Jump to content

Úsáideoir:Éamonn061/Clár Dubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seán Ó Cadhla: Bainisteoir Fhoireann Iomána Shinsear Luimnigh

Tá clú agus cáil ar Sheán Ó Cadhla mar bhainisteoir fhoireann shinsear iomána Luimnigh. Tugadh aitheantas nach beag dó nuair a bhuaigh Luimneach Cluiche Ceannais Sinsir Iomána na hÉireann in 2018 tar éis bearna de chúig bliana agus dhá scór.

Tháinig an Cadhlach ar an saol in 1972. Is é an Gallbhaile, Contae Luimnigh a áit dúchais agus tá sé fós ag cur faoi ann lena bhean chéile Louise agus lena mbeirt iníonacha.

D’imríodh peil Ghaelach lena pharóiste féin agus an iomáint le Garraí Uí Spealáin a chomhpharóiste. Bhí gealladh faoi mar iománaí agus é ina dhéagóir agus bhain sé áit amach ar fhoireann mionúr an chontae. Lean sé leis ar an bhfoireann faoi 21 ach is mar pheileadóir Gaelach a bhí an rath is mó air. Bhuaigh sé bonn chraobh shinsir an chontae in 1994 agus in 1997 agus bhain sé áit bhuan amach ar fhoireann an chontae le linn na tréimhse sin.

Tar éis chluiche leathcheannais iomána na hÉireann in 2009, cluiche inar thug Tiobraid Árann greadadh do Luimneach ar scór 6-19 in aghaidh 2-07, gheall Ó Cadhla dó féin go ndéanfadh sé a sheacht ndícheall ar son na hiomána i gContae Luimnigh (Clerkin 2018). An lá dár gcionn, chuir sé glaoch ar chathaoirleach an Choiste Contae ag tabhairt le fios go raibh suim aige cuidiú ag aon leibhéal a bheadh de dhíth air. Tamall beag ina dhiaidh sin ceapadh mar bhainisteoir fhoireann idirmheánach an chontae é. Rinne an fhoireann idirmheánach dul chun cinn agus eisean ina cheannaire. Níor bhuaigh siad corn ach bhíodar i gcónaí san iomaíocht sna cluichí a bhí tábhachtach. Bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche leathcheannais na Mumhan tar éis am breise an bhliain sin. An bhliain dár gcionn, 2010, bhí an lámh in uachtar ag na Cláirínigh orthu le bearna dhá chúilín – an fhoireann a thug an chraobh leo ní ba dhéanaí sa bhliain. In 2011, ghlac Ó Cadhla ról mar roghnóir ar an bhfoireann faoi 21 chomh maith lena cúramaí mar bhainisteoir ar an bhfoireann idirmheánach. Ghlac sé ról mar chuid d’fhoireann bainistíochta John Allen nuair a ceapadh é mar bhainisteoir ar fhoireann iomána sinsir Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 2012.

Ceapadh mar bhainisteoir ar fhoireann iomána fé 21 Luimnigh é ar an 18ú Meán Fómhair 2014. Faoina cheannaireacht d’éirigh le Luimneach Craobh na Mumhan agus Craobh na hÉireann a bhaint amach in 2015. D’ainmnigh Comhairle na Mumhan é mar bhainisteoir na bliana de bharr ghaiscí na foirne. Sa dara bliain, agus Ó Cadhla i gceannas, chaill siad cluiche leathcheannais na Mumhan le bearna trí chúilín.

Ar an 14ú Meán Fómhair 2016 ceapadh mar bhainisteoir é ar fhoireann iomána sinsir Luimnigh. Bhailigh sé foireann bainistíochta inniúil ina thimpeall, Pól Mac an Airchinnigh agus Seosamh Ó Conchubhair ina measc. Sa chéad séasúr dá thréimhse i gceannas shroich Luimneach na cluichí leathcheannais den tsraith. Is iad na Gaillmhigh, an dream a bhuaigh an comórtas ar fad i ndeireadh báire, a sháraigh iad. Sa dara bliain faoi stiúir Sheáin, d’éirigh le Luimneach ardú céime a fháil sa tsraith tar éis seacht mbliana ag an leibhéal níos ísle. Ansin ar an 19ú Lúnasa 2018 thug foireann Luimnigh Corn Mhic Cárthaigh leo den chéad uair ó 1973. Tá go leor ráite agus scríofa ó shin i leith, ach b’fhéidir gur tháinig an rud ba shuntasaí a scríobh ó bhéal John féin ‘I said after the game, this is not the end. It’s the beginning’ (Fogarty 2018).

Bhuaigh Luimneach Sraith Náisiúnta na hÉireann in 2019 den chéad uair ó 1997 agus bhuaigh siad cluiche ceannais na Mumhan in aghaidh a sean-naimhde ar scór Luimneach 2-26 Tiobraid Árainn 2-14. Is cosúil go raibh sásamh domhain i gcroí an Chadhlaigh an lá ceannann céanna.

Tagairtí

Clerkin, M. (2018) ‘Kiely’s quiet revolution leads Limerick back to the top table’, The Irish Times, 28 Iúil 2018, ar fáil https://www.irishtimes.com/sport/gaelic-games/kiely-s-quiet-revolution-leads-limerick-back-to-the-top-table-1.3578368 [aimsithe 3 Samhain 2019]

Fogarty, J. (2018) ‘‘I said it after the game, this is not the end. It’s the beginning’ - John Kiely on the future of Limerick hurling’, Irish Examiner, 21 Lúnasa 2018, ar fáil https://www.irishexaminer.com/breakingnews/sport/gaa/i-said-it-after-the-game-this-is-not-the-end-its-the-beginning-john-kiely-on-the-future'-of-limerick-hurling-863435.html [aimsithe 3 Samhain 2019]