Úsáideoir:MALA2009/Anne Frank

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba chailín Giúdach í Annelies Marie “Anne” Frank (12 Meitheamh 1929 – go luath i mí an Mhárta 1945) a rugadh i gcathair Frankfurt am Main i nGearmáin Weimar. Bhain sí clú agus cáil idirnáisiúnta amach i ndiaidh a báis nuair a foilsíodh a dialann ina bhfuil cur síos ar na heachtraí a bhain di agus í i bhfolach le linn do na Gearmánaigh an Ísiltír a fhorghabháil sa Dara Cogadh Domhanda.

Bhog Anne agus a teaghlach go hAmstardam sa bhliain 1933 i ndiaidh do na Naitsithe teacht i réim sa Ghearmáin, agus bhí siad sáinnithe ansin nuair a rinneadh an Ísiltír a fhorghabháil sa bhliain 1940. Toisc go raibh géarleanúintí i gcoinne an phobail Ghiúdaigh ag méadú, chuaigh an teaghlach i bhfolach i mí Iúil 1942 i seomraí a bhí faoi cheilt i bhfoirgneamh oifige Otto Frank, a hathair. Sceitheadh orthu i ndiaidh dhá bhliain agus tugadh go sluachampaí géibhinn iad. Fuair Anne bás de thífeas i sluachampa géibhinn Bergen-Belsen, seacht mí i ndiaidh a gabhála agus cúpla lá tar éis dá deirfiúr, Margot Frank, bás a fháil. D’fhill Otto, a hathair, an t-aon duine den ghrúpa a tháinig slán, ar Amstardam i ndiaidh an chogaidh agus fuair sé amach go raibh a dialann slán sábháilte; mar thoradh ar a chuid iarrachtaí foilsíodh an dialann i 1947. Aistríodh ón Ollainnis bhunaidh í agus foilsíodh í i mBéarla den chéad uair sa bhliain 1952 faoin teideal The Diary of a Young Girl.

Tugadh an dialann do Anne ar a breithlá nuair a bhí sí trí bliana déag d’aois. Cuireann an dialann síos ar a saol ó 12 Meitheamh 1942 go 1 Lúnasa 1944. Aistríodh í go cuid mhór teangacha, tá sí ar cheann de na leabhair is mó léamh ar domhan, agus is iomaí dráma agus scannán a bunaíodh ar an dialann. Tugtar aitheanas do Anne Frank as ardchaighdeán a cuid scríbhneoireachta, agus tá sí ar dhuine d’íospartaigh an Uileloiscthe is mó cáil agus is mó a bhfuil plé déanta fúthu.


Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Annelies Marie “Anne” Frank an 12 Meitheamh 1929 in Frankfurt sa Ghearmáin; ba í an dara hiníon de chuid Otto Frank (1889 ─ 1980) agus Edith Frank-Holländer (1900 – 45) í. Ba í Margot Frank (1926 – 45) a deirfiúr ba shine. Giúdaigh liobrálacha ba ea muintir Frank agus chónaigh siad i bpobal measctha ina raibh saoránaigh Ghiúdacha agus saoránaigh eile, áit ar fhás na páistí suas le cairde Caitliceacha, Protastúnacha agus Giúdacha. Níor chloígh teaghlach Frank leis na nósanna agus leis na traidisiúin go léir de chuid an Ghiúdachais. Ba chráifí Edith Frank ná a fear chéile; b’oifigeach Gearmánach sa Chéad Chogadh Domhanda é Otto Frank ar bronnadh suaitheantais air, agus ba spéis leis a bheith ag plé le cúrsaí acadúla agus bhí leabharlann chuimsitheach aige. Spreag an bheirt acu a gcuid páistí chun léitheoireachta.

Cuireadh toghcháin ar bun in Frankfurt i gcomhair chomhairle na cathrach agus bhí an bua ag an bPáirtí Naitsíoch de chuid Adolf Hitler. Cuireadh agóidí i gcoinne na nGiúdach ar bun láithreach beagnach agus tháinig eagla ar mhuintir Frank go mbeadh siad i mbaol dá bhfanfadh siad sa Ghearmáin. Níos faide anonn sa bhliain, chuaigh Edith agus na páistí go Aachen, áit ar fhan siad le Rosa Holländer, máthair Edith. D’fhan Otto Frank in Frankfurt, ach tar éis dó tairiscint a fháil cuideachta a thosú in Amstardam, bhog sé ansin chun an gnó a eagrú agus chun lóistín a shocrú dá theaghlach. Theith tuairim is 300,000 Giúdach ón nGearmáin idir 1933 agus 1939 agus bhí muintir Frank ina measc siúd.

The apartment block on the Merwedeplein where the Frank family lived from 1934 until 1942

Thosaigh Otto Frank ag obair ag Opekta Works, cuideachta a dhíoladh peictin, an úsc torthaí, agus chuir sé faoi in árasán ar an Merwedeplein (Cearnóg Merwede) in Amstardam. Faoi Fheabhra na bliana 1934, bhí Amstardam bainte amach ag Edith agus na páistí agus bhí an bheirt chailíní ag freastal ar scoil; bhí Margot ag freastal ar scoil phoiblí agus bhí Anne i scoil Montessori. Léirigh Margot cumas maith uimhríochta agus léirigh Anne cumas maith léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Chuimhnigh Hannah Goslar, cara léi, air níos déanaí gur minic a chuaigh Anne i mbun scríbhneoireachta ó bhí sí ina páiste óg, ach go ndearna sí a cuid oibre a cheilt lena lámha agus gur dhiúltaigh sí ábhar a cuid scríbhneoireachta a phlé. Ó thaobh pearsantachta de, bhí Margot agus Anne an-difriúil ar fad; ba dhuine dea-bhéasach beagfhoclach staidéarach í Margot agus ba dhuine teannfhoclach fuinniúil í Anne a bhain taitneamh as comhluadar.

Sa bhliain 1938, bhunaigh Otto Frank Pectacon, cuideachta eile, mórdhíoltóir luibheanna, salainn ar mhaithe leis an bpicilt, agus spíosraí measctha, a úsáidtí i dtáirgeadh ispíní. D’fhostaigh Pectacon Hermann van Pels mar chomhairleoir maidir le spíosraí. Ba bhúistéir Giúdach é a theith lena theaghlach ó Osnabrück sa Ghearmáin. Sa bhliain 1939, chuir máthair Edith fúithi le muintir Frank agus d’fhan sí leo go dtí gur bhásaigh sí in Eanáir na bliana 1942.

I mí Bealtaine 1940, rinne an Ghearmáin ionradh ar an Ísiltír agus chuir an rialtas forghabhála tús le géarleanúint na nGiúdach trí dhlíthe sriantacha agus idirdhealaitheacha a chur i bhfeidhm; go gairid ina dhiaidh sin bhí an clárú riachtanach agus an idirdheighilt i réim ann. Bhí ag éirí thar cionn le Margot agus le Anne ar scoil agus b’iomaí cara a bhí acu, ach, ansin, rinneadh ordú a dhearbhaigh nár cheadmhach do pháistí Giúdacha freastal ar aon scoil nár scoil Ghiúdach í. Mar sin, cláraíodh iad sa Lyceum Giúdach. In Aibreán na bliana 1941, chuaigh Otto Frank i mbun gnímh chun a dhéanamh deimhin de nach gcoigisteofaí Pectacon toisc é a bheith ina ghnó de chuid na nGiúdach. D’aistrigh sé a chuid scaireanna in Pectacon go Johannes Kleiman, agus d’éirigh sé as a bheith mar stiúrthóir ar an gcuideachta. Cuireadh deireadh leis an gcuideachta agus aistríodh na sócmhainní go léir go Gies and Company, ar a raibh Jan Gies i gceannas. Rinne sé amhlaidh den chuid is mó le Opekta i mí na Nollag 1941 chun an chuideachta seo a shábháil. Lean na gnólachtaí ar aghaidh gan mórán athraithe agus lig siad do Otto ioncam íosta a shaothrú, ach ioncam ar leor é chun freastal ar riachtanais a theaghlaigh.

Tréimhse ama na dialainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sula ndeachthas i bhfolach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar a breithlá, an 12 Meitheamh 1942, agus í trí bliana déag d’aois, tugadh leabhar do Anne, leabhar a thaispeáin sí dá hathair i bhfuinneog siopa cúpla lá roimhe sin. In ainneoin gur leabhar i gcomhair sínithe é, faoi chumhdach éadach breacáin le dath dearg agus glas agus le glas beag ar a bhéal, bheartaigh Anne go n-úsáidfeadh sí é mar dhialann agus thosaigh sí ag scríobh ann láithreach beagnach. Cuireann cuid mhór dá cuid luathscríbhneoireachta sa dialann síos ar ghnáthghnéithe neamhshuimiúla a saoil ach tá cuid de na hathruithe a tharla san Ísiltír ó rinne an Ghearmáin an tír a fhorghabháil pléite sa dialann chomh maith. Ina taifead de 20 Meitheamh 1942, tá a lán de na srianta a cuireadh ar shaol an phobail Ghiúdaigh/Ollannaí liostaithe aici, agus léirítear an brón a bhí uirthi mar thoradh ar bhás a seanmháthar níos luaithe sa bhliain. Bhíodh Anne ag smaoineamh faoi bheith ina ban-aisteoir. Ba bhreá léi a bheith ag féachaint ar scannáin, ach cuireadh cosc ar Ghiúdaigh na hÍsiltíre dul isteach i bpictiúrlanna ó 8 Eanáir 1941.

I mí Iúil 1942, fuair Margot Frank fógra ó Zentralstelle für jüdische Auswanderung (an Lár-Oifig um Imirce Ghiúdach) ag ordú di bheith i láthair chun dul go dtí campa oibre. Dúirt athair Anne léi go rachadh an teaghlach i bhfolach i seomraí os cionn áitreabh na cuideachta ar an Prinsengracht – sráid a bhí suite le hais ceann de na canálacha in Amsterdam – agus taobh thiar de na háitribh sin; san áit seo gheobhadh siad cabhair uathu siúd i measc fostaithe de chuid Otto Frank a raibh ardmhuinín aige astu. Bhí orthu dul i bhfolach ann roinnt seachtainí roimh an am a bhí beartaithe acu mar thoradh ar an bhfógra ón Lár-Oifig um Imirce Ghiúdach.

An saol san Achterhuis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reconstruction of the bookcase that covered the entrance to the Secret Annexe, in the Anne Frank House in Amsterdam

Maidin an 6 Iúil 1942, bhog an teaghlach isteach san áit rúnda seo. Fágadh a n-árasán agus cuma mí-eagair air chun a thabhairt le tuiscint gur fhág siad go tobann, agus d’fhág Otto Frank nóta ina ndiaidh ag tabhairt le tuiscint go raibh siad ag imeacht chuig an Eilvéis. Chun an socrú a choimeád faoi rún bhí orthu Moortje, cat Anne, a fhágáil ina ndiaidh. Níor cheadmhach do Ghiúdaigh iompar poiblí a úsáid agus, mar sin, shiúil siad roinnt ciliméadar óna dteach agus a lán éadaí á gcaitheamh acu, mar bhí eagla orthu bagáiste a bheith á iompar acu. Ba spás trí-urlár An Achterhuis (focal Ollannaise a chiallaíonn an chuid sin de theach ata ar chúl, ar a dtugtar ‛Secret Annexe’ in eagráin Bhéarla na dialainne) a ndeachthas isteach ann ó léibheann cheann staighre os cionn oifigí Opekta. Bhí dhá sheomra bheaga le seomra folctha agus leithreas taobh leo ar an gcéad urlár, agus os cionn an spáis seo bhí seomra níos mó le seomra beag taobh leis. Ón seomra beag seo, bhí dréimire ag dul suas chuig an áiléar. Cuireadh leabhragán os comhair dhoras an Achterhuis d’fhonn a chinntiú nach n-aimseofaí an doras. B’fhoirgneamh neamhshuaithinseach sean é an príomhfhoirgneamh agus é suite bloc amháin ón Westerkerk; ba bheag difear idir é agus foirgnimh eile sa taobh iartharthach d’Amstardam.

Bhí a fhios ag na fostaithe Victor Kugler, Johannes Kleiman, Miep Gies, agus Bep Voskuijl go raibh an teaghlach i bhfolach ann agus ní raibh an scéal ar eolas ag aon fhostaí eile. I dteannta Jan Gies, fear céile Gies, agus Johannes Hendrik Voskuijl, athair Voskuijl, ba iadsan a chuidigh leis an teaghlach le linn dóibh a bheith i bhfolach. Ba iad na daoine seo an t-aon nasc amháin idir an saol taobh amuigh agus iad siúd a bhí i bhfolach sa teach, agus chuir siad muintir Frank ar an eolas maidir le scéala faoin gcogadh agus lena raibh ag titim amach go polaitiúil. D’fhreastal siad ar a gcuid riachtanas go léir, chinntigh siad go raibh siad slán sábháilte agus thug siad bia dóibh, tasc a d’éirigh níos deacra de réir mar a chuaigh an t-am ar aghaidh. Scríobh Anne maidir lena ndúthracht agus maidir lena n-iarrachtaí chun meanma an teaghlaigh a ardú le linn na n-amanna ba bhaolaí. Bhí a fhios acu go léir go mb’fhéidir go ngearrfaí pionóis an bháis orthu as dídean a thabhairt do Ghiúdaigh dá mbéarfaí orthu.

An teach (ar clé) ag an Prinsengracht in Amstardam

]]

An 13 Iúil chuaigh teaghlach van Pels i bhfolach le muintir Frank: Hermann, Auguste, agus Peter a bhí 16 bliana d’aois. I mí na Samhna, chuaigh Fritz Pfeffer, fiaclóir agus cara leis an teaghlach, i bhfolach leo freisin. Scríobh Anne faoin taitneamh a bhain sí as daoine eile a bheith ann chun labhairt léi, ach ba ghairid gur fhás teannas i measc an ghrúpa toisc go raibh orthu maireachtáil in áit chomh beag sin. Roinn Anne a seomra le Pfeffer agus ní raibh sí in ann é a sheasamh agus bhí sí míshásta go raibh uirthi cur suas leis agus bhí coimhlintí idir í agus Auguste van Pels; duine amadánta ba ea Auguste dar le Anne. Dar léi, ba dhaoine leithleacha iad Hermann van Pels agus Fritz Pfeffer agus d’ith siad an iomarca bia go háirithe. Tamall ina dhiaidh sin, tar éis di droim láimhe a thabhairt do Peter van Pels a bhí cúthaileach agus ciotach, d’aithin sí go raibh dáimh aici leis agus cuireadh tús le caidreamh rómánsúil eatarthu. Fuair sí a céad phóg uaidh, ach thosaigh an cion a bhí aici air ag dul i léig mar bhí amhras uirthi maidir lena cuid mothúchán; cheap sí go mb’fhéidir gurbh é ba chúis leis an gcion ná go raibh siad sáinnithe san áit bheag sin le chéile. Bhí Anne Frank an-chairdiúil le gach duine de na cuiditheoirí agus dúirt Otto Frank, agus é a féachaint siar ar an tréimhse sin níos déanaí, go mbíodh sí ag tnúth go mór lena gcuairteanna laethúla agus go mbíodh sí mífhoighneach ag fanacht leo. Ba chairdiúla Anne le Bep Voskuijl ná le haon duine eile, dar le Otto Frank. Clóscríobhaí ba ea an duine óg seo agus ba mhinic a bhíodh siad ina seasamh sa chúinne ag cogarnach lena chéile, dar le Otto.

