Scéala Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sunday Press)
Infotaula de publicacions periòdiquesScéala Éireann
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Am tosaigh1931 Cuir in eagar ar Wikidata
Am deiridh1995 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Éamon de Valera
Tréith
Formáid nuachtáinmórbhileog

Is é Scéala Éireann an t-ainm Gaeilge a bhí á thabhairt ar an Irish Press agus an Sunday Press.[1][2] Nuachtáin Éireannacha de chuid an Press Group a bhí iontu, comhlacht foilsitheoireachta a chuir teaghlach De Valera ar bun agus a foilsíodh idir 5 Meán Fómhair, 1931 agus 1995. Bhí sé de sprioc ag an nuachtán lucht léitheoireachta de 100,000 a bhaint amach, rud a rinne sé gan mhoill. Bhí ciorclaíocht de 200,000 aige ag barr a réime. Bhí Cearbhall Ó Dálaigh ina eagarthóir Gaeilge air tráth.

Bhí lógó an Fhéinics ar bharr Scéala Éireann agus an mana cáiliúil sin ar bharr Scéala an Domhnaigh a luadh go minic le bród nó le searbhas, “Do chum Glóire Dé agus Onóir na hÉireann”.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna seachtóidí dhíol Scéala Éireann thart ar 120,000 cóip in aghaidh an lae, Scéala an Tráthnóna 150,000 agus Scéala an Domhnaigh os cionn 300,000. Sin thart ar 2 mhilliún cóip in aghaidh na seachtaine.[3]

Cheannaigh Tony O’Reilly, piarda mór de chuid na nuachtán, an Independent (INM)[4] sa bhliain 1973 agus d'éirigh an margadh thar a bheith iomaíoch. Fuair O'Reilly réidh leis an dearcadh coimeádach, an meon ‘déanfaidh-sé-cúis’ a bhí ann, spreag sé iomaíocht agus leag sé struchtúr gnó a bhfuil a rian fós le feiceáil go dtí an lá inniu ann. Ba é an Independent an custaiméir ba mhó fógraíocht ag RTÉ  ar feadh na mblianta.

Uair amháin sna hochtóidí sheol an Independent comórtas “Lotto” (roimh theacht an Chrannchuir Náisiúnta féin). Thug Scéala Éireann chun na cúirte iad chun é a stopadh agus chaill siad an cás.

Ansin thriail O’Reilly é féin Scéala Éireann a cheannach, ach cuireadh srian air de bharr rialacha iomaíochta.

Bhí go leor airgead infheistíochta ag teastáil le crut éifeachtach a chur ar na nuachtáin. An fhadhb is mó a bhí ann ná nach raibh na scairshealbhóirí sásta é a dhíol agus bailiú leo. Bhí fonn orthu é a dhíol agus fanacht – iad ag súil le ról lárnach tábhachtach a bheith acu.[3]

Ach rinneadh margadh le gnó nuachtán i Meiriceá, Ingersoll, sna nóchaidí chun seirbhísí bainistíochta a chur ar fáil don ghrúpa, admháil thruamhéalach dáiríre nach raibh siad féin in ann an jab a dhéanamh. Thit siad amach lena chéile agus bhuaigh Scéala Éireann cás dlí. Bhuaigh siad trí mhilliún punt chomh maith, ach an lá ar éirigh le hathchomharc Ingersoll, b’shin deireadh le Scéala Éireann.[3]

Dúnadh na ndoirsí i mí Bealtaine 1995.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Ray Burke leabhar faoin nuachtán dar teideal Press Delete, ina bhfuil dianainilís déanta aige ar a chuid suáilcí, duáilcí, láidreachtaí agus laigí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Ray Burke (2005). "Press Delete: The Decline and Fall of the Irish Press" (as en). Currach Press. 
  2. "The slow death of a paper whose target market was dead" (en). Irish Independent (2005-07-09). Dáta rochtana: 2024-05-19.
  3. 3.0 3.1 3.2 Sean Ó Mainnín (Bealtaine 28 2015). "Deireadh Scéala Éireann: bás mall a d’fhéadfaí a sheachaint" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-19.
  4. Independent News & Media Group (INM)