Úrscéal grafach
![]() | |
Cineál | seánra litríochta, leagan amach greannán agus foirm liteartha ![]() |
---|---|
Tréith | |
Príomhábhar | litríocht ghrafach ![]() |
Scéal i bhfoirm pictiúirí is ea úrscéal grafach.[1] Is féidir iad a shainiú mar chéim áirithe i bhforbairt na ngreannán (nó na gcoimicí) mar mheán ealaíne, oiriúnach do dhéagóirí agus daoine fásta, mar a bhíonn seifteanna liteartha le sonrú iontu ar nós príomhphlota an scéil a bheith fite fuaite i bhfophlotaí, agus tréithe eile ar de dhlúth is d'inneach an ghnáthúrscéil iad.[2]
Is téarma é a tháinig chun cinn agus foilsitheoirí ag iarraidh béim a chur ar na gnéithe sofaisticiúla seo chun cáil na páistiúlachta a chur díobh. Táthar ann a mheasann dá réir sin gur téarma gan ghá atá ann, gur chóir a sheachaint mar théarma margaíochta agus ina áit sin cur in aghaidh na gclaontaí a bhíonn ag daoine i leith na ngreannán mar mheán scéalaíochta.[3] Os a choinne sin, ceanglaítear coincheap an ghreannáin leis an ngreann féin, rud nach n-oireann chomh mór céanna do na húrscéalta grafacha trí chéile.[4]
Is é aidhm na húrscéalaíochta grafaí, dar leis an gcriticeoir Allison Marjorie, na léitheoirí a spreagadh agus a ndúshlán a thabhairt an domhain a thaiscéal ar bhealach níos iomláine.[5]
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ealaín
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Murab ionann agus úrscéalta eile, tugtar tús aite sna húrscéalta grafacha do na léaráidí leis an scéal féin a insint, seachas iad a bheith ina maisiúcháin air.[6][7] Cuireann sé seo seift fóinteach ar fáil don úrscéalaí: dealraimh, gluaiseachtaí, agus athruithe eile a chur in iúl gan dhul i muinín na bhfocal, rud gur féidir luas a chur le nó a bhaint d'imeachtaí an scéil agus a chabhraíonn leo dhul i bhfeidhm ar an léitheoir, m.sh. trí bagairt a chur i gcéill.[8][9]

Déantar suntas de bheocht agus d'áilleacht na n-úrscéalta grafacha lándaite,[10][11] ach is féidir le healaíontóirí cliste an-éifeacht a bhaint as léaráidí nach bhfuil ach dubh agus bán iontu nó iad atá trídhathach.[12] Ní mór an stíl ealaíne a chur in oiriúint d'éifeacht mhothálach an scéil, más stíl bladhmannach an aicsin laochais é, stíl a oireann don ghreann dorcha, nó stíl áibhéalach an chartúnaí.[13][7][14]
Cuidíonn an meán seo leis an úrscéalaí an teibíocht a sheachaint agus íomhá faoi leith atá ar intinn acu, nó éagsúlacht dealramh, a chur in iúl don léitheoir.[15]
Reacaireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fágann an bhéim seo ar an ealaín nach é saibhreas teanga, "friotal fileata ná aon phioc eile den trealamh a bhfuil cleachtadh againn air agus sinn ag plé leis an úrscéal liteartha" is tábhachtaí in úrscéal grafach,[14] ach ní hionann é sin agus a rá nach mbíonn a mbuanna féin ag an téacs.[6]

Tá taighde acadúil liteartha déanta ar struchtúr na scéalaíochta sna greannáin, más ábhar iontais do chuid den aos liteartha féin é, agus ní hamháin go mbíonn na foirmlí traidisiúnta reacaireachta in úsáid iontu,[16] ach bíonn "cineálacha reacaireachta, cainte agus smaointeoireachta" dá gcuid féin ag na húrscéalta grafacha a thagann chun solais iontu trí chéile.[2][3]

