Úirchill an Chreagáin (Áit)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Úirchill an Chreagáin

Is reilig in aice le Crois Mhic Lionnáin i ndeisceart Ard Mhacha ar scríobh Art Mac Cumhaigh dán cáiliúil fúithi í Úirchill an Chreagáin.

Tá Úirchill an Chreagáin ann i gcónaí - reilig de chuid Eaglais na hÉireann anois é i gceantar an Chreagáin. Bhí an phluais nó an chnámhlann inar chum Art Mac Cumhaigh dán den ainm céanna sin caillte ar feadh na mblianta ach chuaigh tarracóir thairis agus aimsíodh an áit de thaisme arís. Tá blaoscanna na Niallach le feiceáil go fóill sa chill - "géaga glandaite Néill Fhrasaigh" gan aon áibhéil.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]