Teinisín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Únúinseiptiam)
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachTeinisín
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Teinisín sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachTs agus Uus
Uimhir adamhach117
Peiriad, Grúpapeiread 7
halaiginí
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirYuri Oganessian
Fionnachtain2009 agus 2010
EapainmTennessee

Is dúil cheimiceach é an teinisín. Is é an uimhir adamhach atá aige ná 117 agus is é Ts an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha.

Tháinig eolaithe Rúiseacha agus Meiriceánacha ar an teinisín in éineacht i lárionad taighde na fisice in Dubno in aice le Moscó sa bhliain 2010. Fuair an dúil a hainm ó eagraíochtaí idirnáisiúnta na gceimiceoirí (Aontas Idirnáisiúnta na Glancheimice is na Ceimice Feidhmí, IUPAC) agus na bhfisiceoirí (Aontas Idirnáisiúnta na Glanfhisice is na Fisice Feidhmí, IUPAP) sa bhliain 2016. Is é stát Tennessee sna Stáit Aontaithe is bunús leis an ainm.

Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil radaighníomhach é an teinisín a dtagann meath radaighníomhach uirthi go tiubh. San am chéanna áfach deir na fisiceoirí go bhfuil an teinisín cuíosach cobhsaí i gcomparáid leis na dúile eile ar aon mheáchan, a bheag nó a mhór, leis. Deirtear go bhfuil an teinisín suite in "oileán na cobhsaíochta", is é sin, i ngrúpa na ndúl trom nach bhfuil ag cloí le gnáthchlaonadh na ndúl seo ó thaobh na leathré de. Mar sin féin, níl an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an teinisín, Ts-294, ach 51 mhilleasoicind ar leathré.

Tá an teinisín suite in aon ghrúpa leis na halaiginí i dtábla peiriadach na ndúl, ach is deacair a rá an bhfuil a iompar ceimiceach cosúil leis na halaiginí. Ar an gcéad dul síos, cuireann iarmhairtí coibhneasaíocha (iarmhairtí a bhfuil baint acu le teoiric coibhneasachta Einstein) an córas peiriadach as a riocht ag dúile atá chomh trom seo, agus ar an dara dul síos, tá an teinisín chomh héagobhsaí is nach féidir eiseamal de a aonrú a chuirfeadh ar chumas na gceimiceoirí turgnaimh a dhéanamh leis an teinisín.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]