Áine Ní Fhoghludha
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 10 Samhain 1880 An Móta |
| Bás | 14 Aibreán 1932 51 bliana d'aois Cathair Saidhbhín |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, scríbhneoir |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Náisiúnaí Éireannach agus scríbhneoir Gaeilge ab ea Áine Ní Fhoghludha (10 Samhain 1880 – 14 Aibreán 1932).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh sa Rinn i gContae Phort Láirge do mhúinteoirí scoile Micheál Ó Foghludha agus Eibhlín de Bron. Gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea a hathair, agus bhain Áine céim amach sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Mhúin sí i nDún Garbhán, Contae Phort Láirge, ach briseadh as a post í tar éis Éirí Amach na Cásca. Deirtear gurbh é a cuid náisiúnachais sa seomra ranga ba chúis leis seo.[1]
Úsáideadh a leabhar Brosna (cnuasach scéalta do leanaí a foilsíodh sa bhliain 1922) i scoileanna na hÉireann.[2]
Fuair sí bás i gCathair Saidhbhín agus cuireadh sa Rinn í.[2][1]
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Idir na fleadhanna (1922)
- Brosna (1925)
- Díthreabhach an tobair (1934)
- Breacadh an lae (1934)
- Bréag-riocht Apollo agus cúiteamh .i. Dhá dhráma i gcóir na ngasóg (1934)
- Róis dhearga agus buadhann Críost (1934)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "NÍ FHOGHLUDHA, Áine (1880–1932)". ainm.ie.
- 1 2 Maria Luddy, ‘Ní Fhoghludha, Áine (1880–1932)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004 dáta rochtana 13 Bealtaine 2017