Lus buí Albanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ór Muire)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLus buí Albanach
Calendula officinalis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo decalendula flower (en) Aistrigh agus ola síolta Calendula officinalis Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Dath na mbláthannabuí, flannbhuí agus dath cré-umhaí Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál an toraidhaicéin Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
TreibhCalenduleae
GéineasCalendula
SpeiceasCalendula officinalis Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda bliantúil nó ilbhliantúil a fhásann 70 cm ar airde is ea lus buí Albanachór Muire (Calendula officinalis).[1] Rud beag greamaitheach don tadhall. Na duilleoga liánchruthach, na bláthchinn aonaracha suas le 7 cm ar leithead, na bláthóga gathacha seachtracha flannbhuí nó buí, i gcuid mhaith línte go minic, an toradh bádchruthach. Is planda coitianta gairdín é. Tá sé á shaothrú chomh fada sin agus san oiread sin áiteanna nach bhfuiltear lánchinnte cárb as dó, ach ceaptar go bhfuil sé dúchasach do dheisceart na hEorpa. Bhaintí feidhm as na peitil thriomaithe chun im a dhathú agus úsáidtear iad chun sailéid a mhaisiú. Bíonn na duilleoga inite freisin ach dobhlasta go minic.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Calendula officinalis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-29.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ór Muire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 498.