Bíonn tábhacht faoi leith ag baint leis na fuaimfhocail agus na hintriachtaí sna húrscéalta grafacha, le fuaimeanna a chur in iúl go cruinn díreach.[17][12] Is minic go mbaintear leas as béarlagair, abairtí neamhiomlána, agus rithimí sainiúla freisin.[5]
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ngeall ar a fhorbartha is a bhíonn siad ó thaobh físe de, is minic a chuirtear na húrscéalta grafacha i gcomparáid le scannáin.[9][17] Go deimhin, ní hannamh a réitítear scéal don scáileán a chonacthas ina húrscéal grafach an chéad lá, m.sh. Persepolis (2007),[2] Scott Pilgrim vs. the World (2010),[18] Vi är bäst! (2013, Gaeilge: Is Muide is Fearr!),[19] An Béal Bocht (2018),[20] Black is Beltza (2018, Gaeilge: Beltza a thugtar ar dhubh),[21] agus Nimona (2023, a bhí ina ghreannán gréasáin sula rinneadh úrscéal grafach de),[22] mar aon le cláracha mar Heartstopper (2021),[23] gan trácht ar athleaganacha eile amhail físeáin ceoil agus closleabhair.[24][22]
Luaitear cuma nua-aimseartha leis na húrscéalta grafacha,[1] ach ní in aisce a thagann na caighdeáin léiriúcháin – bíonn costas mór ag baint leis an gclódóireacht mar shampla.[2] Dá ainneoin sin, tá cáil na dílseachta ag lucht a léite. "Má thaitníonn údar agus a chuid carachtar nó ealaíontóir leis an léitheoir, is minic a theastaíonn uaidh na leabhair ar fad a fhoilsítear sa tsraith chéanna a cheannach."[25]
Bíodh go mbíonn daoine áirithe in amhras faoi fhiúntas na n-úrscéalta grafacha trí chéile, is féidir leis an meon nach "léitheoireacht ceart" atá iontu a bheith tairbheach freisin.[25] Is dá bharr sin go baileach a fhónann siad chomh maith sin mar chaitheamh aimsire sultmhar, na cinn a bhíonn ceaptha chuige. Léiriúchán air sin is ea an méid a dúirt Alan Titley i dtaobh Chorp an Duine Uasail, gur "ábhar scíthléitheoireachta é seo tríd is tríd, scéal breá éadrom a bhraitheann ar choimhlint, ar ghreann agus ar bheagán craicinn leis an léitheoir a choinneáil ag casadh na leathanach."[26]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cosúil go bhfuil an t-úrscéal grafach fréamhaithe sna tíortha ina labhraítear an Fhraincis.[2] Táthar ann a d'áireodh greannáin nó cnuasaigh stiallchartún (Fraincis: bandes dessinées) amhail Tintin na Beilge (1930) agus Asterix na Fraince (1961) mar úrscéalta grafacha cheana,[25] ach dar le húdair eile is cirte iad a áireamh i measc a réamhtheachtaithe sin.[2]


I Meiriceá áfach is ar leithéidí Superman (1938) agus Batman (1939) is mó a leagtar an bhéim agus fréamhacha an tseánra á rianú, .i. "coimicí an laochais" a ceapadh "mar chuid de litríocht an éalúchais i rith an Spealta Mhóir".[2]
Is droch-chlú a bhí ar na coimicí le fada an lá – "ón bhFrainc féin go Québec" bhí sé amuigh ar na coimicí gur "mauvaise littérature" nó "droch-litríocht" a bhí iontu. I Meiriceá, "síleadh gur bhain coimicí le cultúr neamhurchóideach na n-óg, agus buachaillí sna déaga gafa leo thar éinne eile."[2] In Éirinn, is ar pháistí a bhí Tír na nÓg (1923; 1945) dírithe gan amhras.[4]
Dar leis an scoláire litríochta Barbara Postema, is go tréan a bhíothas ag caitheamh anuas ar na greannáin i Meiriceá thiar sna 1950í "nuair a chuir síceolaithe agus oideachaseolaithe i Meiriceá i leith an tseánra gur chothaigh sé ‘neamhlitearthacht’ agus ‘dúil san fhoréigean’",[3] líomhaintí nach bhféadfaí a chur i leith leithéidí An Ghaedhil Óig ná Éire, Sean agus Nua abhus.[4] Le cur ina gcoinne thall áfach, thug na foilsitheoirí greannán cód féinchinsireachta isteach "ar eagla go gcuirfeadh na húdaráis cinsireacht dháiríre i bhfeidhm orthu."[3]

