Úsáideoir:Amy Uí Ríordáin/Clár Dubh
Annie Bhán Mac Grianna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Annie Bhán Mac Grianna (1893–1963) ab ea an seanchaí seo as Gaeltacht Thír Chonaill. Ba dheirfiúr í le Seán ‘Bán’ Mac Grianna, Seosamh Mac Grianna, Domhnall Ó Grianna agus Séamus Ó Grianna. Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a hathair agus ba í Máire Shéamuisín Ní Dhomhnaill a máthair. Bhí aon duine déag sa chlann, ach fuair beirt díobh bás ina naíonáin. Col ceathar di an scéalaí Neidí Frainc Mac Grianna.
Chuir Aodh Ó Duibheannaigh agus Gordon Mac Gill-Fhinnein breis is 2,800 leathanach de scéalta agus de sheanchas uaithi i dtaifead do Chartlann Bhéaloideas Éireann. Idir 1937 agus 1939 a rinne Ó Duibheannaigh an bailiúchán, agus chuir Mac Gill-Fhinnein seacht scéal leis fiche bliain níos déanaí. Foilsíodh cuid den bhailiúchán in Seanchas Annie Bhán (1997), in eagar agus aistrithe ag Alan Harrison agus Máiri Nic Gill-Fhinnein.
De réir Gordon Mac Gill-Fhinnein, bhí drochradharc aici ach ní raibh sí dall, in ainneoin ráflaí eile. Cé gur fhan sí singil, bhí cáil uirthi mar dhuine sóisialta, cineálta, agus fuinniúil, ach le tuairimí láidre nuair a spreagtaí í. Bhí sí fostaithe mar scéalaí sa choláiste samhraidh in Anagaire sa bhliain 1962. D’éag sí ar an 20ú Feabhra 1963 in Ospidéal Ceantair na Cloiche Léithe, Contae Dhún na nGall.
_______
put the text in bold
put the text in italic
Page Title
[cuir in eagar | athraigh foinse]Heading
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sub-heading
[cuir in eagar | athraigh foinse]link this text to another page
link this to an extternal website
insert image
