Gradaim an Acadaimh
Is ionann Gradaim an Acadaimh (The Academy Awards as Béarla), nó Na hOscair, agus gradaim a bhíonn á mbronnadh ag Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí na Scannán (AMPAS) i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun aitheantas a léiriú d'fheabhas na ndaoine gairmiúla i dtionscal na scannán, idir stiúrthóirí, aisteoirí agus scríbhneoirí.
Déantar é seo ag searmanas bronnta gach uile bhliain. Bíonn sé ar cheann de na himeachtaí teilifíse is mó ar domhan ó thaobh lucht féachana de.
Bronntar deilbhín óir (cré-umha teilgthe agus plátáilte le hór i ndáiríre) ar an duine a thugann an svae leis/léi i gcatagóir ar bith de na gradaim. Bhí na deilbhín déanta ag George Stanley agus rinne sé iad as sceitse Cedric Gibbons.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuireadh tús leis na Gradaim ar an 16 Bealtaine 1929.[1]
Sa bhliain 1953, craoladh na Gradaim ar an teilifís don chéad uair (19 Márta ar NBC, agus ansin ABC ó 1960).
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Jason Bailey (2021-01-27). "The First Oscar Ceremony Lasted 15 Minutes. What Happened?" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2024-05-16.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |