An Phicnic Leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Picnic Leictreach)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Phicnic Leictreach
Íomhá
Cineálféile Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2004 - 
SuíomhAn Sráidbhaile, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinelectricpicnic.ie Cuir in eagar ar Wikidata


Is féile bhliantúil cheoil agus ealaín é An Phicnic Leictreach[1][2][3] (nó An Phicnic Aibhléise, An Phicnic Aibhléiseach, An Fhleadhóg Leictreach uaireanta; Béarla: Electric Picnic) a bhíonn á chur ar siúl i Halla an tSráidbhaile, An Sráidbhaile, Contae Laoise in Éirinn.

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn sé á reáchtáil ag Pod Concerts agus Festival Republic, a cheannaigh an scairsheilbh tromlaigh sa bhliain 2009. Roghnaíodh í mar 'Best Medium-Sized European Festival' sa bhliain 2010 ag European Festival awards é, agus vótáladh mar 'Best Big Festival' i ngach Irish Festival Awards ó tosaíodh ag bronnadh na ngradam sa bhliain 2007.

bhí Des Bishop ina fhear tí le roinnt blianta

Tá clú agus cáil dhomhanda ar an bhFleadhóg, dúradh gur leagan Éireannach de Glastonbury a bhí ann chomh maith le inspioráid do Latitude. Chuir an irisleabhar Mheiriceánach, Billboard, síos air mar seo a magnificent rock n roll circus, a textbook example of everything a festival should be agus mhaíomh Rolling Stone gurbh é ceann de na féilte ab fhearr a d'fhreastail siad air riamh. Bíonn rogha cheoil níos leithne ag An bhFleadhóg Leictreach agus is éagsúil an fhéile í ó chinn eile in Éirinn dá bharr. Cuirtear níos mó béime ar sheirbhísí agus áiseanna maithe (bia agus socraithe codlata) agus bíonn an t-atmaisféar, go ginearálta, níos séimhe agus dearfaí. Cuirtear béim ar leith ar ghníomhachtaí glasa, freisin.

Bíonn i bhfad níos mó ná ceol i gceist leis an bhFleadhóg; puball pictiúrlainne, láthair Corp agus Anam agus Puball Coméide Idirnáisiúnta (bhí Des Bishop ina fhear tí le roinnt blianta). Sa bhliain 2008, d'fhreastail Amnesty International ar an bhFleadhóg mar chuid den Chomóradh 60 Bliain ar Chearta Daonna.

Stair na féile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh An Fhleadhóg Leictreach mar féile lae sa bhliain 2004 agus an bhliain dár gcionn féile dheireadh seachtaine a bhí inti. Deirtear go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas gach bliain agus is gar go mbeidh sé níos mó ná Oxegen - díoladh gach ticéad do fhéile na bliana 2008 níos tapúla ná riamh.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Puball Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is in 2007 a chuir Rossa Ó Snodaigh agus a chomhghleacaithe tús leis an bPuball Gaeilge den chéad uair agus ó shin i leith bíonn "scoth na siamsaíochta" ar fáil ag na Gaeil mar chuid den bPicnic Leictreach, idir bhuíonta ceoil de gach saghas, phodchraoltaí beo, chainteanna Imbolc ("Ted Talks na Gaeilge"), ghreann, dhráma, fhilíocht agus rudaí nach iad. Bíonn grúpaí agus eagraíochtaí éagsúla ag eagrú imeachtaí ann, ó fhéilte ar nós Féile na Gealaí agus IMRAM, go leithéidí GaelGÁIRÍ, REIC agus grúpaí eile, go stáisiúin raidió pobal amhail Raidió na Life agus Raidió Fáilte.[4] Spás uathúil é an Puball a bhfuil rol lárnach aige mar mhol do phobal na Gaeilge.[5] Bhíodh An Cabaret Craiceáilte ar siúl ann go minic agus bíonn bothán Raidió Rí-Rá ann ag craoladh beo.

An Chollchoill[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Bliain na Gaeilge" a bhaist an Conradh ar 2018 agus sa bhliain sin chuir siad tús leis an dara hardán d'imeachtaí i nGaeilge ag an bPicnic.[6] Thug siad "cuireadh do lucht freastal na féile teacht ar strae sa Chollchoill, áit ina mbeidh cultúr, ceol agus teanga á gceiliúradh"[7] istoíche le ceoltóirí spleodracha amhail Kneecap, filíocht ó REIC, scéalaíocht ó Aindrias de Staic, agus neart eile.[6] Ón mbliain sin i leith tá fás agus forbairt ag teacht air.[8]

An Láthair Ghaeltachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 2018 i leith, mar chuid dá bhfeachtas Croí na Féile, eagraíonn an Conradh "Láthair Ghaeltachta" ina mbíonn "craic, cannaí agus comhluadar na nGael" ag an lucht campála. Iartar ar dhaoine spás a chur in áirithe roimh ré.[8]

Féile na bliana 2012[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na gceoltóirí a bhí le seinm ag an bhféile ná The Cure, The Killers, Elbow, Sigur Rós, Christy Moore, Orbital, Hot Chip, The xx, Wild Beasts, Patti Smith, The Roots, Crystal Castles, Grandaddy, SBTRTK, Mmoths, Metronomy, Bat for Lashes, The Maccabees, The Horrors, Richard Hawley, Azealia Banks, Ed Sheeran, The Jezabels, Michael Kiwanuka, Gavin Friday, Van Dyke Parks, Roots Manuva, Bell X1, Dublin Gospel Choir, Glen Hansard, Grizzly Bear, Willis Earl Beal, Alabama Shakes, Tindersticks, Fatoumata Diawara, Land Lovers, Eagle and the Worm, Solar Bears, Staff Benda Bilili, Little Roy, Lanterns on the Lake, Jonathan Wilson, Baxter Dury, Cranes, Milagres, In Tua Nua, Mo Hat Mo Gheansaí, Conor Linnie agus tuilleadh nach iad.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "BBC Radio Ulster - Blas, 14/09/2010". BBC.co.uk.
  2. "Blas na féile i bPáirc an Chrócaigh an bhliain seo". Foinse.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-08-19. Dáta rochtana: 2012-08-21.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-31. Dáta rochtana: 2012-08-21.
  4. Dara Ó Baoill (26 Lúnasa 2019). "An Puball Gaeilge, 12 bliain ag Electric Picnic!". Glór na nGael. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 02 Nollaig 2023. Dáta rochtana: 31 Bealtaine 2024.
  5. Eoin O'Hare (05 Meán Fómhair 2023). "Deireadh seachtaine lán craice agus ceoil ag an Phuball Gaeilge sa Phicnic Leictreach". Irish Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 07 Meán Fómhair 2023. Dáta rochtana: 31 Bealtaine 2024.
  6. 6.0 6.1 "Na sluaite ag an bpicnic is gaelaí" (29 Lúnasa 2018). Seachtain. 
  7. "Collchoill na Gaeilge ag fás go flúirseach ag an bPicnic Leictreach - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". Conradh na Gaeilge (08 Iúil 2019). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Aibreán 2020. Dáta rochtana: 2024-06-01.
  8. 8.0 8.1 Eoin O’Hare (30 Lúnasa 2023). "An Ghaeilge i lár an aonaigh ag an Phicnic Leictreach arís". Irish Independent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 07 Meán Fómhair 2023. Dáta rochtana: 31 Bealtaine 2024.