Bréagnaíodh na líomhaintí sin[3] agus tháinig "forbairt ollmhór ar ábhair is ar chaighdeán na gcoimicí Meiriceánacha ó lár go deireadh an fhichiú haois."[2] Tá Pól Ó Muirí deimhnitheach maidir leis an té a chuireann seisean an fhorbairt seo síos dó "os cionn mórán eile":
"Seans mór nach mbeadh i ngnó na ngreannán ar fad ach ábhar léitheoireachta do ghasúir mhí-aibí murach Frank Miller agus a shárshaothar, Batman: The Dark Knight Returns. [...] D’éirigh leis samhlaíocht, fantaisíocht agus réalachas a thabhairt le chéile in aon bheart Batmanach amháin agus rinne an seánra ar fad faiseanta."[27]
Is sna 1990í a tháinig "úrscéal grafach" mar théarma chun cinn go mór sa Bhéarla,[nóta 1] dar le Postema, agus na foilsitheoirí ag iarraidh éalú ón méid den dímheas sin a mhair fós, agus an ceangal a shamhlaítear le déagóirí go háirithe. "Téarma míchuí, dar le Postema, a cheileann éagsúlacht an tseánra."[3]
Is meán é an t-úrscéal grafach a bhfuil gluaiseachtaí a brúdh faoi chos tar éis leas a bhaint as thar na blianta, m.sh. "gluaiseachtaí rúnda na haiteachta" i suíomhanna naimhdeacha, lena scéalta féin a insint agus leis an iolracht féiniúlachta a thaispeáint.[5]

Is thart ar chasadh na mílaoise a tháinig an téarma "úrscéal grafach" sa treis sa Ghaeilge, le foilsiú an chéad leabhair den chineál seo in Éirinn i dteanga ar bith: insint Cholmáin Uí Raghallaigh (trí Chló Mhaigh Eo, i gcomhar le lucht Cartoon Saloon) ar fhuadach Naomh Pádraig agus a éalú ó dhaoirse, mar atá An Sclábhaí (2001).[2][28]

Sna blianta dar lean, tháinig na húrscéalta grafacha chun tosaigh go tréan i litríocht na Gaeilge de thairbhe a n-iarrachtaí siúd.[2] Chrom siad ar sraith bunaithe ar stair agus seanscéalaíocht na Gaeilge a chur amach faoi chló nua, scéalta dar leis an Raghallach "a bhí goidte le rófhada ag lucht an Bhéarla agus gur ghá iad a athghabháil dá dteanga nádúrtha dhúchais."[29] Thuill caighdeán ard a gcuid táirgí go leor duaiseanna náisiúnta dóibh.[2]
B'é úrscéal scigiúil an Nuallánaigh an chéad leabhar Gaeilge ón nua-aois a iompaíodh ina úrscéal grafach[13] agus tharla gurb é An Béal Bocht (2012) an chéad úrscéal grafach Gaeilge a rinneadh scannán de freisin cúpla bliain ina dhiaidh sin, scannán gearr beochana a bhuaigh an chraobh don bheochan is fearr ag Féile na Meán Ceilteach na bliana.[20]
Cor suntasach sa scéal ab ea Gráinne Mhaol (2013). Bhí Ríona Nic Congáil tar éis moladh go ndéanfaí úrscéal grafach de bheatha Ghráinne Ní Mháille, "banríon na mara"[2] agus b'í Gisella Pizatto, ealaíontóir ón mBrasaíl, a ráinigh a leithéid a chur i gcrích, le Bruno Büll á dhearadh agus Iarla Mac Aodha Bhuí á chur i nGaeilge.[30][31]

