Óbidos (an Phortaingéil)
| Suíomh | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| |||||
| Stát ceannasach | an Phortaingéil | ||||
| District of Portugal (en) | Leiria (en) | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 11,689 (2011) | ||||
| • Dlús | 82.58 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 141.55 km² | ||||
| Airde | 49 m | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Saoire phoiblí | |||||
| Éarlamh | Muire | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 2510 | ||||
| Glaochód | 262 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | cm-obidos.pt | ||||
Is baile agus bardas é Óbidos (fuaimniú sa Phortaingéilis: [ˈɔβiðuʃ]) atá suite i réigiún Oeste (san Estremadura sa sean-am) agus i gcontae Leiria sa Phortaingéil.
Is cathair bheag ghleoite í Óbidos, thuas ar chnocán creagach. Tá caisleán iontach Múrach/meánaoiseach ar bharr an chnoic, caisleán a thóg na Múraigh idir an 9ú agus an 12ú hAois agus ar chuir na Portaingéalaigh leis le linn an reconquista (athghabháil na hIbéire). Inniu is "páirc spraoi do thurasóirí" é an baile.[1]






Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann an t-ainm "Óbidos" ó fhocal Laidine (oppidum, nó cathair cosanta) bunaithe ar an bhfocal Ceilteach "Eburobricio". D'fhás an bardas ó lonnaíocht Rómhánach in aice le cnoc.
Tréimhse luath
Tá taifid ann go raibh daoine ina gcónaí sa réigiún seo ó dheireadh an Ré Phailéiliteach. Lonnaigh treibheanna Ceilteacha ann, agus bhí sí ina hionad trádála níos déanaí do na Féiníceaigh. Tógadh daingean cósta Rómhánach ann, a bhí nasctha le príomhionad Rómhánach Eburobrittium. Aimsíodh iarsmaí agus struchtúir Rómhánacha eile.
Tréigeadh Eburobrittium sa 5ú haois ar mhaithe le suíomh níos sábháilte ar bharr an chnoic, áit a bhfuil an baile lonnaithe inniu. Tar éis thitim na Róimhe tháinig an réigiún faoi thionchar na Viseagótach. I ndiaidh na bliana 713 bhunaigh na Múraigh dúnfort ar an gcnoc
An Mheánaois
Gabhadh an chathair ó na Múraigh le linn réimeas an chéad Rí na Portaingéile, Afonso Henriques, sa bhliain 1148. De réir an traidisiúin ba é an ridire Gonçalo Mendes da Maia a bhí freagrach as an ruathar ar an gcaisleán Múrach. Ba é athghabháil Óbidos céim dheireanach an choncais i réigiún Estremadura, i ndiaidh ionradh ar Santarém, Liospóin agus Torres Vedras. Fuair an lonnaíocht a chéad chairt oifigiúil sa bhliain 1195 le linn réimeas an Rí Sancho I.
Sa bhliain 1210 thug an Rí Afonso II teideal an bhaile seo don Bhanríon Urraca. Ón am sin i leith bhí Óbidos faoi phátrúnacht Banríonacha na Portaingéile, rud a thug teideal neamhoifigiúil dó: Vila das Rainhas (Baile na mBanríonacha).
Athdhearadh an caisleán agus na ballaí le linn réimeas an Rí Dinis I. Neartaíodh agus feabhsaíodh an struchtúr aolchloch agus marmar, agus thóg an Rí Fernando an daingean sa 14ú haois.
Phós an Rí Afonso V a chol ceathrar, an Banphrionsa Isabella (as Coimbra), ar an 15 Lúnasa 1441 san Eaglais Santa Maria , agus iad 9 agus 10 mbliana d'aois faoi seach.
Rinne crith talún 1755 damáiste ollmhór do bhallaí an bhaile, do roinnt eaglaisí agus d'fhoirgnimh mhóra.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an bardas suite ar chósta an Aigéin Atlantaigh. Tá teorainneacha aige leis an gCaldas da Rainha sa tuaisceart agus san oirthear, le Bombarral sa deisceart, le Lourinhã san iarthuaisceart agus le Peniche san iarthar.
Sa bhliain 2011 bhí 11,772 duine ina gcónaí sa bhardas ar fad, agus thart ar 3,100 duine ina gcónaí sa bhaile féin.
Cúltúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Óbidos ina cathair litríochta UNESCO (cosúil le Baile Átha Cliath).[1]
Sa bhliain 2015 cuireadh tús le Féile Idirnáisiúnta Litríochta Obidos nó an Fólio (Festival Literário Internacional de Óbidos), féile i mí Dheireadh Fómhair gach bliain ó shin. Tá clú ar na siopaí leabhar sa bhaile; tá 14 siopa leabhar ann, ceann acu i séipéal, agus ceann eile, Livraria do Mercado Biológico, a dhíolann iasc chomh maith le leabhair.
Tá limistéar an bhaile suite ar bharr cnoic. Is sampla dea-chaomhnaithe d'ailtireacht mheánaoiseach é Óbidos, agus bíonn an-siúl ar an gceann scríbe seo; a shráideanna, a chearnóga, a bhallaí agus a chaisleán. Tá pousada (teach aíochta) sa chaisleán anois.
Meallann Óbidos líon mór cuairteoirí i rith an tsamhraidh, go háirithe le linn an Fhéile Mheánaoiseach chlúiteach a tharlaíonn gach bliain i mí Iúil, agus le linn an Fhéile Idirnáisiúnta Seacláide a tharlaíonn i mí an Mhárta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Alex Hijmans (17 Eanáir 2026). "Agus dá mbeadh cónaí orm i ‘gcathair litríochta’ de chuid UNESCO?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-24.
