Jump to content

Ó Cadhain i bhFeasta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharÓ Cadhain i bhFeasta

Is cnuasach alt agus scríbhinní ilchineálacha de chuid Mháirtín Uí Chadhain a céadfhoilsíodh san iris liteartha Feasta é Ó Cadhain i bhFeasta. Seán Ó Laighin a chuir in eagar agus Clódhanna Teoranta a d'fhoilsigh sa bhliain 1990. 460 leathanach atá ann.

Sa réamhrá gearr ag an eagarthóir, deir sé linn go bhfuil anseo gach a scríobh Máirtín ar an iris úd nach maireann. Is beag dá shaothar cruthaitheach atá anseo ámh, ach amháin chéad dréachtanna de cheithre ghearrscéal a bhí sa chnuasach, Cois Caoláire (1953). Tá sliocht as Athnuachan nár cuireadh i gcló ach sa bhliain 1995. Tá trí aistriúchán aige ón mBriotáinis ann freisin nach gcuirfí i gcló i leabhar arís go dtí na bliana 2025 le foilsiú Diskan – Agallamh.

Is dóigh gurb iad na príomhshaothair aige anseo ná an dá aiste/léacht “Tuige nach bhfuil Litríocht na Gaeilge ag Fás?” (1949) agus “Béaloideas” (1950, léacht a tugadh os comhair Cumann na Scríbhneoirí) maille leis an gcomhfhreagras a lean iad. Spléachadh maith eile ar smaointeachas Mháirtín is ea an dá aiste úd.

‘Níl, dar liom, gaisce mhór ar bith déanta i litríocht Ghaeilge na linne seo.... Ach bhí go dearfa triúr againn Pádraic Ó Conaire, An Piarsach, agus Seosamh Mac Grianna a chomhairfí ina bhfíorscríbhneoirí de réir modh measta ar bith’ (‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?)

Tá léirmheasanna leabhar a scríobh sé anseo agus léirmheasanna a scríobhadh ar a shaothar-san. Tá comhfhreagras a lean an t-aistriúchán a rinne sé ar léacht Saunders Lewis ón mBreatnais “Bás nó Beatha” (1963). Tá corrchonspóid eile anseo a thaispeánann an chaoi nach raibh faitíos ar Mháirtín dul i gcointinn le daoine, nó a smaointe a nochtadh gan frapa gan taca. Tá an sciolladh a rinne sé ar Tarlach Ó hUid sa bhliain 1960 anseo, agus mar a sheas Tarlach an fód go stuama calma ina choinne.

Is ar éigean atá smaointeoireacht pholaitiúil Mháirtín le léamh anseo ar chor ar bith. B'fhéidir nach bhfoilseodh Feasta a leithéid, agus é ina iris ag Conradh na Gaeilge a mbíodh Máirtín ag tromaíocht orthu go rialta.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]