Ó lár na 2010í ar aghaidh, thosaigh foilsitheoirí eile, go háirithe Leabhar Breac agus Dalen, úrscéalta grafacha i nGaeilge a chur ar an margadh, idir chinn nua-cheaptha agus iad a bhí á n-aistriú ó theangacha eile[32][4] – obair fiúntach gur fiú cur leis mar a thug Tadhg Mac Dhonnagáin orthu.[33] Um an dtaca sin bhí an chéad úrscéal grafach i nGaeilge na hAlban foilsithe freisin, mar atá Saltire: Ionnsaigh (2014).[34]
Cloch mhíle faoi leith ab ea foilsiú An Róis Fiáin (2023), an chéad úrscéal grafach Gaeilge a aistríodh agus a fhoilsíodh sa teanga i bhfad i gcéin ó chríocha na hÉireann.[35] Faoi lár na 2020í, bhí an oiread sin sraitheanna nua tar éis teacht amach gur leomh Seán Mac Risteaird an cheist a chur i gcomhthéacs na litríochta Gaeilge: "An bhfuil muid i ré órga na n-úrscéalta grafacha?"[36]
Glacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an tuairim fós le cloisteáil scaití "nach leabhair chearta" iad na húrscéalta grafacha,[5] agus breathnaítear orthu scaití eile mar "fhosheánra aisteach a thiteann idir dhá stól – an scríbhneoireacht agus an ealaín ghrafach."[3] Bíodh sin mar atá, tá an tuiscint ag scaipeadh le blianta fada anuas go mbíonn a leithéid ann gur fiú don duine fásta a léamh.[2][14][32] Tuigtear go bhfuil an-tóir ar fhicsean grafach ar fud na cruinne.[37]
Tá cuairteoirí chun na Seapáine á thabhairt faoi deara le fada an lá go mbíonn an-tóir ar na manga ann, áit nach leasc le daoine fásta a léamh ar an traein.[38] Dar le lucht díolta na mbandes dessinées sa bhFrainc, bíonn pobal leathan léitheoireachta i gceist leo, "idir fhir is mhná agus óg is aosta." Is iad na scórtha milliún díobh a díoladh sa tír sin in 2009, méadú ar an mbliain a chuaigh roimhe in ainneoin chliste na mbanc.[25]
Déantar suntas den chaoi a thugann úrscéalta grafacha na Gaeilge blaiseadh don Ghael de scéalta agus de stíleanna ó chultúir éagsúla nó, le hais na n-úrscéalta grafacha a scríobhadh sa Ghaeilge sa chéad dul síos, bíonn cuid mhaith díobh ann freisin a aistrítear ó theangacha eile – ón bhFraincis agus ón mBéarla ach go háirithe, ón bPolainnis, agus ón Iodáilis freisin,[12] rud a fhágann gur ábhar úrnua a bhíonn ann "don chuid is mó againn, saothar a mbeadh muid dall air, seans, murach an t-aistriúchán [...]."[26]
Tá an-éagsúlacht ábhair le fáil iontu freisin – "Áirítear ficsean eolaíochta, scéalta bleachtaireachta, ficsean staire, scéalta faoin Iarthar Fiáin agus scéalta earótaice i measc na seánraí is coitianta sna húrscéalta grafacha mar aon leis na scéalta seanbhunaithe."[25]

