Jump to content

Ón Domhan Thíos (closdráma)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar Ceoil class=skin-invertÓn Domhan Thíos
Foirm cheoilpodchraoladh Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirRichie Conroy
Teanga an tsaothair nó an ainmAn Ghaeilge
SeánraClosdráma
Cuid deRaidió na Gaeltachta, RTÉjr Radio
CodannaSraith 1: 8
Sraith 2:
Suíomh scéalaíochtaÉire
CarachtairÉala, Tomás, Síofra, Eoinín
Céadléiriú
Céadléiriú06/03/2024

Dráma podchraolta is ea Ón Domhan Thíos a bhaineann lena thiteann amach do cheathrar cara sna luath-déaga tar éis dóibh baint do lios sidhe.[1][2] Tugann an tsraith "ar thuras draíochtúil, mistéireach isteach i bhfinscéalta na hÉireann" iad.[3]

Lios mór na Rátha Gile i sléibhte Chill Mhantáin

Richie Conroy a scríobh Ón Domhan Thíos agus Fíbín Media a léirigh i gcomhair Raidió na Gaeltachta agus RTÉjr Radio.[2][4]

Fógraíodh go mbeadh an dara sraith á eisiúint i 2026.[4]

Baineann duine de na cairde de lios sidhe agus tarlaíonn rud nach féidir leis na cairde bun ná barr a dhéanamh as. Caithfidh siad dul "sa tóir ar fhreagraí, ach, an mbeidh siad sásta leis na freagraí a aimsíonn siad?"[5]

Tosaíonn an dara sraith bliain tar éis imeachtaí an chéad sraithe. Caitear saol na gcarachtar in aer nuair a nochtann duine diamhrach.[4]

Bronnadh Gradam Zebbie ó cheardchuallacht na scríbhneoirí Éireannacha ar na scríbhneoirí Richie Conroy agus Sophie Hodkinson don script raidió is fearr.[4]

Ghnóthaigh Ón Domhan Thíos an dara háit ag Gradaim Raidió IMRO 2024 sa chatagóir Craoltóireacht le Gaeilge.[6]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]