Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | ospidéal máithreachais dílleachtlann |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1925 |
| Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1961 |
Ócáid shuntasach | |
| drochíde | |
| bás | |
| coir | |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Oibreoir | Bon Secours Sisters (en) |
Osclaíodh Áras Máithreacha agus Leanaí an Bon Secours[1] i dTuaim, Contae na Gaillimhe sa bhliain 1925. Bhí na siúracha Bon Secours i bhfeighil an Árais. Dúnadh an tÁras in 1961.
In 2014 tosaíodh ag cur ceisteanna go poiblí faoin adhlacadh a fuair beagnach 800 leanbh agus páiste beag a bhásaigh san Áras le linn tréimhse 36 bliain, ó 1925 go 1961, tráth a raibh sé faoi úinéireacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus faoi stiúir mhná rialta de chuid Ord na mBon Secours. Leagadh an t-ionad sna 1960í agus tógadh eastát tithe ann tús na 1970í.[2]
Níor coinníodh taifid ar adhlacadh 796 leanbh a fuair bás san Áras le linn 1925-1961. Ba í an staraí áitiúil Catherine Corless a tharraing aird ar an scannal a chéaduair in 2014.[3]

19ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh teach na mbocht ar shuíomh sé acra ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, i dTuaim idir 1840 agus 1841. Bhí an foirgneamh bunaithe ar dhearadh caighdeánach a bhíodh ann do thithe na mbocht agus bhí lóistín ann do 800 bochtán.
20ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáideadh iartheach na mbocht mar bheairic mhíleata, d’arm na Breataine ar dtús, agus ina dhiaidh sin do shaighdiúirí an tSaorstáit i rith an Chogaidh Chathartha (1922–23).
I mí na Bealtaine 1924, chuaigh údaráis na Gaillimhe i dteagmháil leis an Aire Cosanta chun seilbh ar iarcheardlann/beairic mhíleata a iarraidh i dTuaim, Co. na Gaillimhe. Rinneadh socruithe go dtabharfaí an foirgneamh ar láimh do shiúracha Bon Secours, a raibh orthu bogadh amach as a n-áras leanaí i nGleann na Madadh, Co. na Gaillimhe.[4]
D’aistrigh na siúracha Bon Secours ó Ghleann na Madadh chuig an áras Máithreacha agus Naíonán nua i dTuaim, Co. na Gaillimhe ar an 2 Meitheamh 1925. Bhí 87 páiste agus 26 máthair in éineacht leo.
In 1927 suiteáladh soilsiú leictreach in áras Thuama.
Thug stiúrthóir oibreacha uisce Thuama cuairt air i mí na Nollag 1929 agus fuair sé amach nár leor an brú uisce i rith an lae le gabháil chomh fada leis an áras; ní fhéadfadh sé ach uisce a fháil ó chóras uisce an bhaile san oíche, seachas sin bhí sé ag brath ar uisce báistí a bailíodh in umar.
Sa bhliain 1931, socraíodh comhaontú le Comhairle Contae Mhaigh Eo le mná agus páistí ón gcontae sin (chomh maith le Gaillimh) a ligean isteach in áras Máithreacha agus Naíonán Thuama.
Sa bhliain 1935, osclaíodh aonad máithreachais in áras Thuama. Roimhe sin, thugadh máithreacha páistí ar an saol san ospidéal i gcathair na Gaillimhe agus d’aistrítí iad ina dhiaidh sin go háras Thuama. Rinne rúnaí fochoiste de Bhord Sláinte na Gaillimhe a bhí freagrach as áras Thuama cur síos go raibh an córas séarachais a bhí san áras ag an am lochtach, ‘nach raibh ann ach draenacha gan phíopaí ag gabháil chuig dabhach shéarachais lasmuigh’.[4]
In 1936, cuireadh tús le hobair ar chóras nua séarachais d’áras Máithreacha agus Naíonán Thuama. Cuireadh é sin i gcrích faoi dheireadh sa bhliain 1940; is fearr déanach ná riamh.
In 1937 cláraíodh an t-áras faoin Acht um Chlárú Tithe Máithreachais (1934) i mí na Nollag 1937, rud a chiallaigh go raibh an t-aonad máithreachais san áras faoi réir cigireachtaí stáit as sin amach.
Sa bhliain 1943 a bhí an líon is mó breitheanna bliantúla a taifeadadh, nuair a rugadh/glacadh isteach 143 naíonán in áras Thuama.
Sa bhliain 1944, dúirt Miss Clandillon, cigire de chuid na Roinne Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, go raibh líon na bpáistí agus na máithreacha i dTuaim ró-ard agus go raibh gá le córas lóistín (altramas) chun na huimhreacha a laghdú. Nuair a rinne an Roinn cigireacht in 1945, thuairiscigh sí go raibh an mátrún ag iarraidh agus chreid an cigire dá gcuirfí téamh lárnach isteach, go bhféadfadh sin líon na naíonán a fuair bás i rith an gheimhridh a laghdú.
