Jump to content

Údarás Craolacháin na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaÚdarás Craolacháin na hÉireann
Sonraí
Cineálgníomhaireacht rialála
údarás craolacháin Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1 Deireadh Fómhair 2009
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte15 Márta 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitCoimisiún na Meán Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
MáthaireagraíochtAn Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (–2020)
An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt (2020–2023) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbai.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: BAIreland X: BAItweets Cuir in eagar ar Wikidata

Rialtóir craolacháin ba ea Údarás Craolacháin na hÉireann (UCÉ).[1] Tháinig an UCÉ ar an bhfód in 2009 mar rialtóir le haghaidh craolacháin poiblí agus tráchtála araon in Éirinn.

Tháinig Coimisiún na Meán i gcomharbas ar Údarás Craolacháin na hÉireann i mí an Mhárta 2023.

Príomhfheidhmeanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'iad na príomhfheidhmeanna ná:

• seirbhísí raidió agus teilifíse sa bhreis ar na seirbhísí a sholáthraíonn RTÉ, TG4, Cainéal Theilifís an Oireachtais agus Cainéal Scannán na hÉireann a cheadúnú

• cóid agus rialacha craolacháin a shainiú

• tuairim a thabhairt maidir le feidhmíocht RTÉ agus TG4 bunaithe ar a gcuspóirí poiblí bliantúla sonraithe agus leordhóthanacht nó neamh-leordhóthanacht an mhaoinithe phoiblí atá ar fáil do Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí chun a gcuspóirí seirbhísí poiblí a chur i gcrích

• maoiniú a sholáthar agus a dheonú ar chláir agus ar chartlannú a bhaineann le cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann faoin Scéim um Maoiniú Craolacháin

• monatóireacht agus forfheidhmiú chomhlíonadh na gcraoltóirí ceadúnaithe leis na cóid agus rialacha craolacháin agus/nó lena gconarthaí craolacháin

• socrú agus cinneadh a dhéanamh maidir le gearáin ó lucht féachana agus ó lucht éisteachta maidir le hábhar craolacháin ar sheirbhísí craolacháin na hÉireann

• tacú le forbairt na hearnála craolacháin trí thaighde agus oiliúint

• tacú leis an tuiscint atá ag an bpobal ar na meáin trí chomhoibriú le craoltóirí agus le hoideachasóirí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Broadcasting Authority of IrelandBAI