Na Meáin Shóisialta
(Athsheolta ó Meáin shóisialta)
Is éard atá i gceist leis na Meáin Shóisialta ná teicneolaíochtaí idirghníomhacha a éascaíonn do dhaoine ábhar téacs, físe agus closamhairc a chruthú agus a chomhroinnt, chomh maith le smaointe a roinnt, sainspéiseanna a phlé agus go leor eile i bpobail agus líonraí fíorúla. Is aipeanna nó suímh ghréasáin a bhíonn i gceist leis na Meáin Shóisialta go minic.