Ina cuid scríbhneoireachta, rinne Anne scagadh ar an gcaidreamh a bhí aici le baill a teaghlaigh agus ar na difríochtaí móra a bhí eatharthu ó thaobh pearsantachta de. Mheas sí gurbh fhearr a réitigh sí lena hathair ná le haon duine eile agus dúirt a hathair agus é ag féachaint siar níos déanaí gurbh fhearr a réitigh seisean le Anne ná le Margot agus gur réitigh Margot níos fearr lena máthair. Dúirt Otto Frank go mb’fhéidir gurbh é an chúis a bhí leis sin ná nár mhinic a nochtaigh Margot a cuid mothúchán agus nach raibh an oiread sin tacaíochta ag teastáil uaithi mar go raibh pearsantacht níos séimhe aici ná mar a bhí ag Anne. Bhí caidreamh níos dlúithe idir Anne agus Margot ná mar a bhí sula ndeachaigh siad i bhfolach ach uaireanta bhíodh Anne in éad le Margot, go háirithe nuair a cháineadh baill an teaghlaigh í as gan a bheith chomh séimh agus a bhí Margot. De réir mar a bhí Anne ag dul in aois, bhí siad in ann dul i muinín a chéile. An 12 Eanáir 1944, scríobh Anne go raibh Margot i bhfad níos deise ná mar a bhí sí roimhe sin, nach raibh sí chomh neamhchairdiúil is a bhíodh sí agus go raibh an-chairdeas ag fás eatarthu. Scríobh sí nár fhéach Margot uirthi a thuilleadh mar leanbh nár chóir di bacadh léi.

Na seomraí rúnda le dath éadrom ar na ballaí, agus an díon flannbhuí (bun an ghrianghraif) agus crann Anne Frank sa ghairdín taobh thiar den teach (ag an mbun ar dheis), mar a bhí siad le feiceáil ón Westerkerk in 2004

Ba mhinic a scríobh Anne faoin gcaidreamh dúshlánach a bhí aici lena máthair, agus maidir lena fuarchúis i leith a máthar. An 7 Samhain 1942 chuir sí síos ar an bhfuath a bhí aici dá máthair agus ar an gcaoi nárbh fhéidir léi a leibideacht, an searbhas a bhí ag baint léi agus chomh cruachroíoch agus a bhí sí a chur in iúl di go díreach. Ag deireadh an taifid seo, dhearbhaigh sí nach raibh sí ina máthair di in aon chor. Níos faide anonn, agus í ag féachaint siar ar a cuid scríbhneoireachta, bhí náire ar Anne maidir lena dearcadh géar agus cháin sí í féin as fuath a lua i leith a máthar. Thuig sí de réir a chéile gur míthuiscintí ba chúis leis an droch-chaidreamh a bhí eatarthu agus gur uirthi féin a bhí an locht oiread agus ar a máthair agus thuig sí go raibh sí tar éis cur le fulaingt a máthar gan chúis. Nuair a thuig sí an méid seo, ba mhó an meas a léirigh Anne dá máthair as sin amach agus réitigh sí níos fearr léi.

Ba mhian le Margot agus le Anne filleadh ar scoil a luaithe agus ab fhéidir leo agus lean siad leo ag staidéar. Rinne Margot cúrsa poist a bhain le luathscríbhneoireacht trí ainm Bep Voskuijl a úsáid agus fuair sí marcanna arda ann. Choimeád sí dialann freisin ach creidtear go bhfuil an dialann sin caillte. Chaith Anne an chuid is mó den am ag léamh agus ag staidéar agus ba mhinic a scríobh sí ina dialann agus a rinne sí eagarthóireacht ar an scríbhneoireacht sin. Scríobh sí faoi imeachtaí de réir mar a thit siad amach agus, chomh maith leis sin, chuir sí síos ar a cuid mothúchán, tuairimí agus uaillmhianta agus b’ábhair iad siúd a mhothaigh sí nárbh fhéidir léi a phlé le haon duine. De réir mar a d’fhás a féinmhuinín maidir lena cuid scríbhneoireachta agus de réir mar a chuaigh sí in aois, scríobh sí ar ábhair níos teibí amhail a creideamh i nDia agus a tuisicint ar nádúr an duine. Lean sí uirthi ag scríobh go rialta sa dialann go dtí an 1 Lúnasa 1944, an uair dheireanach a scríobh sí inti.

Gabháil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Macasamhail na beairice i sluachampa Westerbork, áit ar fhan Anne Frank ó Lúnasa go Meán Fómhair 1944.

Maidin an 4 Lúnasa 1944, tháinig na póilíní slándála Gearmánacha (Grüne Polizei) isteach san Achterhuis de ruathar tar éis do spiaire, nach bhfuil a fhios ag éinne go fóill cérbh é, an scéal rúnda a insint dóibh. Schutzstaffel Oberscharführer Karl Silberbauer den Sicherheitsdienst a bhí i gceannas ar an ngrúpa agus bhí trí bhall de chuid na bpóilíní slándála ann. Tugadh muintir Frank, muintir van Pels agus muintir Pfeffer chuig ceannáras an Gestapo, áit ar ceistíodh go géar iad agus ar cuireadh faoi choimeád iad thar oíche. An 5 Lúnasa, aistríodh iad chuig an Huis van Bewaring (Teach Coinneála), príosún plódaithe ar an Weteringschans. Dhá lá ina dhiaidh sin, tugadh go Westerbork iad. Ba champa idirthurais é seo i ndáiríre agus faoin am seo bhí breis agus 100,000 Giúdach imithe tríd. Toisc gur gabhadh iad agus iad i bhfolach, measadh gur choirpigh iad agus tugadh go dtí Beairic na bPionós iad chun iad a chur i mbun obair chrua.

Gabhadh Victor Kugler agus Johannes Kleiman agus cuireadh faoi choimeád iad sa champa pianúil do naimhde na réime in Amersfoort. Scaoileadh Kleiman saor i ndiaidh seacht seachtaine, ach bhí Kugler faoi choimeád i gcampaí éagsúla oibre go deireadh an chogaidh. Cheistigh na Póilíní Slándála Miep Gies agus Bep Voskuijl ach scaoileadh saor ansin iad. D’fhill siad ar an Achterhuis an lá dár gcionn agus tháinig siad ar pháipéir Anne scaipthe ar an urlár. Bhailigh siad iad mar aon le roinnt albaim ghrianghraf de chuid an teaghlaigh, agus bhí sé beartaithe ag Gies iad a thabhairt ar ais do Anne i ndiaidh an chogaidh. An 7 Lúnasa 1944, rinne Gies iarracht scaoileadh na bpríosúnach a éascú trí aghaidh a thabhairt ar Silberbauer agus airgead a thairscint dó chun idirghabháil a dhéanamh ach dhiúltaigh sé.

Díbirt agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 3 Meán Fómhair, díbríodh an grúpa thar tír amach chuig sluachampa géibhinn Auschwitz agus bhain siad an campa amach i ndiaidh dóibh trí lá a chaitheamh ag taisteal. Ba í sin an uair dheireanach a díbríodh daoine thar tír amach ó Westerbork go Auschwitz. Sa chíor thuathail a bhí ann nuair a bhí ar an slua teacht anuas ó na traenacha, scaradh na fir ó na mná agus na páistí, agus scaradh Otto Frank go fíochmhar óna theaghlach. As an 1,019 paisinéir, tugadh 549 duine − iad siúd go léir a bhí faoi chúig bliana déag d’aois ina measc − caol díreach chuig na seomraí gáis. Bhí Anne cúig bliana déag d’aois trí mhí roimhe sin agus bhí sí ar dhuine de na daoine ab óige ar an turas nár cuireadh chun báis chomh luath agus a shroich siad Auschwitz. Tugadh le tuiscint di sula i bhfad gur tugadh formhór na ndaoine chuig na seomraí gáis nuair a shroich siad an campa agus ní bhfuair sí amach riamh nár roghnaíodh duine ar bith as an ngrúpa go léir a bhí san Achterhuis chun dul chuig na seomraí gáis. Cheap sí gur maraíodh a hathair, a bhí i lár na gcaogaidí agus gan an tsláinte go rómhaith aige, chomh luath agus a scaradh iad óna chéile.

I dteannta na mban eile nár cuireadh chun báis láithreach bhí ar Anne a cuid éadaigh go léir a bhaint di chun í a dhíghalarú, fágadh ceannbearrtha í, agus rinneadh uimhir aitheantais a thatuáil ar bhacán a láimhe. I rith an lae, bhí ar na mná oibriú mar sclábhaithe agus bhí ar Anne carraigeacha a tharraingt agus róllanna fód a bhaint; san oíche, bhí orthu cur fúthu i mbeairicí plódaithe. Thug finnéithe le fios níos déanaí gur chonlaigh Anne chuici féin agus go mbíodh sí ag caoineadh nuair a tugadh páistí chuig na seomraí gáis agus dúirt finnéithe eile gur mó a léirigh sí láidreacht agus misneach agus, toisc gur dhuine tréadúil féinmhuiníneach í, go raibh sí in ann ciondálacha breise aráin a fháil do Edith, do Margot agus di féin. Bhí galair ann go forleathan agus sula i bhfad, thóg craiceann Anne an scaibéis go dona. Tugadh chuig otharlann í féin agus Margot, áit a bhí i ndorchadas an t-am ar fad agus ina raibh a lán francach agus luchóg. Stop Edith Frank de bheith ag ithe; shábháil sí gach greim bia dá hiníonacha agus thug sí a ciondálacha dóibhsean trí pholl a rinne sí ag bun bhalla na hotharlainne.

Leacht cuimhneacháin do Margot agus Anne Frank san áit a raibh sluachampa géibhinn Bergen-Belsen, mar aon le bláthanna agus pictiúir omóis.

An 28 Deireadh Fómhair, tosaíodh ag roghnú ban a bheadh le tabhairt go Bergen-Belsen. Tugadh breis agus 8,000 bean – Anne agus Margot Frank agus Auguste van Pels ina measc – chuig Bergen-Belsen ach fágadh Edith Frank in Auschwitz agus bhásaigh sí den ocras níos faide anonn. Cuireadh pubaill suas ag Bergen-Belsen chun freastal ar an líon mór príosúnach a bhí ag teacht ann, agus de réir mar a bhí daonra an sluachampa géibhinn ag méadú, tháinig méadú tapa ar líon na ndaoine a bhásaigh de ghalair. Chas Anne le Hanneli Goslar agus Nanette Blitz, beirt chairde léi a bhí faoi choimeád i gcuid eile den champa. D’éirigh le Goslar agus le Blitz teacht slán as an gcogadh agus, ina dhiaidh, phléigh siad na comhráite gearra a bhíodh acu le Anne, comhráite a bhíodh ar bun trí fhál. Dar le Blitz, bhí Anne maol, caite agus ag crith agus thug Goslar faoi deara go raibh Auguste van Pels in éineacht le Anne agus le Margot Frank agus go raibh sí ag tabhairt aire do Margot a bhí go dona tinn. Ní fhaca ceachtar acu Margot mar bhí sí ró-thinn chun a leaba bhuinc a fhágáil. Dúirt Anne le Blitz agus le Goslar araon gur chreid sí go raibh a tuismitheoirí marbh agus, dá bharr sin, nár mhian léi fanacht ina beatha a thuilleadh. Mheas Goslar níos faide anonn gur tharla na cruinnithe seo ag deireadh mhí Eanáir nó go luath i mí Feabhra sa bhliain 1945.

I mí an Mhárta 1945, leathnaigh eipidéim tífis tríd an gcampa agus maraíodh tuairim is 17,000 príosúnach dá bharr. Dúirt finnéithe agus iad ag féachaint siar níos déanaí gur thit Margot dá leaba bhuinc agus í an-lag agus gur bhásaigh sí den gheit a fuair sí. Dúirt siad go bhfuair Anne bás cúpla lá ina dhiaidh sin. Dúirt siad gur tharla seo cúpla seachtain sular shaoraigh trúpaí de chuid na Breataine an campa an 15 Aibreán 1945, ach níltear ar an eolas maidir leis na dátaí beachta. I ndiaidh shaoradh an champa, dódh an campa chun nach scaipfí galair a thuilleadh agus cuireadh Anne agus Margot in uaigh ollmhór a rinneadh i gcomhair na ndaoine go léir a bhí marbh; ní fios go baileach cá bhfuil suíomh na huaighe.

I ndiaidh an chogaidh, rinneadh meastachán nár tháinig ach 5000 Giúdach slán as an 107,000 Giúdach a díbríodh thar tír amach ón Ísiltír idir 1942 agus 1944. Measadh chomh maith gur fhan suas le 30,000 Giúdach san Ísiltír, agus gur chuidigh an ghluaiseacht fhrithbheartaíochta san Ísiltír le cuid mhór acu. D’éirigh le tuairim is dhá-thrian acu siúd teacht slán as an gcogadh.

Tháinig Otto Frank slán as a champa géibhinn in Auschwitz. I ndiaidh an chogaidh, d’fhill sé ar Amstardam, áit ar thug Jan agus Miep Gies dídean dó agus é ag cuardach a theaghlaigh. Fuair sé amach gur bhásaigh a bhean chéile, Edith, in Auschwitz, ach bhí dóchas aige gur tháinig a chuid iníonacha slán. I ndiaidh roinnt seachtainí, fuair sé amach gur bhásaigh Margot agus Anne chomh maith. Rinne sé iarracht a fháil amach ceard a bhain do chairde a iníonacha agus fuair sé amach gur dúnmharaíodh cuid mhór acu. Gásaíodh Susanne Ledermann – duine atá luaite go minic i ndialann Anne – mar aon lena tuismitheoirí; tháinig a deirfiúr Barbara, dlúthchara Margot, slán áfach. Tháinig roinnt mhaith de chairde dheirfiúracha mhuintir Frank slán, mar aon leis an teaghlach sínte de chuid Otto agus de chuid Edith Frank; theith na teaghlaigh seo ón nGearmáin le linn lár na 1930idí agus chuir baill aonair de chuid na dteaghlach fúthu san Eilvéis, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

