Úsáideoir:Árainngodeo!

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sacar na mBan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is i mí Dheireadh Fómhair i 1917 i monarchan i Preston, i Lancashire i dTuaisceart Shasana, áit a raibh mná fostaithe chun obair chogaidh a dhéanamh, a thosaigh mná ag imirt sacar den chéad uair i Sasana. Ar deireadh thiar thall bhí deireadh tagtha le lámh láidir na bhfear agus bhí éirí amach dá gcuid féin ag na mná. Ba le beirt Albanach, W.B. Dick agus John Kerr an monarchan, áit ar oibrigh na mná ag déanamh armlón nuair a thosaigh an cogadh i 1914. I ndáiríre bhí na Sasanaigh ag leanacht traidisiún na Meiriceánaigh sa chaoi is go mbeadh foireann sacar ag na mná. Théadh na mná amach ar a mbriseadh ag imirt sa chlós. Bhíodh na fir ag spochadh astu ag rá nach rabhadar ró-mhaith ag imirt. Ghríosaigh sé seo na mná agus chuireadar foireann le chéile agus d'imrídear cluiche in aghaidh na bhfear. Cé go luaitear sa stair gur imrídear a chéile, níl aon chaint ar thoradh an chluiche. B'iad seo foireann sacar Dick Kerr. D'fhan an fhoireann seo ag imirt ar feadh 48 bliain agus bhain siad stangadh as lucht leanúna an tsacair i Sasana a raibh forlámhas na bhfear i bhfeidhm ann i gcónaí. Tar éis sin bhí an-suim i Sacar na mBan i Sasana agus ar Lá le Stiofáin i 1920, imríodh cluiche an-cháiliúil i bPáirc Goodison i Learphóil idir mná Dick Kerr agus foireann Lancashire eile, mná St. Helen's. Bhí slua an-mhór ag an gcluiche (53,000 taobh istigh den stáid agus 10 go 15,000 lucht leanúna taobh amuigh nuair a bhí an stáid líonta go béal. Mar gheall ar seo, tháinig cluiche proifisiúnta na bhfear faoi bhrú agus i 1921 faoi bhrú aisteach b'éigean don eagraíocht sacar i Londain, an FA cosc a chur ar mhná bheith ag imirt sacar ar feadh 50 bliain. Níor éist na mná leis seo agus leanadar orthu ag imirt. I ndáríre ní bheidh a fhios againn go deo cé chomh maith is a bhí an fhoireann seo i gcomparáid le foirne mná sa lá atá inniu ann. Rud amháin atá cinnte ná gur sheas an fhoireann seo an fód ar feadh 48 bliain; d'imir siad 828 cluiche; bhuaigh siad 758 acu; bhí siad ar chomhscór i 46 cluiche agus níor cháilleadar ach 24 cluiche. Scóráil siad 3,500 cúl ar fad i rith a dtréimhse imeartha.

Sacar na mBan sa lá atá inniu ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir a ra gurbh é Sacar na mBan an spóirt is mó ar domhan ata borradh faoi i láthair na h-uaire.Meastar faoin mbliain 2010, go mbeidh an méid céanna mná ag imirt sacar le fir.Imrítear sacar go forleathan anois i ngach tír agus tá sé an-cháiliúil 'sna Stáit Aontaithe agus ar fud na h-Eorpa ar fad.I 1966 tugadh isteach Sacar na mBan 'sna Cluichí Oilimpeacha. Bhuaigh foireann Mheiriceá an bonn óir.Ansin i 1999 bhí Corn an Domhain i Sacar na m Ban ar siúl.Arís bhí an bua ag na Stáit Aontaithe ar chiceanna píonóis in aghaidh an tSín. I Sasana tá go leor fóirne mná ag baint cliú agus cáil amach.Ina measc tá mná 'Arsenal a bhfuil 21 trophy buaite acu ó bunaíodh iad i 1987.

Sacar na mBan in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Éirinn tá sacar na mban ag dul ó neart go neart. Tá cúpla club i ngach condae in Éirinn. Imrítear é ó aois an-óg. Tá foirne an-láidir 'sna coláistí tríú leibhéal ar nós foireann sacar na mban Ollscoil Luimnigh, Institiúd Theicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Port Láirge agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Sacar n mBan i nGaillimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I nGaillimh imríonn foireann Sacar na mBan Salthill Devon a gcuid cluichí i Drom i Rahún.Anseo tá áiseanna traenála den scoth acu, ina measc tá páirceanna astro-turf, páirceanna atá feiliúnach le n-imirt orthu in aon aimsir. Ta foireann sách láidir acu. Tosaíonn traenáil i mí Feabhra agus leanann an séasúr ag aghaidh go dtí Deireadh Fómhair.Bíonn traenáil dhá oiche in aghaidh na seachtaine le cluiche gach deireadh seachtaine sa réamh-shéasúr.Tá an fhoireann ag cuartú imreoirí nua an t-am ar fad chun an fhoireann a láidriú agus a neartú. Rud amháin atá cinnte ná go bhfuil Sacar na mBan ag fás i gcónaí ar fud an domhain.Tá an todhchaí ag breathnú thar bheith slaintiúil.

[[Image::UEFA Women's Cup Final 2005 at Potsdam 1.jpg]]