Jump to content

Údarás Póilíneachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaÚdarás Póilíneachta
Sonraí
Cineálstatutory authority (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2 Aibreán 2025

Suíomh gréasáinpcsaireland.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh an tÚdarás Póilíneachta mar chomhlacht neamhspleách le maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht An Gharda Síochána maidir le seirbhísí póilíneachta in Éirinn. Is iad príomhchuspóirí an Údaráis ná muinín agus iontaoibh i bpóilíneacht a chur chun cinn agus cúnamh a thabhairt do sheirbhísí póilíneachta in Éirinn sa todhchaí.

Is comhlacht reachtúil é an tÚdarás, a bhunaigh in Acht an Gharda Síochána (An tÚdarás Póilíneachta agus Forálacha Ilghnéitheacha), 2015. Bhí na feidhmeanna faoi fhreagracht an Rialtais nó an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta roimhe seo.[1]

Is é príomhaidhm an Údaráis Phóilíneachta ná maoirseacht a dhéanamh ar an nGarda Síochána i seirbhísí póilíneachta a chur ar fáil. Leagann an tÚdarás Póilíneachta amach tosaíochtaí agus spriocanna feidhmíochta don Gharda Síochána, mar shampla, ráiteas Straitéiseach trí bliana An Gharda Síochána, agus An Plean Bliantúil Póilíneachta, a cheadú, agusosaíochtaí Póilíneachta agus spriocanna feidhmíochta don Gharda Síochána a leagan amach. Tugann an tÚdarás faoi réimse gníomhaíochtaí a bhaineann le pearsanra a cheapadh don Gharda Síochána, lena n-áirítear ag ainmniú daoine do cheapachán faoin Rialtas do phoist Choimisinéir na nGardaí agus Leas-Choimisinéir na nGardaí (agus do na poist shinsearacha eile).[2]

Níl aon ról ag an Údarás maidir le déileáil le gearáin aonair. Pléann Fiosrú / GSOC[3][4] le gearáin ó bhaill an phobail maidir le hiompar chomhaltaí an Gharda Síochána. Tugann Cigireacht an Gharda Síochána faoi iniúchtaí nó fiosrúcháin ar ghnéithe áirithe d’obair agus de riarachán an Gharda Síochána. Níl ról cigireachta ag an Údarás Póilíneachta ach féadfaidh sé iarraidh ar an gCigireacht fiosrúchán a dhéanamh ar ábhar ar bith. Tá ról ag an Údarás freisin i bhfaireachán agus i measúnú a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil na moltaí i dtuarascálacha ó Chigireacht an Gharda Síochána á gcur chun feidhme ag an nGarda Síochána.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "About Us" (ga). Policing Authority. Dáta rochtana: 2025-06-06.
  2. "What We Do" (ga). Policing Authority. Dáta rochtana: 2025-06-06.
  3. Garda Síochána Ombudsman Commission, nó the Office of the Police Ombudsman i
  4. 4.0 4.1 "Fiosrú – the Office of the Police Ombudsman" (as en) (2025-05-03). Wikipedia. 
  5. policingauthority.ie. "Ról na 3 ghníomhaireacht - Bileog Eolais". Dáta rochtana: 2025.