The Diary of a Young Girl[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Iúil 1945, dhearbhaigh an Chros Dhearg go raibh Anne agus Margot marbh agus thug Miep Gies an dialann do Otto Frank chomh maith le nótaí scaoilte a shábháil sí le súil go mbeadh sí in ann iad a thabhairt ar ais do Anne. Dúirt Otto Frank níos déanaí nach raibh a fhios aige go ndearna Anne taifead chomh cruinn agus chomh dea-scríofa sin ar an tréimhse a chaith siad i bhfolach. Ina chuimhní cinn, chuir sé síos ar a phianmhaire a bhí sé an dialann a léamh, aithne a chur arís ar na himeachtaí a bhí pléite inti, agus go raibh cuid de na scéalta ba ghreannmhaire cloiste aige cheana féin óna iníon a léigh amach os ard iad. Scríobh sé freisin go bhfaca sé den chéad uair an chuid phríobháideach de phearsantacht a íníne agus na codanna sin den dialann nár phléigh sí le héinne. B’údar iontais dó é. Dhearbhaigh sé nach raibh tuairim dá laghad aige a dhoimhne a bhí a cuid smaointe agus mothúchán. Choimeád sí na mothúcháin seo faoi cheilt i gcónaí, a scríobh sé. Is iomaí uair a léirigh Anne gur mhian léi bheith ina húdar; chuaigh an mhian sin i gcion ar Otto agus smaoinigh sé ar a dialann a fhoilsiú.

Thosaigh Anne ag scríobh dialainne ar dtús chun a cuid smaointe príobháideacha féin a chur in iúl agus is iomaí uair a scríobh sí nach dtabharfadh sí cead do dhuine ar bith an dialann a léamh riamh. Phléigh sí a saol, a teaghlach, a cairde, agus an cás a bhain leo, agus tháinig an tuiscint chuici gur mhian léi ficsean a scríobh i gcomhair foilsithe. I mí an Mhárta 1944, chuala sí craoladh raidió de chuid Gerrit Bolkestein, ball de chuid rialtas na hÍsiltíre a bhí ar deoraíocht; dúirt sé go ndéanfadh sé taifead poiblí maidir leis an gcos ar bolg a d’fhulaing pobal na hÍsiltíre faoi fhorghabháil na nGearmánach. Thagair sé do litreacha agus do dhialanna maidir le hiad a fhoilsiú agus bheartaigh Anne a cuid oibre a chur faoina bhráid nuair a bheadh an deis aici. Thosaigh sí ag cur a cuid scríbhneoireachta in eagar, ag baint codanna áirithe amach agus ag athscríobh codanna eile le súil go bhfoilseofaí a cuid oibre. Mar aon leis an leabhar nótaí bunaidh, bhain Anne leas as leabhair nótaí bhreise agus as bileoga aonair breise. Thug sí ainmneacha cleite ar bhaill an teaghlaigh agus ar na cuiditheoirí. Thug sí Hermann, Petronella agus Peter van Daan ar theaghlach van Pels agus thug sí Albert Düssell ar Fritz Pfeffer. Sa leagan sin a bhfuil curtha in eagar aici, scríobh sí gach taifead chuig “Kitty”, mar dhea, carachtar ficseanúil in úrscéalta Joop ter Heul le Cissy van Marxveldt a léadh Anne agus as ar bhain sí taitneamh. D’úsáid Otto Frank a dialann bhunaidh, ar a dtugtar leagan A, agus an leagan a raibh curtha in eagar aici, ar a dtugtar leagan B, chun an chéad leagan dá cuid scríbhneoireachta a fhoilsiú. Bhain sé sleachtaí áirithe amach, go háirithe iad siúd inar cháin Anne a tuismitheoirí (cáineadh a máthair go háirithe), agus codanna inar pléadh borradh gnéasachta Anne. Thug sé na hainmneacha cearta arís ar bhaill a theaghlaigh féin ach níor athraigh sé na hainmneacha cleite eile.

Thug Otto Frank an dialann don staraí Annie Romein-Verschoor; rinne sise iarracht í a fhoilsiú ach theip uirthi. Thug sí í dá fear céile, Jan Romein, agus scríobh seisean airteagal faoin dialann dar teideal “Kinderstem” (“Glór Páiste”) a foilsíodh i nuachtán Het Parool an 3 Aibreán 1946. Scríobh sé gur ghlór neamhchinnte páiste a bhí sa dialann agus gurbh fhearr a léirigh an dialann a úrghránna a bhí an faisisteachas ná mar a léirigh fianaise Nuremberg go léir bailithe le chéile. Tharraing an t-airteagal aird foilsitheoirí agus foilsíodh an dialann san Ísiltír sa bhliain 1947 faoin teideal Het Achterhuis agus foilsíodh arís í sa bhliain 1950.

Foilsíodh den chéad uair sa Ghearmáin agus sa Fhrainc í sa bhliain 1950 agus, i ndiaidh do roinnt foilsitheoirí í a dhiúltiú, foilsíodh den chéad uair sa Ríocht Aontaithe í sa bhliain 1952. Foilsíodh an chéad eagrán Meiriceánach i 1952 faoin teideal Anne Frank: The Diary of a Young Girl agus fuarthas léirmheasanna dearfacha. D’éirigh go maith leis an bhfoilseachán sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus sna Stáit Aontaithe ach níor tharraing sé mórán airde sa Ríocht Aontaithe agus faoi 1953 bhí sé as cló. D’éirigh go seolta leis sa tSeapáin go háirithe, áit ar tharraing sé ardmheas ó léirmheastóirí agus ar díoladh breis agus 100,000 cóip de. Sa tSeapáin, measadh gur dhuine í Anne Frank a bhí tábhachtach ó thaobh cultúir de, duine a bhí ina chomhartha sóirt ar an scrios a rinneadh ar an óige le linn an chogaidh.

Bunaíodh dráma le Frances Goodrich agus le Albert Hackett ar an dialann agus bhí an chéad léiriú de i gCathair Nua Eabhrac an 5 Deireadh Fómhair 1955; níos faide anonn, bhuaigh an dráma seo an Duais Pulitzer do Dhrámaíocht. Ina dhiaidh sin, rinneadh an scannán The Diary of Anne Frank a tháinig amach sa bhliain 1959 agus a thuill ardmheas ó na léirmheastóirí agus ar éirigh go seolta leis sa dhíoloifig. Scríobh an beathaisnéisí Melissa Müller go raibh éifeacht ollmhór ag an drámú maidir le haird a tharraingt ar scéal Anne ar fud an domhain agus grá a mhúscailt i ndaoine i leith an scéil. Thar na blianta, bhí níos mó éilimh ar scéal na dialainne agus, i gcuid mhór scoileanna, go háirithe sna Stáit Aontaithe, áiríodh an scéal mar chuid den churaclam; ar an gcaoi sin cuireadh scéal Anne Frank os comhair glúin nua léitheoirí.

Sa bhliain 1986, d’fhoilsigh Institiúid Stáit na hÍsiltíre um Dhoiciméadú Cogaidh “Eagrán Criticiúil” na dialainne. Cuimsíonn sé comparáidí a bhaineann leis na leaganacha go léir a mheastar atá ann, idir leaganacha curtha in eagar agus leaganacha nach bhfuil curtha in eagar. Chomh maith leis sin, tá plé ann a dhearbhaíonn a údarás, agus tá eolas stairiúil breise ann a bhaineann leis an teaghlach agus leis an dialann féin.

