Jump to content

Úsáideoir:194.125.21.143/Sandbox

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An Chéad Céad Chomaoineach i nGaeilge i gCluainín Uí Ruairc.

Sathran an 24ú Bealtaine 2008

Bhí mórtas, daoine i mbun staire, le braith i gCluainín Uí Ruairc Dé Satharn seo chaite nuair a rinne seisear páiste as Ghaelscoil Chluainín a gcéad chomaoineach i séipéal an bhaile. B’é seo céad céad chomaoineach na scoile ach b’é an iontas ba mhó ná gurb é an chéad céad chomaoineach i nGaeilge i Chluainín Uí Ruairc is an Séipéal tógtha ón bhliain 1883.

Baile í Chluainín Uí Ruairc atá lonnaithe idir Cathair Shligigh agus Inis Ceithleann i dtuaisceart Liatroma, tá breis is míle duine ar a mbaile agus dhá scoil eile ann chomh maith, scoil náisiúnta béarla agus scoil Phrotastúnach. Tógadh an bhaile timpeall ar chaisleán a thóg an fhear neamh-uasal, Hamilton, théis do cúpla míle achra a fháil ó Bhanríon Shasana sa 16ú haois déag. Rinne sé slad ar an gcos mhuintir ach théis naoi bhliain rinneadh éirigh amach agus dódh an chaisleáin agus cuireadh an ruaig ar an tíoránach.

Bhí Gaeilgeoirí dúchasacha sa dúthaigh go dtí théis fichidí an chéad seo chaite agus ba mhó an béim a gcuirtí ar chúrsaí Ghaeilge sa baile go dtí gur bhuail an imirce an bhaile níos troime ná riamh in ochtóidí an chéad seo chaite.

Ins na caogaidí bhíodh an-tóir agus an-cháil ar Fheis Chluainín. Feis í ina rití chuile chomórtas tré Ghaeilge agus bhíodh daoine ó gach cearn den chontae ag déanamh ar a mbaile don deireadh seachtaine agus fiú chuirfí fógraí i nGaeilge i gclár na n-imeachtaí. Sna caogaidí leis thóg an dochtúir Harry Carroll, arb athair máthair an cheoltóir cliútach Colm Mac Con Iomaire é, duine déag clainne le Gaeilge ar an baile.

I meánscoil Bhéarla sa dúthaigh dhéanaidís Stair agus Tír eolas in nGaeilge mar go raibh an deich fán gcéad breise le fáil san ard-teist. Nuair a thóg siad an Mheánscoil nua i gCluainín do rinneadh Aifreann Uí Riada a cheiliúradh sa scoil, ach ní sa séipéal. Tá mórán ag tarlú ó shin agus ní beag é an méid ata déanta ag Prin O Duigneáin in Ionad na nGleannta is é ag cur dramaí Ghaeilge ar a stáitse le 20 bliain anuas.

Is de bharr an siar treabhadh ar son na Gaeilge a raibh sé chomh héasca ag an choiste bhunaithe an Ghaelscoil a chur ar a bhfód in achar chomh gairid (bliain agus trí mhí) [www.gaelscoilchluainin.com] agus le líon chomh mór páistí (33). Is dá bharr go raibh mór chuid de lucht chór na heaglaise sásta na hamhrán Ghaeilge a chanadh ar an lá agus go raibh an Sagairt Pharóiste in ann an Aifreann a rá i nGaeilge. Cé gur mó an chabhair a fuaireadar uilig ón dá mhúinteoir Searán Nic Eoin agus Caitríona Ní Ghionnáin a thug cúnamh gan dua dos na páistí, an chór, boinn cheoil na dtuistí agus don Sagart.

Nuair a ceistíodh an Sagart théis an Aifreann a mbeadh se sásta Aifreann Ghaeilge a thabhairt uair sa mhí, dúirt se go ndéanadh sé seo ach go mbeadh air an searmanas a thabhairt i mBéarla don chéad cúpla mí. Théis 125 Bhliain gan Aifreann Ghaeilge sa Séipéal d’fhéadfá rá gur tús maith a bheadh ann sin.