Canáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Chanáil Ríoga in Éirinn

Uiscebhealach saorga i gcomhair loingseoireacht intíre nó chun farraigí a cheangal. Thóg na Rómhánaigh canálacha mar uiscebhealaí agus le huisce a sholáthar do bhailte. Faoi 610 AD bhí Canáil Mhór na Síne críochnaithe, níos mó ná 1,700 km ar fhad. Ó 1755 ar aghaidh tógadh na mílte ciliméadar de chanálacha sa Bhreatain, agus ba iad an príomh-mhodh iompair gur tháinig na hiarnróid i gceannas i lár an 19ú céad. Tá canálacha móra in úsáid san Eoraip, Meiriceá Thuaidh is an Áise anois. Is iad Canáil Suaise idir an Mheánmhuir is an Mhuir Dhearg, agus Canáil Phanama idir an tAigéan Ciúin is Muir Chairib, na cinn is tábhachtaí a cheanglaíonn farraigí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Canáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 112.