Élisa Deroche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÉlisa Deroche

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Élise Léontine Deroche
22 Lúnasa 1882
4ú arrondissement Pháras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Iúil 1919
36 bliana d'aois
Le Crotoy, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach (Timpiste eitlíochta)
Áit adhlacthaReilig Père-Lachaise, 92 48°51′40″N 2°23′50″E / 48.861167°N 2.397153°E / 48.861167; 2.397153
Grave of Laroche (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeitleoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Eile
Teideal uasalBarún Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJacques Vial (1915–1917) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Ba í Élisa Deroche, Elise Raymonde Deroche, nó níos déanaí 'Baron' 'Delarochede Laroche' (22 Lúnasa 1882 i bPáras18 Iúil 1919 sa Somme) an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta agus an chéad baneitleoir nó banphíolóta ar domhan le ceadúnas píolóta.[1][2]

rinneadh cártai poist di... anseo sa bhliain 1907

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aisteoir agus máthair[cuir in eagar | athraigh foinse]

timpeall 1909[3]

Aisteoir agus áilleagán ba ea Deroche sna 1900idí, agus rinneadh pictiúir áilleagáin di. Bronnadh ainm stáitse.uirthi, 'de Laroche'.

Phós sí Louis Léopold Thadome in bPáras, ar 4 Lúnasa 1900. Rugadh a hiníon sa bhliain 1901, Raymonde Marguerite Charlotte Thadome, a d'éag 25 Márta 1902. Rugadh a mhac an bhliain dár gcionn.

Fuair Raymonde agus Louis colscaradh ar 28 Meitheamh 1909, nuair a thosaigh Rayonde ag eitilt. D'éag Louis in 1911.

Baneitleoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bean spórtúil ab ea í agus thaitin gluaisrothair agus cartacha go mór léi. Bhí cáil uirthi leis mar aisteoir roimhe. Spreagadh í san eitlíocht nuair a chur sí aithne ar eitleoirí eile. Chuaigh turas na ndeartháireacha Wright sa bhliain 1908 i gcion go mór uirthi freisin.[4]

Thosaigh sí ag foghlaim conas eitilt sa bhliain 1909 sa bhaile Chalons,[5] 140 ciliméadar taobh amuigh de Pháras. Chabhraigh an píolóta Charles Voisin léi taithí a fháil ar conas eitleán a láimhseáil. De réir a chéile d’éirigh léi eitleán a phíolótú go neamhspleách, an chéad bhean ar domhan.

Sa bhliain 1910, fuair sí ceadúnas píolóta #36 de chuid Fédération Aéronautique Internationale,a n chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta.

Sa bhliain chéanna, fuair sí roinnt cuirí go dtí taispeántais eitleáin timpeall an domhain. Chuaigh sí ar turas go dtí Caireo san Éigipt, Cathair Pheadair sa Rúis agus Búdaipeist na hUngáire. I gCathair Pheadair, thug an Sár Nioclás an teideal "Baron" uirthi, más fíor

1909

Bhí roinnt timpistí aici ach lean sí ar aghaidh i gcónaí. Sa bhliain 1913, bhuaigh sí an gradam Coupe Femina, duais do phíolótaí baineanna as gnóthú thar na bearta.

Tháinig deireadh lena cuid aistear nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Thóg sí post mar thiománaí ag iompar saighdiúirí.

Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, thosaigh sí ag eitilt arís. Sa bhliain 1919 chuaigh sí thar na bearta ní b'fhaide arís ar airde 4800 méadar. Ní amháin go raibh sí ag eitilt, bhí cáil uirthi mar innealtóir éirimiúil ag tástáil eitleán mar theastaigh uaithi caighdeán ní b'fhearr a bheith ar an margadh.

1910ː an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta idirnáisiúnta ; bronnadh an ceadúnas uirthi 8 Márta 1910 sa Fhrainc

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Iúil 1919 i Le Crotoy (Somme) bhí sí amuigh ag tástáil, agus thuairteáil an t-eitleán agus bhuail sé an talamh. Fuair sí bás agus í 36 bliain d’aois, agus curtha i Père-Lachaise inniu lena mhac.

Tá dealbh di le feiceáil san aerfort Le Bourget i bPáras.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Elisa Deroche | Femmes Exceptionnell" (en). Femmes Exceptionnelles oubliees. Dáta rochtana: 2023-03-16.
  2. "Elisa Deroche, pilote toujours moderne 100 ans après son brevet" (fr). RFI (2019-03-07). Dáta rochtana: 2023-03-17.
  3. "Raymonde de Laroche (1886 - 1919), Pioneer Aviatrix". www.ctie.monash.edu.au. Dáta rochtana: 2023-03-17.
  4. 4.0 4.1 Conradh na Gaeilge, Londain (8 Márta 2023). "Cothrom an Lae -(Ciarraí) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-03-16.
  5. "Châlons-en-Champagne · 51000, France" (en). Châlons-en-Champagne · 51000, France. Dáta rochtana: 2023-03-16.