Sa bhliain 1999, d’fhógair Cornelis Suijk, iar-stiúrthóir Fhondúireacht Anne Frank agus uachtarán Fhondúireacht Lár-Ionad na Stát Aontaithe um Oideachas Uileloiscthe, go raibh cúig leathanach ina sheilbh aige a bhain Otto Frank as an dialann sular foilsíodh í; mhaígh Suijk gur thug Otto Frank na leathanaigh sin dó go gairid roimh a bhás i 1980. Cáineann Anne Frank pósadh dúshlánach a tuismitheoirí sna leathanaigh agus tá plé iontu maidir leis an easpa geana a bhí ag Anne ar a máthair. Bhain conspóid leis an scéal nuair a d’éiligh Suijk na cearta foilsitheoireachta i leith na gcúig leathanach agus nuair a dúirt sé go raibh sé ar intinn aige iad a dhíol chun airgead a bhailiú dá Fhondúireacht sna Stáit Aontaithe. D’éiligh Institiúid na hÍsiltíre um Dhoiciméadú Cogaidh, úinéir oifigiúil na lámhscríbhinne, go dtabharfaí na leathanaigh dóibhsean. Sa bhliain 2000, thoiligh Roinn Oideachais, Cultúir agus Eolaíochta na hÍsiltíre US$300,000 a thabhairt d’Fhondúireacht Suijk agus tugadh na leathanaigh ar ais sa bhliain 2001. Ó shin i leith, cuimsíodh iad in eagráin nua den dialann.

Tionchar na dialainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Moladh an dialann maidir lena buanna liteartha. Agus é ag trácht ar stíl scríbhneoireachta Anne Frank, mhol an drámadóir Meyer Levin í as an teannas a chothú tríd síos mar a fhaightear in úrscéal dea-scríofa. Chuaigh ardchaighdeán a cuid oibre chomh mór sin i bhfeidhm air gur oibrigh sé i gcomhar le Otto Frank chun dráma a scríobh bunaithe ar an dialann go gairid i ndiaidh a foilsithe. Scríobh John Berryman, file, gur léiriú uathúil í an dialann, ní amháin ar an ógántacht ach ar iompú páiste go duine ar leith de réir mar atá sé ag tarlú; agus, dar leis, tá sin léirithe i stíl bheacht fhéinmhuiníneach chomair agus tá ionracas thar an gcoiteann le brath ar an insint.

Scríobh Eleanor Roosevelt an brollach sa chéad eagrán Meiriceánach den dialann agus sa bhrollach sin dúirt sí go raibh an dialann ar cheann de na tráchtaireachtaí ba chríonna agus ba chorraithí ar an gcogaíocht agus ar thionchar na cogaíochta ar an duine a léigh sí riamh. Thrácht John F. Kennedy ar Anne Frank in óráid i 1961: “Of all the multitudes who throughout history have spoken for human dignity in times of great suffering and loss, no voice is more compelling than that of Anne Frank.” Sa bhliain chéanna, scríobh Ilya Ehrenburg, scríbhneoir de chuid Aontas na Sóivéide gur sheas glór Anne do ghlór sé mhilliún duine; níor dhuine í Anne a raibh críonnacht as cuimse ag baint léi agus níorbh fhile í; is é atá sa dialann ná glór ghnáthchailín óig, a dúirt Ehrenburg.

De réir mar a mhéadaigh an meas a bhí ar Anne mar scríbhneoir agus mar dhaonnachaí, rinneadh plé uirthi go sonrach mar shiombail de chuid an Uileloiscthe agus, ar bhonn níos fairsinge, mar ionadaí ar an ngéarleanúint. Fuair Hillary Rodham Clinton Gradam Daonnúil Elie Wiesel i 1994 agus, ina hóráid ag glacadh leis an ngradam, léigh sí píosa as dialann Anne Frank agus thrácht sí ar “awakening us to the folly of indifference and the terrible toll it takes on our young,”; sa chaoi seo, dhírigh Clinton aird ar na himeachtaí a bhí ag titim amach ag an am i Sairéavó, sa tSomáil agus i Ruanda. Tar éis dó gradam daonnúil a fháil ó Fhondúireacht Anne Frank i 1994, labhair Nelson Mandela le slua in Johannesburg á rá gur léigh sé dialann Anne Frank nuair a bhí sé i bpríosún agus go bhfuair sé spreagadh mór ón dialann. Chuir sé streachailt Anne Frank i gcoinne na Naitsithe i gcomparáid lena streachailt féin i gcoinne na cinedheighilte; dúirt sé gur chosúil lena chéile an dá fhealsúnacht sin “because these beliefs are patently false, and because they were, and will always be, challenged by the likes of Anne Frank, they are bound to fail.” Sa bhliain 1994, dúirt Václav Havel go raibh tionchar Anne Frank beo i gcónaí agus gur ábhartha go mór an scéal é i gcomhthéacs na n-athruithe sóisialta agus polaitiúla a bhí ag tarlú ag an am i dtíortha a bhíodh i mBloc an Oirthir.

Dar le Primo Levi, is é an fáth go bhféachtar ar Anne Frank ─ mar ionadaí aonair ar an milliún duine a d’fhulaing agus a bhásaigh faoi mar a d’fhulaing agus mar a bhásaigh Anne féin ─ ná gur mó a théann duine aonair amhail Anne Frank i bhfeidhm orainn ná mar a théann an milliún duine eile a d’fhulaing mar a d’fhulaing Anne ach atá anaithnid. Dúirt sé go mb’fhéidir gurbh fhearr sin; dá mbeimis in inmhe tuiscint a bheith againn ar an méid iomlán a d’fhulaing na daoine sin go léir, ní bheimis in ann maireachtáil, dar leis. Mar fhocal scoir sa bheathaisnéis ar Anne Frank le Melissa Müller, nochtann Miep Gies smaointe den sórt céanna ach rinne sí iarracht fáil réidh leis an míthuiscint a bhí ann, dar léi, gur siombail í Anne ar an sé mhilliún íospartach den Uileloscadh; scríobh Gies nár bhain saol agus bás Anne ach le cinniúint aonair féin Anne, cinniúint aonair a tharla do sé mhilliún duine eile chomh maith; níor chóir do scéal Anne a bheith ag seasamh do scéal gach duine ar leith a mharaigh na Naitsithe; Mar sin féin, a scríobh Gies, cuidíonn an méid a bhain do Anne linn tuiscint a bheith againn ar an gcaillteanas millteanach a d’fhulaing an domhan mar thoradh ar an Uileloscadh.

Bhí Otto Frank ina choimeadaí ar leagáid Anne ar feadh an choda eile dá shaol. Dúirt sé go mb’aisteach leis an ról sin a bheith aige; de ghnáth, a dúirt sé, tugtar an ónóir agus an t-ualach maidir lena leithéid a chur chun cinn do pháiste an tuismitheora cháiliúil. Ina chás féin, a dúirt sé, a mhalairt a bhí i gceist. Ba chuimhin leis chomh maith gur mhínigh a fhoilsitheoir gur cheap sé gur léigh an oiread sin daoine ar fud an domhain an dialann mar gur chuimsigh an dialann an oiread sin réimsí saoil go raibh gach léitheoir in ann teacht ar rud a chuaigh i bhfeidhm air féin go sonrach. Chuir Simon Wiesenthal barúil den sórt sin in iúl freisin nuair a dúirt sé gur mó a tharraing dialann Anne Frank aird ar an Uileloscadh ná mar a tharraing trialacha Nuremburg, mar go raibh dáimh ag daoine le Anne. Dar leis, sin an tionchar a bhí ag an Uileloscadh; gnáththeaghlach ba ea teaghlach Anne Frank agus, dá bharr sin, bhí sé de bhua ag an scéal go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an ngnáthdhuine agus ar an ngnáththeaghlach.

