Éamonn Ó Dúgáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Éamon Ó Dugáin)
Jump to navigation Jump to search
Eamonn Duggan

Polaiteoir, dlíodóir agus náisiúnaí Éireannach ab ea Éamonn Ó Dúgáin (1874 - 6 Meitheamh, 1936), nó Eamonn S. Duggan mar a ghlaoitear air as Béarla. Bhí sé ina bhall den pháirtí Éireannach Sinn Féin agus Cumann na nGaedheal níos déanaí.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Contae na Mí é Ó Dúgáin.

Throid an Dúgánach le linn Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Cuireadh faoi ghlas é, ach ligeadh saor é sa bhliain 1917 agus chuaigh sé díreach isteach san IRB.

Toghadh é ina Theachta Dála sa Chéad Dáil sa bhliain 1919.

Bhí an Dúgánach i measc na daoine a shínigh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921.

Rinneadh Aire Gnóthaí Baile de i rialtas an tSaorstáit nua. Chaith sé tréimshe ina rúnaí don Aire Cosanta agus an Choiste Fheidhmiúcháin.

D'fhan Ó Dúgáin amach as an olltoghchán sa bhliain 1933, agus thóg sé áit ina sheanadóir i Seanad Éireann. B'é Ó Dugain an saoránach deireanach a ghlac an mionn dílseachta agus é ag dul isteach san Oireachtas.

Fuair Ó Dúgáin bás go tobann i nDún Laoghaire, Baile Átha Cliath sa bhliain 1936.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]