Olltoghchán na Brasaíle, 2022
Cineál | grúpa toghchán | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 2 Deireadh Fómhair 2022 | |||
← 2018
| ||||
Tír | an Bhrasaíl | |||
Baint le limistéar údaráis | an Bhrasaíl | |||
Codanna | ||||
Reáchtáladh olltoghchán, toghcháin réigiúnacha agus toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl idir Meán Fómhair - Deireadh Fómhair 2022. Fuair Lula – agus an daonlathas féin – an lámh in uachtar ar Jair Bolsonaro tar éis ceithre bliana. Ach ba ar éigean é: ní raibh dhá faoin gcéad féin idir é agus Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle 2022.[1]
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Toghadh Jair Bolsonaro, i mí Dheireadh Fómhair 2018, i bhfad amach ar an eite dheis. Bhain paindéim an choróinvíris an ghaoth as seolta Bolsonaro le linn 2020-2022. Fuair os cionn 700,000 Brasaíleach bás le linn na paindéime.[2]
An toghchán uachtaránachta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí sé deimhnithe gurbh é iarrthóir na heite clé, Luiz Inácio Lula da Silva, a bhuaigh an toghchán uachtaránachta ar 31 Deireadh Fómhair 2022. Fíorbheagán — 50.9% den vóta le hais 49.1% — a bhí idir é agus a chéile comhraic, Jair Bolsonaro ón eite dheis.[3] D'éirigh an Lúlach ina uachtarán ar an mBrasaíl den tríú huair, in aois 77 dó ag an am.[4] Ní raibh idir an bheirt iarrthóirí ach oiread na fríde: níos lú ná 2 mhilliún vótaí.
Chuir Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn teachtaireacht chomhghairdis chuig Lula, ag tnúth go mór le leanacht den chomhoibriú idir Éire agus an Bhrasaíl.
Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní raibh ach seachtain caite in áras an uachtaráin ag Lula nuair a rinne lucht leanúna Bolsonaro iarracht coup d’état dáiríre a dhéanamh. In 2024, d’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh baint ag Bolsonaro féin leis an ionradh a rinneadh ar thithe an rialtais san ardchathair, Brasília, ar an 8 Eanáir 2023.[5]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.
- ↑ Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-10-31). "An Bhrasaíl: Lula caithréimeach, Bolsonaro ciúin" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (31 Deireadh Fómhair 2022). "TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-31.
- ↑ Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.