Údarás na Palaistíne
|
|||||
Aintiún | Fida'i ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | transitional government (en) ![]() gníomhaireacht rialtais executive branch (en) ![]() ![]() | ||||
Teanga oifigiúil | Araibis na Palaistíne ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1994 | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 5 Eanáir 2013 ![]() | ||||
Rud nó duine a tháinig ina áit | Stát na Palaistíne ![]() | ||||
' | Gaza–Jericho Agreement (en) ![]() ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtarán Údarás Náisiúnta na Palaistíne ![]() | Mahmoud Abbas ![]() | ||||
Úinéir de | |||||
Suíomh gréasáin | minfo.gov.ps ![]() | ||||
Bunaíodh Údarás na Palaistíne[1] ar "bhunús sealadach" sa bhliain 1994 mar chuid de ‘Phróiseas na Palaistíne’ agus Comhaontuithe Osló, Ní raibh ann ach "réiteach sealadach". Tugadh thréimhse chúig bliana don Údarás ag an am, tréimhse sáraithe i bhfad ó shin.
Ar an 20 Eanáir 1996, toghadh Arafat ina uachtarán ar an Údarás. Is faoin dream polaitiúil Fatah atá an tÚdarás ó shin. Fuair Arafat bás in 2004 agus toghadh Mahmoud Abbas.
Deir Údarás na Palaistíne gur ag iarraidh an dlí a chur i bhfeidhm atá siad sna Críocha faoi Fhorghabháil. Tá an eagraíocht maoinithe ag na Stáit Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach.

Gaza
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, i mí na Samhna 2023 go bhféadfar Gaza a chur lena chúram freisin tar éis Hamas a chloí i nGaza. Dúirt Antony Blinken "Ba chóir Údaráis na Palaistíne a bheith freagrach as cúrsaí riaracháin sa stráice".[2] Mhol na Meiriceánaigh gur chóir Údarás na Palaistíne a bheith freagrach as cúrsaí riaracháin lena n-áirítear córas póilíneachta inmheánach, ach dhiúltaigh na hIosraelaigh don mholadh sin scun scan.[3]
Bhí sé ráite ag Uachtarán an Údaráis, Mahmoud Abbas, go mbeadh sé sásta glacadh leis an gcúram céanna.[4] Ach dúirt sé chomh maith nach mbeidh Údarás na Palaistíne sásta a bheith freagrach as an stráice mura mbeadh Hamas mar chuid den rialtas.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Palestinian Authority
- ↑ "Na mílte Palaistíneach eile teite ó thuaisceart Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-09). Dáta rochtana: 2025-01-12.
- ↑ "Bliain ó thús an chogaidh in Gaza, níor éirigh le hIosrael Hamas a scrios, ach is ar Hezbolladh atá a n-aird anois" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-10-07). Dáta rochtana: 2025-01-12.
- ↑ An Páipéar (2024-12-21). "Údarás na Palaistíne i gcoinne Threodairí na Saoirse" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-12.
- ↑ "Os cionn 20,000 duine marbh agus Gaza faoi léigear" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-01). Dáta rochtana: 2025-01-12.
![]() | Is síol faoi réigiún na Palaistíne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |