Zhores Ivanovitch Alferov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Zhores Alferov

Fisicí a rugadh i Vitebsk na Béalarúise is ea Zhores Ivanovitch Alferov, a rugadh ar 15 Márta 1930. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Jack Kilby is Herbert Kroemer i 2000 as a shaothar i bhforbairt struchtúir ilchineálacha leathsheoltóra le húsáid sa leictreonaic ardluais is an optaileictreonaic, forbairtí atá bunúsach do theicneolaíocht faisnéise is teileachumarsáide. Is ball den Duma, sa Rúis, é ón mbliain 1991 i leith.