Jump to content

Éirí Amach Wuchang

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtÉirí Amach Wuchang
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 30° 32′ 21″ N, 114° 18′ 21″ E / 30.539248°N,114.305856°E / 30.539248; 114.305856
Cineáléirí amach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deRéabhlóid Xinhai Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse10 Deireadh Fómhair - 1 Nollaig 1911
Dáta na bliana10 Deireadh Fómhair 1911 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhWuchang District, Daon-Phoblacht na Síne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Wuhan, Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Tírríshliocht Qing Cuir in eagar ar Wikidata
CúisRailway Protection Movement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Ba cheannairc mhíleata é Éirí Amach Wuchang[1] a tharla i Wuhan, Cúige Hubei, ar an 10 Deireadh Fómhair 1911. Ba é tús na Réabhlóide Xinhai é, éirí amach a chuir deireadh le Ríshliocht Qing agus le 2,000 bliain de mhonarcacht impiriúlach sa tSín.[2]

Faoi fhómhar na bliana 1911 bhí ríshliocht Qing sa tSín ar an dé deiridh. Tharla éirithe amach i gcoinne Qing roimhe seo, an uair dheireanach ag Dumha an Bhlátha Bhuí in Aibreán na bliana 1911, ach theip orthu.

Bhí réabhlóid ar na bacáin in Wuchang, atá ar cheann de na trí chathair in Wuhan, áit a raibh grúpaí ar nós an Chumainn Fhorásaigh agus an Chumainn Litríochta i mbun comhcheilge chun ionsaí a dhéanamh ar mhonarcacht Manchu a bhí i gceannas ó na 1640í i leith. Intleachtóirí ab ea na gníomhaithe a bhí dubh dóite leis an díospóireacht agus ar theastaigh uathu éirí amach armtha a chur ar bun.

Bhí na réabhlóidithe ag tógáil buamaí i gceantar de Wuchang a bhí faoi smacht na Rúise, rud a thug cosaint áirithe dóibh ó údaráis Qing. Bhí éirí amach ceaptha don Fhéile Lár an Fhómhair ach cuireadh moill air.

An phléasc a las an splanc

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar oíche an 9 Deireadh Fómhair phléasc ceann de na buamaí trí thimpiste.

Bhí póilíní an cheantair ar an láthair roimh i bhfad agus i dteannta damáiste na pléisce tháinig siad ar bholscaireacht, pleananna don éirí amach agus liostaí ballraíochta na réabhlóidithe. Cé go raibh an ceantar lasmuigh de dhlínse Qing, thug na póilíní an fhianaise do na hoifigigh Qing go sciobtha. An mhaidin dár gcionn rinne údaráis Qing ruathair ar thithe na réabhlóidithe, gabhadh na dosaenacha acu, agus cuireadh triúr acu chun báis.

Ach bhí toradh contrártha ar na gníomhartha seo - lasadh splanc an éirí amach. Go híorónta, malairt de thoradh a bhí ar intinn oifigigh Qing a bhí ag déanamh cos ar bolg ar fad.

Nuair a rinne oifigigh Qing na hamhrasáin a ghabháil i ndiaidh na pléisce ar an 9 Deireadh Fómhair thuig na saighdiúirí réabhlóideacha go raibh siad i mbaol. Chreid na saighdiúirí go ngabhfaí iad agus go gcuirfí chun báis go leor acu agus b’éigean dóibh gníomhú ar an bpointe boise.

Ar oíche an 10 Deireadh Fómhair chuaigh saighdiúirí an Airm Nua i mbun ceannairce. Chuir réabhlóidithe éadaí bána ar a gcuid airm chun go n-aithneofaí iad agus ghlacadar smacht ar láithreacha tábhachtacha míleata rialtais agus armlanna. Theith an seanascal agus na ceannasaithe ba shinsearaí. Faoin mhaidin dár gcionn bhí Wuchang faoi smacht na reibiliúnach. Laistigh de roinnt laethanta bhí réigiún iomlán Wuhan faoina smacht.

Bhí éifeacht na ndúradán ag an éirí amach i gcomhthéacs níos leithne na Síne. D'fhógair cúige i ndiaidh cúige saoirse ó Qing. Cuireadh tús le Réabhlóid Xinhai (ainmnithe as an mbliain 1911 ar an bhféilire Síneach).

Toghadh Sun Yat-sen mar uachtarán sealadach Phoblacht na Síne i mí Eanáir 1912, agus d'éirigh an t-impire deireanach, Puyi, as an gcoróin i Márta 1912, rud a chuir deireadh le níos mó ná 250 bliain de riail Manchu agus le 2,000 bliain de mhonarcacht impiriúlach.

Ba léiriú é Éirí Amach Wuchang nach dtarlaíonn réabhlóidí de bharr pleanála foirfe i gcónaí, ach gur féidir leo tarlú de bharr eachtraí fánacha, misnigh agus nuair a thagann blianta den fhrustrachas, eagrúchán agus idé-eolaíocht le chéile in am an ghátair.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Wuchang Uprising, Revolution, Rebellion
  2. Kerron Ó Luain (2025-10-10). "Éirí Amach Wuchang, an 10 Deireadh Fómhair 1911" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-10.