Élothach mac Fáelchon
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 730í |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Chinnsealaigh |
Rí Uí Chinnsealaigh na Laigean Theas ba ea Éalathach mac Faolcháin (Sean-Ghaeilge Élothach mac Fáelchon) (bás c. 734). Faolán mac Síoláin, iar-rí, ba ea a sheanathair. Ba bhall de Shíol Fhaolcháin na Laigean é.[1]
Feictear Éalathach sna ríliostaí mar chomharba Laoghchinn mhic Con Mealla (bás 727) agus tugtar réimeas seacht mbliana dó, a chuirfeadh le fios go raibh sé i réim idir 727-734.[2] Tá a chomharba, Aodh mac Colgan (bás 738) de Shíol Chormaic, le feiceáil sna hannála le linn an ama úd, agus é i gceannas arm na Laighean Theas in éadan na Mumhan sa bhliain 732.[3] Cloíodh agus maraíodh Éalathach ag Cath Oenbethi ag Aodh féin.[2]
Ba bhunaitheoir é den Síl nÉladaig, a bhfuil Síol Éalaigh i gContae Chill Mhantáin ainmnithe astu.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Rig Hua Cendselaig
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 10
- ↑ 2.0 2.1 Leabhar Laighneach, Rig Hua Cendselaig
- ↑ Annála Uladh, AU 732.12