Áine de Baróid
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1950 75/76 bliana d'aois Corcaigh, Éire |
Is iar-uachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge í Áine de Baróid (a rugadh sa bhliain 1950).
Rugadh agus tógadh i gcathair Chorcaí í. Bhog sí go Baile Átha Cliath nuair a thosaigh sí ag obair mar státseirbhíseach sa Roinn Talmhaíochta in 1968. Chaith sí tréimhsí ina cónaí i mBéal Feirste agus in Ard Mhacha freisin. Toghadh ina huachtarán ar Chonradh na Gaeilge í in 1994 agus chuir sí téarma amháin isteach sa ról. Ba í an dara bean riamh í a bhí ina huachtarán ar Chonradh na Gaeilge, tar éis Íte Ní Chionnaith, a bhí sa ról ó 1985-1989.
Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba as Mainistir na Corann in oirthear Chorcaí dá athair. Bhí sé ina oibritheoir raidió ar longa agus bhí an deis aige imeacht ag obair ar an bhfarraige, ach bheartaigh sé post a fháil ar an talamh tirim agus a chlann a thógáil i gCorcaigh. Ghlac sé le post i monarcha Dunlop i gCorcaigh. Altra a bhí ina máthair. Nuair a tháinig an deis aníos dá hathair post a thógáil i Meiriceá agus an chlann a fhágáil ann, dhiúltaigh a máthair imeacht agus dúirt gur mhaith léi a clann a thógáil in Éirinn. Níor fhreastail sí ar scoil lán-Ghaeilge agus theagascaítí cuid de na ranganna ina scoil i nGaeilge. Chaith sí laethanta saoire lena tuismitheoirí ag seoltóireacht ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe.
Státseirbhís
[cuir in eagar | athraigh foinse]Státseirbhíseach a bhí in de Baróid. Chaith sí blianta ag obair sa Roinn Talmhaíochta i mBaile Átha Cliath agus bhí sí gníomhach i gcumann Gaeilge na státseirbhíse 'Gaeleagras'. Théadh sí ar thurais chun na Gaeltachta – chuig an gCeathrú Rua go minic – leis an gcumann.
Conradh na Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh ina huachtarán ar Chonradh na Gaeilge í ag Ard-Fheis na heagraíochta in 1994. Roimhe sin, bhí sí ar Choiste Gnó an Chonartha agus coistí éagsúla eile de chuid na heagraíochta. Bhí sí ina tánaiste ag an uachtarán Proinsias Mac Aonghusa, a bhí ina uachtarán ar an gConradh ó 1989 go 1994. Bhí de Baróid ina huachtarán ar feadh aon bhliain amháin, níor sheas sí don uachtaránacht arís mar gheall ar chúraimí clainne.