Úgónach (reiligiún)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaÚgónach
Croix Huguenote.jpg
Cineálgrúpa eitnireiligiúnach
Teangaan Fhraincis
CreideamhAn Protastúnachas
EapainmBesançon Hugues (en) Aistrigh
Tíreolaíocht
StáitAn Fhrainc
An cros Úgóineach

Is éard is Úgónach ann ná duine atá ina bhall d'aicme creidimh Protastúnach Francach a tháinig ar an saol sa Fhrainc sa 16ú haois, faoi anáil Eoin Cailvín. Tír Chaitliceach ab ea an Fhrainc agus thosaigh an rí ag déanamh géarleanúna orthu. Tar éis tamaill theith siad ón tír. Tugadh Úgónaigh ar lucht leanúna Calvin sa bhFrainc.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh géarleanúint ina gcoinne ag tosnú sa 16ú haois.[1] Bhí Ár Lá Fhéile Bairtliméid (1572) an sléacht ba chlúití a rinne orthu. D'ainneoin sin, bhí suas le dhá mhilliún Úgóineach sa Fhrainc faoin 17ú haois, an t-ochtú cuid de dhaonra na tíre, i lár, deisceart agus oirthear na tíre go príomha.

Thug Forógra Nantes (1598)[2] aitheantas ar an chuid is mó dá gceart.

Sa bhliain 1685, d'eisigh an rí Caitliceach na Fraince, Louis XIV, Forógra Fontainebleau a bhain a saoirse creidimh díobh agus cuireadh tús le géarleanúint fhíochmhar orthu. D'éirigh le leathmhilliún Úgóineach éalú ón tír. Fuair an chuid eile díobh bás nó ghlac siad leis an gCaitliceachas.

Imeacht na nÚgónach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an imirce an t-aon bhealach éalaithe atá ag na hÚgónaigh agus chuir siad fúthu áit ar bith a raibh cead acu. D'éirigh go maith leo mar lucht gnó, dhochtúirí, intleachtóirí agus a leithéid ina lán tíortha ón Afraic Theas go Meiriceá Thuaidh. Ba i dtíortha Protastúnacha na hEorpa a chuaigh an chuid ba mhó díobh a chónaí.

Na hÚgónaigh in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig pobal beag Úgónach go hÉireann ón Fhrainc, i ndiaidh do Louis XIV a gcearta a bhaint díobh.[3] Chuir roinnt acu fúthu i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus áiteanna eile, i gCúige Laighean an chuid is mó. Ach tá áit i gCathair Chorcaí agus tugtar Ceantar Úgónach air fós.[4]

Bhí tionchar díréireach acu ar an tír. Mar shampla, deirtear gur thug na hÚgónaigh an blaa isteach sa 17ú haois. Deirtear freisin go dtagann an focal ón bhFraincis (blanc nó bán) de thoradh ar an bplúr.

Ár Lá Fhéile Bairtliméid, 1572,pictiúir de chuid François Dubois

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Reifirméisean" (en). prezi.com. Dáta rochtana: 2021-10-31.
  2. "Edict of Nantes" (as en) (2021-10-09). Wikipedia. 
  3. Liz Curtis (2001). "An doicheall roimh na Sínigh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-31.
  4. "An reifirméisean timpeall NA hEorpa Flashcards | Chegg.com". www.chegg.com. Dáta rochtana: 2021-10-31.