I mí an Mheithimh 1999, d’fhoilsigh Time Magazine eagrán speisialta dár teideal Time 100: The Most Important People of the Century. Roghnaíodh Anne Frank mar dhuine de na “Heroes & Icons”, agus chuir an scríbhneoir Roger Rosenblatt síos ar an tionchar a bhí aici sa tslí seo: “The passions the book ignites suggest that everyone owns Anne Frank, that she has risen above the Holocaust, Judaism, girlhood and even goodness and become a totemic figure of the modern world—the moral individual mind beset by the machinery of destruction, insisting on the right to live and question and hope for the future of human beings.” Dúirt sé go raibh meas ar a misniúlacht agus ar a pragmatachas, ach gurbh é a cumas anailís a dhéanamh uirthi féin agus ardchaighdeán a cuid scríbhneoireachta ba mhó ba chúis leis an aird mhór a bhí á tarraingt uirthi. Scríobh sé, “The reason for her immortality was basically literary. She was an extraordinarily good writer, for any age, and the quality of her work seemed a direct result of a ruthlessly honest disposition.”

Údaracht na dialainne á ceistiú agus cásanna cúirte[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh don dialann clú agus cáil a bhaint amach go déanach sna 1950idí, foilsíodh líomhaintí éagsúla ina coinne. Cáineadh i bhfoilseacháin í den chéad uair sa tSualainn agus san Iorua. Maíodh gurbh é Meyer Levin a scríobh an dialann agus nárbh ann do Anne Frank i ndáiríre.

Sa bhliain 1958, thug grúpa agóideoirí aghaidh ar Simon Wiesenthal tráth a bhí The Diary of Anne Frank á léiriú i Vín; dhearbhaigh siad nárbh ann do Anne Frank riamh agus chuir siad air an cruthúnas a fháil trí theacht ar an bhfear a ghabh Anne. Thosaigh sé ag cuardach Karl Silberbauer agus tháinig sé air i 1963. Nuair a labhraíodh leis d’admhaigh Silberbauer go hoscailte an pháirt a ghlac seisean sa scéal agus tar éis dó féachaint ar ghrianghraf de Anne Frank dhearbhaigh sé go raibh sí ar dhuine de na daoine a gabhadh. Chuir sé síos ar na himeachtaí go léir agus ba chuimhin leis gur fholmhaigh sé mála cáipéisí ar an urlár, mála cáipéisí a bhí lán de dhoiciméid. Thacaigh a ráiteas siúd leis an méid a bhí ráite roimhe sin ag finnéithe ar nós Otto Frank maidir leis na himeachtaí a thit amach.

Lean daoine a bhí ag ceistiú údaracht na dialainne ag rá i gcónaí nár scríobh páiste an dialann ach gur cruthaíodh í mar thoradh ar bholscaireacht ar son na nGiúdach, agus cuireadh calaois i leith Otto Frank. I 1959, thug Frank cás cúirte in Lübeck i gcoinne Lothar Stielau, múinteoir scoile agus iarbhall Ógra Hitler a d’fhoilsigh doiciméad scoile a mhaígh gur scríbhinn bhréagach í an dialann. Áiríodh Heinrich Buddegerg sa ghearán nuair a scríobh seisean litir ag tacú le Stielau, litir a foilsíodh i nuachtán de chuid Lübeck. Rinne an chúirt iniúchadh ar an dialann agus, i 1960, dhearbhaigh an chúirt gurbh ionann lámhscríbhneoireacht na dialainne agus lámhscríbhneoireacht litreacha deimhnithe de chuid Anne Frank agus dhearbhaigh an chúirt údaracht na dialainne. Tharraing Stielau siar an ráiteas a bhí déanta aige níos luaithe agus níor lean Otto Frank leis an gcás a thuilleadh.

I 1976, thug Otto Frank cás cúirte i gcoinne Heinz Roth arbh as Frankfurt é; d’fhoilsigh Roth paimfléid á mhaíomh gur scríbhinn bhréagach í an dialann. Rialaigh an breitheamh go ngearrfaí fíneáil 500,000 deutschmark agus téarma príosúnachta sé mhí air dá bhfoilseodh sé ráitis bhreise. Rinne Roth achomharc i gcoinne chinneadh na cúirte agus bhásaigh sé i 1978, bliain amháin sular diúltaíodh dá achomharc.

Ina theannta sin, thug Otto Frank cás cúirte eile i 1976 i gcoinne Ernst Römer a dháil paimpléad dar teideal The Diary of Anne Frank, Bestseller, A Lie. Nuair a dháil fear eile, Edgar Geiss, an paimpléad céanna sa chúirt ioncúisíodh é freisin. Gearradh 1,500 Deutschmark ar Römer agus cuireadh Geiss i bpríosún ar feadh sé mhí. Laghdaíodh an téarma príosúnachta ar achomharc, ach níor leanadh leis an gcás ina choinne i ndiaidh achomhairc eile ina dhiaidh sin mar bhí an tréimhse reachtúil i leith leabhail caite.

Fágadh an dialann bhunaidh, lena n-áirítear litreacha agus bileoga aonair, le huacht le hInstitiúid na hÍsiltíre um Dhoiciméadú Cogaidh nuair a fuair Otto Frank bás sa bhliain 1980. Choimisiúnaigh an Institiúid stáidéar fóiréinseach ar an dialann trí Roinn Cirt na hÍsiltíre sa bhliain 1986. Chuir siad an lámhscríbhneoireacht i gcomparáid le samplaí deimhnithe lámhscríbhneoireachta agus fuair siad amach gurbh ionann iad agus go raibh an cineál páipéir, gliú agus dúigh a úsáideadh ar fáil go forleathan ag an am a dúradh gur scríobhadh an dialann. Dheimhnigh siad údaracht na dialainne ar deireadh agus foilsíodh a gcinntí in ‘Eagrán Criticiúil’ na dialainne mar a thugtar anois air. An 23 Márta 1990, dhearbhaigh Cúirt Réigiúnach Hamburg údaracht na dialainne.

Sa bhliain 1991, chuir Robert Faurisson agus Siegfried Verbeke, beirt a mhaígh nár tharla an Uileloscadh, leabhrán amach dar teideal The Diary of Anne Frank: A Critical Approach. Mhaígh siad gurbh é Otto Frank a scríobh an dialann; dhearbhaigh siad go raibh frithráite sa dialann, nach bhféadfaí dul i bhfolach san Achterhuis agus nár stíl scríbhneoireachta ná lámhscríbhneoireacht de chuid déagóra a bhí sa dialann.

