Zúmáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Shampla zúmáil digiteach

Is iarmhairt radharcach, le hionstraimí optúla, i scannáin is físeáin, í an zúmáil lenar féidir an íomhá a fhormhéadú nó a laghdú mar a bheadh sí ag teacht i dtreo an fhéachadóra nó ag imeacht uaidh.

De ghnáth déantar a leithéid le lionsa géarardaithe ar féidir a fhad fócasach, agus mar sin a fhormhéadú, a athrú go leanúnach. Raon 10:1 a fhéadfaidh a bheith sa lionsa a ligfeadh dó feidhmiú mar lionsa uillinne leathaine nó lionsa teileafótach. Is féidir an iarmhairt chéanna a chur i gcrích go leictreonach le ríomhaire.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Zúmáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 711.