An difríocht idir athruithe ar: "Heinrich Himmler"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: fy:Heinrich Himmler
m Image deleted. Will find another one later.
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Himmler ziereis kaltenbrunner 1941.jpg|thumb|300px|Himmler (ar chlé) le Ziereis agus Kaltenbrunner - Sluachampa géibhinn Mauthausen - 1941]]
<!-- IMAGE DELETED. Copy available here: http://www.holocaustresearchproject.org/othercamps/images/Himmler%20Zieries%20Kaltenbrunner%20Mauthausen.jpg [[Íomhá:Himmler ziereis kaltenbrunner 1941.jpg|thumb|300px|Himmler (ar chlé) le Ziereis agus Kaltenbrunner - Sluachampa géibhinn Mauthausen - 1941]] -->
Bhí '''Heinrich Luitpold Himmler''', a saolaíodh ar an [[7 Deireadh Fómhair]] [[1900]] i [[München]] agus a chuir lámh ina bhás féin ar an [[23 Bealtaine]] [[1945]] i [[Lüneburg]], ina pholaiteoir [[An Ghearmáin|Gearmánach]] i mblianta an [[Naitsíochas|Naitsíochais]]. Bhí sé i gceannas ar an [[SS]], agus mar sin, bhí dualgas trom air as an gcuid ba mheasa de choireanna na Naitsithe, go háirithe [[Uileloscadh|an tUileloscadh]].

Leagan ó 11:45, 23 Bealtaine 2008

Bhí Heinrich Luitpold Himmler, a saolaíodh ar an 7 Deireadh Fómhair 1900 i München agus a chuir lámh ina bhás féin ar an 23 Bealtaine 1945 i Lüneburg, ina pholaiteoir Gearmánach i mblianta an Naitsíochais. Bhí sé i gceannas ar an SS, agus mar sin, bhí dualgas trom air as an gcuid ba mheasa de choireanna na Naitsithe, go háirithe an tUileloscadh.

Bhí sé an-tugtha do smaointí cancránacha, cosúil leis an talmhaíocht nádúrtha nó an staraíocht bréige faoi bhlianta glóire na dTeotanach. Cara mór ainmhithe a bhí ann chomh maith, agus é den bharúil gur rud gránna cruálach í an tsealgaireacht. San am céanna, bhí sé in ann sluamharú na mílte duine a ordú gan cor a chur de.

Go gairid roimh dheireadh an chogaidh, d'fhéach sé le síocháin a shocrú leis na Sasanaigh, agus é ag tairiscint cupla deich míle Giúdach a shaoradh mar chuid den chomha. Níor éirigh leis na hiarrachtaí seo, agus sa deireadh, chimigh na Sasanaigh é, ach mharaigh sé é féin le ciainíd potaisiam sula raibh de sheans acusan ceastaíocht a chur air.