Jump to content

Caracazo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCaracazo
Cineálcíréib
achrann Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1989
Dáta na bliana27 Feabhra 1989 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCaracas, Veiniséala Cuir in eagar ar Wikidata
TírVeiniséala Cuir in eagar ar Wikidata
CúisEl Gran Viraje (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Cuireadh tús le héirí amach i Veiniséala ar an 27 Feabhra 1989; tugtar an "Caracazo" air go hiondúil (é ainmnithe as an gcathair, Caracas, agus an Bogotazo[1]).

Thug an tUachtarán Carlos Andrés Pérez bearta déine isteach. Nuair a baineadh na fóirdheontais den bhreosla agus cúrsaí iompair i Veiniséala, d’éirigh lucht na cathrach amach i gcoinne an rialtais.[2]

Físeán, 27 Feabhra 1989
Baineadh na fóirdheontais den bhreosla agus cúrsaí iompair
Chuir an stát an t-éirí amach faoi chois

Sna 1980idí ba stát cíosach bunaithe ar an ola é Veiniséala.

Nuair a thit praghsanna ola sna 1980idí, tháinig na fadhbanna struchtúrtha i Veiniséala chun solais. Ar an lá sa bhliain 1983 a dtugtar Viernes Negro (an Aoine Dhubh) air, thit luach airgeadra na tíre, an bolívar, go leibhéal fíoríseal.[3]

I Veiniséala bhí an córas polaitiúil bunaithe ar chíosanna as ola a dháileadh. Glaotar "punto fijo" ar an socrú seo agus bhí an dá pháirtí Acción Democrática agus COPEI i gcumhacht. Nuair a thit an t-ioncam sin, thit na rátaí pá, d'ardaigh an boilsciú agus d'fhás an bhochtaineacht as cuimse. Faoi dheireadh na 1980idí bhí an pobal dubh dóite leis an stát agus leis an gcóras polaitiúil.[2]

Tar éis toghcháin 1988 tháinig Carlos Andrés Pérez ar ais mar Uachtarán don dara huair. Cuireadh cluain ar an bpobal le geallúintí bréagacha. Nuair a toghadh é, bhí an fiach náisiúnta ag USD 34 billiún, agus bhí ráta na bochtaineachta ag 70%. D'fhógair sé ar an 16 Feabhra 1989 clár beartais - "El Gran Viraje" (An Casadh Mór) nó "El Paquetazo Económico" (An Pacáiste Eacnamaíochta) mar a thugadh air ag an am. I measc na n-athchóirithe déine bhí laghdú ar fhóirdheontais bhreosla agus ardú 30 faoin gcéad ar tháillí iompair phoiblí.

Ba é an Caracazo an t-ainm a tugadh ar na hagóidí, na círéibeacha agus na sladanna a thosaigh ar an 27 Feabhra 1989 i gcathair Guarenas i Veiniséala.

Ar an deireadh seachtaine 25-26 Feabhra 1989 d'ardaigh praghsanna peitril 100 faoin gcéad. De bharr an ardaithe ar phraghas an bhreosla cuireadh i bhfeidhm ardú ar tháillí iompair phoiblí 30 faoin gcéad. Chinn na comhlachtaí busanna an t-ardú praghsanna a chur i bhfeidhm ar an 27 Feabhra, lá roimh an lá pá i Veiniséala. Leath na hagóidí ó Guarenas go Caracas agus go bailte eile thar na huaireanta agus na laethanta ina dhiaidh sin

Chuir an stát an t-éirí amach faoi chois; tháinig deireadh leis ar an 5 Márta 1989. Meastar go bhfuair tuairim is cúpla céad nó cúpla míle duine bás. Ba iad na fórsaí slándála agus an t-arm ba chúis le formhór na mbásanna.[2]

D'aithin Hugo Chávez an Caracazo mar thús a "Réabhlóid Bholabharach". Bhí roinnt den MBR-200,[4] de chuid Chavez, páirteach in aghaidh na n-agóidí, cé go raibh Chávez é féin tinn leis an bhfiabhras dearg ag an am sin.

Sa bhliain 1992 bhí dhá iarracht coup d'état a chur i bhfeidhm, i bhFeabhra agus i Mí na Samhna. Cúisíodh Pérez as éilliú ina dhiaidh sin agus baineadh den uachtaránacht é. Ciontaíodh Chávez, a bhí i mbun coup amháin, as ceannairc agus cuireadh i bpríosún é. Thug comharba Pérez, Rafael Caldera, pardún do Chavez sa bhliain 1994. Bhuaigh Chávez toghchán uachtaránachta Veiniséala sa bhliain 1998.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. eachtra stairiúil eile, an Bogotazo, círéib ollmhór a tharla i mBogotá sa Cholóim sa bhliain 1948.
  2. 1 2 3 Kerron Ó Luain (2026-01-16). "Géarchéim Veiniséala sna 1980í agus 1990í" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-01-19.
  3. "Viernes Negro" (as en) (2024-10-30). Wikipedia.
  4. "Revolutionary Bolivarian Movement-200" (as en) (2026-01-16). Wikipedia.