Úsáideoir:Bairdne
Cuma
Niall Comer
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is scoláire Gaeilge é Niall Comer agus gníomhaí ar son na Gaeilge. Faoi láthair tá sé ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh agus bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 2017 go 2022.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luathshaol agus Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Comer i 1975 agus is é an duine is óige de cheathrar deartháireacha a rugadh do Mhairéad (Margaret) Comer (née McAteer) agus Thomas Comer, nach maireann. D'fhreastail sé ar Bhunscoil Mhainistir Naomh Colmáin, sular ndeaciagh sé ar aghaidh go dtí Scoil na Mainistreach, áit ar mhúin Muiris Mac Dháibhéid agus Aodh Ó Murchú an Ghaeilge dó. Rinne Comer staidéar ar an Dlí agus sa Pholaitíocht ar dtús, agus bhain sé céim amach i dTeanga agus i Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin agus ansin bhain sé céim PGCE amach sna Nuatheangacha in QUB agus PhD ar 'Logainmneacha Barúntacht Chúil Raithin' in Ollscoil Uladh. Bhí sé ar dhuine de na daoine is luaithe ar bronnadh Séala an Aistritheora air, a d'eagraigh Foras na Gaeilge.Chaith sé 10 mbliana mar mhúinteoir meánscoile, in Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn agus i gColáiste Phádraig, Machaire Rára.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cónaí air i nGleann an Iolair, Contae Dhoire faoi láthair lena bhean chéile Michelle, agus a bheirt iníonacha, Mairéad agus Rhiannon.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saol Acadúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is léachtóir le Gaeilge é an Dr. Comer i Scoil na nEalaíon agus na nDaonnachtaí ar champas Mhig Aoidh in Ollscoil Uladh. Tá sé mar Stiúrthóir Cúrsa don MA i Staidéar an Aistriúcháin. Díríonn sé a chuid taighde ar an Ghaeilge agus ar an léann Ceilteach, agus spéis ar leith aige i logainmneacha, san aistriúchán ríomhchuidithe agus i gcúrsaí staire.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar aitheantas ar a chuid oibre i gcúrsaí oideachais, bronnadh Oideachasóir na Bliana air in 2022.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceannaireacht i gConradh na Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh an Dr. Comer ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i mí Feabhra 2017. Atoghadh é sna blianta ina dhiaidh sin, go dtí 2022, ceann de na tréimhsí uachtaránachta is faide i stair na heagraíochta. Ba le linn théarma Comer mar Uachtarán a bhain Conradh na Gaeilge gealltanais amach ó Rialtas na Breataine go gcuirfí Bille um Chearta i bhfeidhm a d'fhágfadh aitheantas oifigiúil don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann sa deireadh.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Obair Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taobh amuigh dá róil acadúla agus cheannaireachta, bhí baint ag an Dr. Comer le heagraíochtaí éagsúla a chuireann an Ghaeilge chun cinn:
[cuir in eagar | athraigh foinse]· Eagarthóir ar An tUltach
[cuir in eagar | athraigh foinse]· Uachtarán ar Chomhaltas Uladh
[cuir in eagar | athraigh foinse]· Ball den Chiste Craoltóireachta na Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]· An tUltach – 2024: Comóradh 100 Bliain (Editor, 2024)
[cuir in eagar | athraigh foinse]· "Tomás Ó Fiaich and South East Ulster Irish" in A Gael among the Gaels (2023)
[cuir in eagar | athraigh foinse]· "Ré na bPéindlíthe, Uirísliú na nGael agus an Aisling" in Bone and Marrow: Cnámh agus Smior (2022)
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Sloinnte Gaelacha i logainmneacha bharúntacht Chúil Raithin" in Scotha cennderca cen on: A Festschrift for Séamus Mac Mathúna (2020)