Thug an Anne Frank House in Amsterdam agus an Anne Frank Fonds in Basel cás cúirte sibhialta i mí na Nollag 1993 chun cosc a chur le dáileadh The Diary of Anne Frank: A Critical Approach san Ísiltír. An 9 Nollaig 1998, rialaigh Cúirt Dúiche Amstardam i bhfábhar na n-éilitheoirí, dhearbhaigh an chúirt nár cheadmhach údaracht na dialainne a shéanadh as sin amach agus nár cheadmhach foilseacháin ag séanadh údaracht na dialainne a dháileadh, agus go ngearrfaí fíneáil 25,000 gildear dá sarófaí na horduithe sin.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daoine i scuaine os comhair bhealach isteach Theach Anne Frank in Amstardam

]]

An 3 Bealtaine 1957, bhunaigh grúpa saoránach, Otto Frank ina measc, Fondúireacht Anne Frank chun an foirgneamh sa Prinsengracht a shábháil ón scartáil agus chun é a oscailt don phobal. D’oscail Teach Anne Frank don phobal an 3 Bealtaine 1960. Cuimsíonn sé trádstóras agus oifigí Opekta mar aon leis an Achterhuis, iad go léir gan troscán ionas gur féidir le cuairteoirí siúl tríd na seomraí go héasca. Tá roinnt nithe pearsanta ar leis na daoine a bhí i bhfolach iad le feiceáil sa teach fós. Ar na nithe seo tá grianghraif de réaltaí scannán a ghreamaigh Anne de bhalla, píosa de pháipéar balla a d’úsáid Otto Frank chun airde a iníonacha a mharcáil agus iad ag dul in aois, agus léarscáil ar an mballa ar a bhfuil taifead de chuid Otto Frank ar dhul chun cinn fhórsaí na gComhghuaillithe. Tá na nithe seo go léir faoi chosaint taobh thiar de bhileoga peirspéacs sa lá atá inniu ann. Tá siúlán idir an seomra beag inar chónaigh Peter van Pels, agus na foirgnimh in aice láimhe, foirgnimh a cheannaigh an Fhondúireacht chomh maith. Coimeádtar an dialann sna foirgnimh eile sin agus baintear leas astu chomh maith chun taispeántais a chuireann síos ar ghnéithe éagsúla den Uileloscadh agus ar éagóir atá bainteach le ciníochas in áiteanna éagsúla ar fud an domhain sa lá atá inniu ann a athrú ó am go chéile. Tá sé ar cheann de na nithe is mó a bhfuil spéis ag turasóirí iontu in Amstardam agus, sa bhliain 2005, thug 965,000 turasóir cuairt air, an líon ba mhó riamh. Cuireann Anne Frank House eolas ar fáil ar an idirlíon agus cuirtear taispeántais taistil ar bun chomh maith chun freastal ar dhaoine nach féidir leo cuairt a thabhairt ar an teach. Sa bhliain 2005, thaisteal taispeántais chuig 32 tír san Eoraip, san Áise, i Meiriceá Thuaidh agus i Meiriceá Theas.

Dealbh de Anne Frank le Mari Andriessen, taobh amuigh den Westerkerk in Amstardam

I 1963, bhunaigh Otto Frank agus Elfriede Geiringer-Markovits, an dara bean chéile dá chuid, an Anne Frank Fonds mar fhondúireacht charthanachta; ba í Basel san Eilvéis bunáit na fondúireachta. Bailíonn an Anne Frank Fonds airgead ar son cúiseanna de réir mar is cuí leis an bhfondúireacht. D’fhág Otto cóipcheart na dialainne le huacht leis an Anne Frank Fonds ar choinníol go dtabharfaí an chéad 80,000 franc na hEilvéise a bhfaighfí gach bliain dá oidhrí, agus bheadh cead ag an bhfondúireacht aon ioncam thairis sin a choimeád chun é a úsáid le haghaidh cibé tionscadail a mheasfadh lucht ceannais na fondúireachta a bheith fiúntach. Cuireann an fhondúireacht maoiniú ar fáil chun cóireáil leighis a chur ar na ‘Righteous among the Nations’ gach bliain. D’fhéach an fhondúireacht le tuiscint a thabhairt do dhaoine óga maidir leis an gciníochas agus thug sí cuid de pháipéir Anne Frank do Mhúsaem Cuimhneacháin an Uileloiscthe in Washington D.C. sna Stáit Aontaithe i gcomhair taispeántais sa bhliain 2003. Sa bhliain chéanna, thug tuarascáil bhliantúil na fondúireachta tuiscint de shaghas éigin ar a h-iarrachtaí tionchar a bheith aici ar bhonn domhanda – thacaigh sí le tionscadail sa Ghearmáin, in Iosrael, san India, san Eilvéis, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

D’fhan an t-árasán ar an Merwedeplein, inar chónaigh muintir Frank ó 1933 go 1942, i seilbh úinéir príobháideach go dtí tús an 21ú haois; ansin dhírigh clár faisnéise ar an teilifís aird an phobail air. Bhí an t-árasán imithe chun raice. Cheannaigh corporáid tithíochta san Ísiltír é. Rinne siad athchóiriú ar an árasán agus d’fhág siad é mar a bhí sé sna 1930idí. Agus iad i mbun na hoibre seo bhain siad leas as grianghraif de chuid mhuintir Frank agus as cur síos ar an árasán agus an troscán a bhí ann a bhí i litreacha de chuid Anne Frank. Chuidigh Teresien da Silva de chuid Anne Frank House agus Bernhard “Buddy” Elias, col ceathar de chuid Anne Frank, leis an tionscadal athchóirithe chomh maith. Osclaíodh an t-árasán in 2005. Is é is aidhm don árasán áit dhaingean a chur ar fáil do scríbhneoir faoi leith a roghnaítear, scríbneoir nach bhfuil de shaoirse aige a bheith ag scríobh mar is mian leis ina thír féin. Is ceadmhach do gach scríbhneoir a roghnaítear bliain amháin a chaitheamh ina chónaí san árasan agus ag obair ann. Ba é El-Mahdi Acherchour, úrscéalaí agus file Ailgéarach, an chéad scríbhneoir a roghnaíodh.

Crann Anne Frank sa ghairdín taobh thiar de Theach Anne Frank

I mí an Mheithimh 2007, bhronn “Buddy” Elias tuairim is 25,000 doiciméad teaghlaigh ar Theach Anne Frank. I measc na ndoiciméad sin tá grianghraif de chuid mhuintir Franc a tógadh sa Ghearmáin agus san Ísiltír mar aon leis an litir a chuir Otto Franc chuig a mháthair i 1945 á rá gur bhásaigh a bhean chéile agus a iníonacha i sluachampaí géibhinn de chuid na Naitsithe.

I mí na Samhna 2007, bhíothas chun crann Anne Frank a leagan ionas nach dtitfeadh sé ar cheann de na foirgnimh in aice láimhe; bhí galar fungais ag gabháil le tamhan an chrainn sin, crann cnó capaill. Dúirt Arnold Heertje, eacnamaí ón Ísíltír a bhí i bhfolach le linn an Dara Cogadh Domhanda chomh maith, nár ghnáthchrann é crann Anne Frank; crann ar leith a bhí ann a raibh dlúthbhaint idir é agus géarleanúint na nGiúdach. Thug The Tree Foundation, grúpa a fhéachann le crainn a chaomhnú, cás sibhialta chun nach leagfaí an crann cnó capaill, cás a tharraing aird na meán ar fud an domhain. D’ordaigh cúirt san Ísiltír d’oifigigh chathrach agus do chaomhantóirí dul ar thóir socruithe malartacha agus teacht ar réiteach. Bheartaigh na comhpháirtithe déantús cruach a thógáil agus sa chaoi seo mhairfeadh an crann cúig bliana déag níos faide.

Thar na blianta, rinneadh roinnt scannán bunaithe ar Anne Frank agus spreag a saol agus a cuid scríbhneoireachta ealaíontóirí agus tráchtairí sochaí éagsúla tagairtí a dhéanamh di sa litríocht, sa cheol traidisiúnta, ar an teilifís agus i bhfoirmeacha eile de chuid na meán. Sa bhliain 1999, chuir Time Magazine Anne Frank i measc na laochra agus na n-íocón ar a liosta ‘The Most Important People of the Century’; dar leis an iris: “With a diary kept in a secret attic, she braved the Nazis and lent a searing voice to the fight for human dignity”.

Teanga Difriúl[cuir in eagar | athraigh foinse]