Mar mhodh foghlamtha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toisc go gceaptar nach gcuireann na húrscéalta grafacha an dua céanna ar an léitheoir is a chuireann leabhair eile,[25] bíonn siad á gcur chun cinn mar bhealadh cur amach a fháil ar ábhar ar bhealach atá níos spraíúla, agus an litríocht thar aon rud eile. Tá úrscéalta "clasaiceacha" á n-iompú anois ina n-úrscéalta grafacha ó Madame Bovary Flaubert go Hamlet Shakespeare, gan trácht ar an leabhar scigiúil An Béal Bocht le Myles na gCopaleen.[2][13]
Más taitneamhach féin iad áfach, ní ceart breathnú orthu mar uirlisí teagaisc ná díreach mar mhaisiúcháin ar an téacs, nó tá "an ealaín agus an dearadh féin ar an téacs le cur sa mheá" agus a fiúntas á mheas.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Seanscéal gan meirg air". The Irish Times (26 Aibreán 2006). Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 2.11 2.12 2.13 2.14 Ríona Nic Congáil (Deireadh Fómhair 2009). "An tÚrscéal Grafach sa Ghaeilge". Comhar: lgh 7-10. JSTOR https://www.jstor.org/stable/41497647.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 Alex Hijmans (2022-04-02). "Tá ‘úrscéal grafach’ ar liosta na bhfocal atá curtha ar ceal agam". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 Claire M. Dunne. "Éabhlóid an Ghrinn i nGreannáin na Gaeilge". In R. Markus, M. Nic Eoin, D. Nic Mhathúna, E. Ní Mhuircheartaigh, B. Ó Conchubair, B., agus P. Ó Liatháin (Eagí), Ar an Imeall i Lár an Domhain: Ag Trasnú Tairseacha Staire, Teanga, Litríochta agus Cultúir: lgh 469-484. Leabhar Breac.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Seán Mac Risteaird (Nollaig 2024). "Scéal álainn dearfach". Comhar. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 6.0 6.1 "Toraíocht leabhar". The Irish Times (06 Samhain 2002). Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 7.0 7.1 Meadhbh Ní Eadhra (2024-09-18). "Cuisle agus draíocht ‘Heartstopper’ tagtha slán sa leagan Gaeilge". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ Aonghus Ó hAlmhain (2019-07-03). "Cú". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 9.0 9.1 Aonghus Ó hAlmhain (2019-09-13). "Cú". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ "Dathanna! Gach aon chineal dathanna!". The Irish Times (05 Samhain 2003). Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ "Scott Pilgrim ar fáil sa Ghaeilge" (2024-08-08). RTÉ.
- ↑ 12.0 12.1 12.2 Eoin P. Ó Murchú (2017-07-15). "Léirmheas: Cú". NÓS. Dáta rochtana: 2025-04-02.
- ↑ 13.0 13.1 13.2 Aonghus Ó hAlmhain (2013-05-27). "An Milléanach léirithe!". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 14.0 14.1 14.2 Alan Titley (2021-12-16). "Bhí dul amú orm faoin úrscéal grafach…anois, cá bhfaighinn ceann eile i nGaeilge?". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ Marie Whelton (Márta 2019). "Léirmheas: Kostka". Comhar 79 (3): lgh 29-30. JSTOR https://www.jstor.org/stable/26774701.
- ↑ Dr Seán Mac Risteaird (2025-03-24). "Na hÍobairtí Oghaim - scéinséir suite i lár cogaidh an dá regime". RTÉ.
- ↑ 17.0 17.1 Antain Mac Lochlainn (2015-08-26). "Cén Ghaeilge a bheadh ar biff, ouch, ahem agus eh? Meh, an freagra ag na foclóirí…". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ "Tá na céadta daoine ag léamh Scott Pilgrim as Gaeilge". NÓS (2024-07-23). Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (2014-12-04). "Imeachtaí: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 20.0 20.1 Méabh Ní Thuathaláin (2018-05-02). "‘An Béal Bocht’ agus ‘Rocky Ros Muc’ i measc na mbuaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ "Black is beltza | Getxo Kultura" (eu). getxo-kultura.eus. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 22.0 22.1 Eoin Ó Dubhghaill (2023-07-05). "Cén chaoi nach bhféadfá titim i ngrá le 'Nimona'?". NÓS. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ Jane Nic Uilliam. "Aistriúchán Gaeilge den úrscéal ghrafach ‘Heartstopper’". Meon Eile. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ féach Ben Ó Faoláin (2015-12-23). "Albaim na Bliana: 20-11". NÓS. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 25.0 25.1 25.2 25.3 25.4 25.5 P.J. Mac Gabhann (Bealtaine 2010). "Alors, an tÚrscéal Grafach". Comhar 70 (5): lgh 12-13. JSTOR https://www.jstor.org/stable/41497847.
- ↑ 26.0 26.1 Máirtín Coilféir (Feabhra 2016). "Leabhar na Míosa – Corp an Duine Uasail". Comhar 76 (2): lgh 27-28. JSTOR https://www.jstor.org/stable/43825059. ar lean
- ↑ Pól Ó Muirí (2019-03-11). "An rud is annamh is iontach – greannán aistrithe go Gaeilge". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ "Literature Ireland" (en-IE). www.literatureireland.com. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ Colmán Ó Raghallaigh (2002). "Cló Mhaigh Eo". Beo!. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ "Leabhar bliana ag Gráinne" (20 Samhain 2013). Seachtain: lch 3.
- ↑ Aonghus Ó hAlmhain (2014-06-02). "Gráinne Mhaol". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ 32.0 32.1 Conchubhar Ó Liatháin (18 Deireadh Fómhair 2017). "Séasúr na seoltaí". Seachtain: lgh 4 ⁊ 13.
- ↑ Tadhg Mac Dhonnagáin (Iúil 2022). "Éiceachóras na leabhar Gaeilge". Comhar. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ "Laoch na hAlban Saltire ar ais linn" (27 Lúnasa 2014). Seachtain: lch 2.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (2023-09-06). "Úrscéal Gaeilge le foilsiú i gCeanada den chéad uair". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ Seán Mac Risteaird (Aibreán 2025). "Léirmheas – Scott Pilgrim". Comhar lgh 26-27. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ An Draoi Rua (2025-04-08). "Léirmheas: Na Draoithe - 1. Na hÍobairtí Oghaim". NÓS. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ Jackie Mac Donnacha (2003). "Ó Éirí go Luí na Gréine". Iris an Phléaráca 2003: lch 35.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ailt le téacs sa Bhéarla
- Ailt le téacs sa Ghaeilge
- Ailt le téacs sa Fhraincis
- Úrscéalta grafacha
- Úrscéalta
- Úrscéalta de réir sheánra
- Ficsean de réir seánra
- Leabhair de réir sheánra
- Greannáin
- Greannáin de réir sheánra
- Greannáin de réir fhormáid
- Cartúnaíocht
- Ealaíona teangabhunaithe
- Tarraingeoireacht
- Míndána
- Meáin ealaíne