Éireamhón mac Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÉireamhón mac Aodha
Beathaisnéis
Bás886
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteBécc mac Airemóin Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Éireamhón mac Aodha (Sean-Ghaeilge Airemón mac Áedo) (bás 886). Eochaid mac Fiachnai (bás 810), iar-rí Ulad, ba ea a sheanathair.[1][2] Bhí sé i réim ón mbliain 882 go dtí 886.[3]

Sa bhliain 882, tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, Ainbhioth mac Aodha mar leath- Ulad lena dheartháir, Eochocán (bás 883). Maraíodh Eochocán an bhliain dár gcionn, ámh ag a nianna, mic Ainbhíth, agus Éireamhón amháin ansin ina rí.[4] Maraíodh Éireamhón féin sa bhliain 886 ag ag Lochlannach, Eolóir mac Iergne (Halldór, mac Járn-kné)[5]

I measc a mhac, bhí Bécc (bás 893), rí Ulad, agus Maol Mórdha (Máel Mórda), a maraíodh sa bhliain 914 i gCath Grellach Eilte, ag troid ar son Néill Ghlúnduibh (bás 919) Uí Néill an Tuaiscirt in éadan an Ardrí, Flann Sionna (bás 916).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Leabhar Laighneach, Rig Ulad, G800011A
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 6
  2. Charles-Edwards, Aguisín XXI
  3. Tugtar réimeas trí bliana dó sa Leabhar Laighneach
  4. Annála Uladh, AU 883.6
  5. AU 886.1