Mainistir Inis Mac nÉirín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Inis Mac nÉirín
Íomhá
Sonraí
CineálMainistir
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinInis Mac nÉirín, Éire
Map
 53°59′N 8°16′W / 53.99°N 8.26°W / 53.99; -8.26
Loch Cé

Suíomh seanmhainistreach agus Seádchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Inis Mac nÉirín[1] agus í suite in iarthar Loch Cé.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gur bhunaigh Colm Cille mainistir ann sa séú haois.

Athbhunaíodh í mar phrióireacht Agaistíneach idir 1140 agus 1170.[3] D’fhéadfaí gur scríobh cuid de Annála Loch Cé anseo, chomh maith leis an gcuid a scríobhadh i Prióireacht Oileán na Tríonóide sa loch céanna.[4][5]

Scaoileadh an mhainistir timpeall 1569 agus bronnadh an talamh ar William Taaffe in 1596.

Rinneadh tochailt ar an oileán in 2000 agus tháinig siad ar chuid d’eaglais chloiche.[6]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Inis Mac nÉirín/Church Island" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-10.
  2. "National Monuments in State Care : Ownership & Guardianship : Roscommon" (PDF).
  3. macdermot.com moylurg walks. "Trinity Island". macdermot.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-10-28. Dáta rochtana: 2021-11-10.
  4. "The Annals of Loch Cé: A Chronicle of Irish Affairs from AD 1014 to AD 1590".
  5. Loch Cé. "heritagecouncil.ie". Dáta rochtana: 2021.[nasc briste go buan]
  6. excavations.ie. "Excavations Lough Key" (en-US). Dáta rochtana: 2021-11-10.