Sa bhliain 1947, cheadaigh an t-údarás áitiúil an méid peinicilline a theastaigh ón Dochtúir Costello (an t-oifigeach leighis d’áras Thuama) a cheannach ‘mar gheall ar an eipidéim bhruitíní san áras’. I mí Nollag na bliana céanna, tugadh cead peinicillin a cheannach chun cóir leighis a chur ar dhaoine a raibh an fliú orthu. Nuair a rinneadh cigireacht ar Thuaim in 1947, bhí seomra leithlisithe amháin san aonad máithreachais do mhná a bhí ag saolú páiste. Ní raibh aon aonad leithlisithe ann do mhná/pháistí a bhí díreach i ndiaidh teacht lena chinntiú nár scaip siad galair thógálacha ar dhaoine eile san áras. I mí na Nollag 1947, chuir an tSiúr Hortense (an Máthair-Uachtarán) in iúl don údarás áitiúil nach bhféadfadh sí íoc as soláthairtí agus éadaí murar méadófaí an táille sheachtainiúil do mháithreacha agus do pháistí.[4]
In 1948 cháin Miss Clandillon an cleachtas maidir le páistí a chur ar lóistín (ar altramas) le máithreacha altrama scothaosta.
Sonraíodh sa chigireacht i mí na Bealtaine 1950 go raibh triúr naíonán nuabheirthe sa naíolann ach nach raibh na gnáthéadaí leapa, na braillíní, na clúdaigh philiúir, na caipíní tochta, etc., ar na cliabháin. Bhí naíonán amháin ann a raibh blaincéad mór liath timpeall air. Bhí geansaithe seanchaite ar bheirt eile. Dúirt an cigire ‘Ceapaim gur cheart go mbeadh na cliabháin agus na naíonáin gléasta mar is ceart’. Nuair a bhreathnaigh Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte ar thuarascáil chigireachta mhí na Bealtaine 1950, mhol sé gur cheart imscrúdú a dhéanamh ar ráta básmhaireachta na naíonán san Áras. Thuairiscigh an coiste cuairte i mí Lúnasa 1950 gurbh iad na nithe ba phráinní ar theastaigh aird uathu ná deisiúcháin ar an urlár sa naíolann, na leithris agus an córas téimh lárnaigh. Chuir siad síos ar an áras mar ‘áras an-ghlan agus áit a bhfuil caoi mhaith air agus ag feidhmiú go hiontach nuair a mheabhraítear na dálaí faoina bhfuil na mná rialta ag obair’.
Sa bhliain 1951, agus é 87 bliain d’aois, d’éirigh an Dochtúir Costello as a phost mar dhochtúir oifigiúil don Áras.
Sa bhliain 1952, d’éirigh le hiarratas an Mháthair-Uachtaráin ar mhéadú ar an táille sheachtainiúil ó na húdaráis áitiúla do shiúracha Bon Secours le máithreacha agus páistí a choinneáil ó 12 scilling 6d go 18 scilling. Scríobh innealtóir áitiúil litir chuig Ardeaspag Thuama ag iarraidh air rud éigin a dhéanamh faoin bplean a bhí ann an Máthair-Uachtarán Hortense a aistriú ó áras Thuama go dtí an Cóbh, i gCorcaigh. Scríobh an tArdeaspag chuig Uachtarán Réigiúnach ord Bon Secours, ach leag sé béim sa litir nár theastaigh uaidh cur isteach ar ghnó an oird.
I mí Eanáir 1953, méadaíodh an táille sheachtainiúil ó na húdaráis áitiúla do shiúracha Bon Secours chun máithreacha agus páistí a chothabháil go £1.
Fuarthas amach i gcigireacht ar áras Thuama in 1956, má bhí naíonán tinn, gur thug a máthair aire dóibh i seomra breise. Cháin an chigireacht gur chodail cailín aimsire sa bharda céanna le hothair agus gur úsáideadh cistinéad mar naíolann ó am go chéile.
Sa bhliain 1957, mhaígh dochtúir áitiúil gur bhailigh Comhairle Chontae na Gaillimhe íocaíochtaí arbh fhiú £4,000 iad ó thuismitheoirí áirithe ban in áras Thuama agus ó aithreacha (buachaillí feirme bochta nó saothraithe den chuid is mó) páistí a rugadh san Áras. Rinne an Chomhairle Chontae iarracht freisin airgead a bhailiú ó mháithreacha/sheantuismitheoirí na bpáistí a d’fhan san Áras tar éis dá máithreacha imeacht.
Bhí an tuarascáil a bhain leis an gcuairt a thug oifigigh na Roinne Sláinte ar Thuaim i mí na Samhna 1959 an-cháinteach faoi na dálaí ansin. Bhí an t-íosmhéid troscáin agus áiseanna súgartha sna seomraí lae. Bhí liathróid rubair agus dhá shuíochán sa seomra do pháistí beagán níos sine. Ní raibh clúdach urláir ar bith ann; bhí páistí idir bliain agus dhá bhliain d’aois cosnocht. Ba bhaol mór dóiteáin iad na suanliosanna agus páistí ina gcodladh ar an dara nó ar an gcéad urlár i mbardaí móra theach na mbocht agus ní raibh siad roinnte; ní raibh ‘córas teasa ar bith’ ag go leor acu, ní raibh clúdach urláir ann agus ní raibh troscán ar bith ann seachas leapacha agus cliabháin.
Nuair a chinn an Roinn Sláinte in 1959 gur cheart an t-áras a dhúnadh, dúirt Miss Reidy, cigire de chuid na Roinne a bhfuil an chuma ar an scéal gur thug sí cuairt ar an áras roinnt uaireanta, go raibh feabhas mór tagtha air le 12 mhí anuas (bhí bréagáin faighte agus páistí eagraithe ina ngrúpaí súgartha) agus gur theastaigh ó Shiúracha Bon Secours feabhas níos mó a chur air.
I dtuairisc na bliana 1960 ar Phroibhinse na hÉireann de Shiúracha Bon Secours, rinneadh cur síos ar a gcuid oibre i dTuaim mar ‘obair thar a bheith gar do Chroí ár dTiarna Diaga’. Bhí faitíos orthu go ndúnfadh Tuaim mar gheall ar laghdú ar líon na ndaoine ann mar go mbeadh sé neamheacnamaíoch é a choinneáil oscailte. Ar an 27 Iúil 1960, cheadaigh an tAire Sláinte dúnadh áras Thuama agus na páistí a aistriú chuig institiúidí eile.
Ar an 16 Meán Fómhair 1961, thiontaigh Julia Carter, in éineacht leis an bhfeighlí John Cunningham agus an tAltra Burke, an eochair san Áras den uair dheireanach. I measc na gcúiseanna a tugadh leis an áras a dhúnadh, dúradh gur baol dóiteáin a bhí san fhoirgneamh agus go raibh na costais ró-ard lena dheisiú, go raibh titim i líon na mban a bhí á dtabhairt isteach agus go raibh spásanna ar fáil in institiúidí eile do na daoine a d’fhan in áras Thuama.
In 1971 leagadh foirgneamh an árais Máithreacha agus Naíonán i dTuaim agus tógadh eastát nua tithíochta faoi úinéireacht na comhairle ar an suíomh.[4]

21ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taighde éachtach a rinne staraí as an áit, Catherine Corless, a léirigh go raibh leanbháin curtha san áit a mbíodh ionad séarachais an Árais, agus taisí naíonán agus leanaí adhlactha inti. Chuir sí an t-eolas sin os comhair an tsaoil mhóir i 2014.[5] Fuair sí amach nach raibh taifead adhlactha ar fáil ach do bheirt den 796 leanbh a raibh teastas báis ann dóibh.
Tharraing sí aird na cruinne ar an gcleachtas a bhí ag údaráis Stáit agus údaráis Eaglasta sa tír cuid mhaith den 20ú Aois nuair a cuireadh iallach ar mhná a bhí ag súil le gasúr agus gan iad pósta a ghabháil isteach in Árais Leanaí agus Máithreacha a bhí ar fud na tíre.[2]
Bunaíodh an Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí in 2015 de bharr a cuid taighde. Ní i reilig a cuireadh na leanaí, agus dúradh i dtuarascáil a foilsíodh 2017, go raibh "líon suntasach cnámhiarsmaí daonna" curtha san áit a gcuirtí camras ón áras.
Cuireadh tús ar an 15 Mheithimh 2025 le tochailt san áit a mbíodh an tÁras le súil teacht ar chnámhiarsmaí cuid de na leanaí a cuireadh ansin.[6] Bhí cuid mhaith réamhoibre agus suirbhéanna talún déanta ar an láthair le roinnt míonna, lena n-áirítear anailís topagrafachta agus ithreach.[3] Cuireadh limistéar 5,000 méadar cearnach faoi fhiosrú dlí-eolaíoch agus dí-adhlacadh na coirp (faoi stiúir Oifig an Stiúrthóra um Idirghabháil Údaraithe, Tuaim, an ODAIT, a bunaíodh in 2022).
Árais eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 2021 dheimhnigh an Coimisiún Imscrúdúcháin gur bhásaigh os cionn 9,000 gasúr in 18 Áras a bhí faoi fhiosrú acu - 15% den líon gasúr sa n-iomlán.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Árais máithreacha agus naíonán agus tithe Maigdiléana in Éirinn
- Cásanna mí-úsáid ghnéis in Éirinn de chuid na hEaglaise Caitlicí
- Tithe Maigdiléanacha
- Catherine Corless, an staraí áitiúil i dTuaim
- Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí, 2021
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, "Bon Secours Mother and Baby Home", nó "The Home"
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2025-06-16). "Réamh-thochailt Áras Leanaí & Máithreacha i dTuaim" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2025-06-11). "Tús le cur le tochailt i dTuaim an Luan beag seo" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 ncca.ie. "Stair na Sraithe Sóisearaí". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ Catherine Corless (2014). "The Home". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-06-18. Dáta rochtana: 2023.
- ↑ "Dig for remains of 800 infants at former 'mother and baby home' in Ireland begins" (en-GB). Yahoo News (2025-06-15). Dáta rochtana: 2025-06-29.
