúrtha agus pholaitíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

De bhrí go raibh athair gorm Céiniach aige agus máthair gheal Mheiriceánach, gur tógadh in Honolulu agus in Jakarta é, go bhfuair sé a chuid oideachais i gcoláistí an Ivy League, ní hé an taithí chéanna atá ag Obama ar an saol is a bhí ag na polaiteoirí Afracacha-Meiriceánacha a chuir tús lena saoil pholaitiúla sna 1960idí trína bheith gníomhach sa ghluaiseacht chearta sibhialta. Dúirt Obama gur chuir ceisteanna maidir le cé chomh gorm is a bhí sé mearbhall air. Dúirt sé le cruinniú de Chumann Náisiúnta na nIriseoirí dubha nár bhain an díospóireacht lena dhreach fisiceach ná leis an méid a bhí déanta aige maidir le ceisteanna a bhí ag cur as do vótálaithe gorma. Dúirt Obama go raibh an tuairim fós ag daoine ón gcine gorm go raibh rud éigin mícheart leat má bhí tóir ag daoine geala ort.

Bhí macalla den méid a bhí le rá ag John F. Kennedy ina aitheasc tionscnaimh, in óráid feachtais a thug Obama i mí Dheireadh Fómhair 2007 agus é ag admháil go raibh íomhá óigeanta aige. Dúirt sé: “I wouldn't be here if, time and again, the torch had not been passed to a new generation.” Rinne ráiteas coitianta achoimre ar an gcoincheap: “Rosa sat so Martin could walk; Martin walked so Obama could run; Obama is running so our children can fly.”

Tá Obama molta mar mháistir ar an óráidíocht ar aon dul le cainteoirí cáiliúla eile ón am a caitheadh ar nós Martin Luther King, Jr.. Go neamhspleách, chuir ealaíontóirí ceol lena óráid “Yes, we can” i bhfístéip a chuir Will.i.am amach. D’fhéach 10 milliún duine ar an bhfístéip ar YouTube sa chéad mhí agus bhain sí gradam Emmy amach. Rinne ollamh ó Ollscoil Virginia, Jonathan Haidt, taighde ar éifeachtacht óráidí poiblí Obama. Mheas seisean go raibh óráidí Obama chomh maith sin mar, mar pholaiteoir, go raibh sé in ann mothúchán na dea-thola a mhúscailt i ndaoine. Ciallaíonn sé sin go gcuirfeadh sé fonn ar dhaoine gníomhú go morálta agus maitheas a dhéanamh do dhaoine eile. Bhain Obama feidhm as na scileanna cumarsáide sin i sraith sheachtainiúil d’aithisc fístéipe le linn na hidirthréimhse sular insealbhaíodh é. Tá sé tugtha le tuiscint aige go mbeidh sraith aitheasc á dtabhairt aige tríd an idirlíon agus trí na meáin eile chun a bheartais agus a ghníomhaíochtaí le linn a théarma uachtaránachta a mhíniú don phobal. Beidh siad seo ar aon dul leis na dreasa cainte iomráiteacha cois tine a bhíodh á dtabhairt ag Franklin D. Roosevelt.

Tá sé luaite ag go leor tráchtairí gurb í an mhealltacht idirnáisiúnta atá ag Obama an ghné is tábhachtaí dá íomhá phoiblí. Ní hamháin gur léirigh roinnt pobalbhreitheanna go raibh tacaíocht láidir aige i dtíortha eile ach bhunaigh sé dlúthchaidrimh le polaiteoirí agus oifigigh thofa eachtracha mór le rá, fiú sula raibh sé ina iarrthóir don uachtaránacht. Orthu siúd bhí Príomh-Aire na Breataine ag an am, Tony Blair, ar chas sé air i Londain in 2005 agus ceannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh san Iodáil Walter Veltroni, a bhí ina Mhéara ar an Róimh ag an am. Thug seisean cuairt ar oifig sheanaid Obama in 2005. Chomh maith leis sin, thug Uachtarán na Fraince, Nicolas Sarkozy, cuairt air in Washington in 2006.

Bhuaigh leaganacha giorraithe closleabhair den dá leabhar de chuid Obama gradaim Grammy Best Spoken Word Album. Bhuaigh Dreams from My Father an gradam i mí Feabhra 2006 agus bhuaigh The Audacity of Hope an gradam céanna i mí Feabhra 2008.

I mí na Nollag 2008, d’ainmnigh an iris Time Barack Obama mar Phearsa na Bliana dá gcuid féin mar gheall ar chomh stairiúil agus a bhí a iarrthóireacht agus a thoghadh mar uachtarán. Rinne an iris cur síos ar a éacht leis na focail seo a leanas, “the steady march of seemingly impossible accomplishments.”