Y Wladfa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilY Wladfa

Suíomh
Tíreolaíocht
Cuid deWelsh diaspora (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Y Wladfa (An Bhreatnais: [ə ˈwladva] "An Choilíneacht") an t-ainm atá ar na coilíneachtBreatnacha san Airgintín. Tháinig na chéad Breatnaigh sa bhliain 1865, agus tá siad lonnaithe ar chósta Chubut sa Phatagóin go háirithe. Meastar go raibh idir 1,500 agus 5,000 duine ann a raibh Breatnais acu sa bhliain 2012.[1][2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosú na coilíneachta (1865)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an smaoineamh chun coilíneacht Bhreathnach a chruthú ar dtús ag Michael D. Jones, fear mór Breathnach. Bhí eaglar air ag an am go raibh an Bhreatnais i mbaol sa mBreatain Bheag. Chuir sé seo isteach go mór ar an tUasal Jones, agus thosaigh sé ag smaoineamh ar Stát Breathnach.

Michael D. Jones (1822–98)

Bhunadh Porth Madryn agus Rawson sa mbliain 1865.

Coilíniú (1866-1885)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí córas uisciúcháin déanta ag na Breathnaigh go tapa agus bhí fómhair torthúla acu.

Bunaíodh Gaiman i1874 agus Trelew i 1886.

Sna hAindéis (1885-1902)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh na Breathnaigh sna hAindéis agus bhunaigh siad Esquel agus Trefelín[3]. Bhí 4,000 Breathnach ina gcónaí san Airgintín ag deireadh 19ú haois.

Fadhbanna in Chubut (1899-1915)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta 1880 agus 1899 d'fhág na tuilte in Rawson agus bailte eile faoi uisce agus thosaigh an coinscríobh. Mar sin chuaigh thimpeall 500 Breathnaigh go dtí Saskatchewan sa Cheanada.

Na 1960í[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh damba trasna an Chubut sa mbliain 1963 chun na tuilte a stopadh sa ngleann.

Sa mbliain 1965 bhí comóradh céad bliain acu sa Wladfa. Bhí daoine as an mBreatain Bheag ansan chun caidreamh maith a thógáil eatarthu.

21ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 50,000 duine ann in Chubut (10% den daonra) de shliocht Breatnach.[4]

Ón mbliain 2005 amach, taispeántar dragan dearg na Breataine Bige ar bhratach Porth Madryn.

Ceiliúradh comóradh 150 bliain na coilíneachta sa mbliain 2015. Bhí Céad-Aire na Breataine Bige, Carwyn Jones, i láthair ann.

Ainmneacha Breatnacha san Airgintín[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Spáinnis An Bhreatnais Gaeilge
Argentina Yr Ariannin An Airgintín
La Angostura Lle Cul Áit Chaol
Arroyo Pescado Nant y Pysgod Sruthán an Éisc
Colonia 16 de Octubre Cwm Hyfryd/Cwm Hydref Gleann Álainn/Gleann Dheireadh Fómhair
Fuerte Aventura Caer Antur Dún Amhantair
Paso de Indios Rhyd yr Indiaid Áth na nIndiach
Las Plumas Dôl y Plu Cluain na gCleiteog
Puerto Madryn Porth Madryn Port Madryn
Rawson Trerawson Baile Rawson
Río Chubut Afon Camwy Abhainn Cham
Valle de los Mártires Dyffryn y Merthyron Gleann na Mairtíreach
Valle Frío Dyffryn Oer Gleann Fuar

Amhrán Náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focail Gwlad Newydd y Cymry

Is é Gwlad Newydd y Cymry le Lewis Evans an t-amhrán náisiúnta. Ciallaíonn sé "Tír Nua na mBreatnach" agus tá sé bunaithe ar thiúin Hen Wlad Fy Nhadau (SeanThír m'Aithreacha), amhrán náisiúnta na Breataine Bige.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Wales.com - Wales & Argentina". web.archive.org (2012-10-16). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-10-16. Dáta rochtana: 2020-08-07.
  2. "The Argentines who speak Welsh" (en-GB). BBC News (2014-10-16). Dáta rochtana: 2020-08-07.
  3. "Trevelin" (en). Trevelin. Dáta rochtana: 2020-08-10.
  4. Darren Devine (2013-03-30). "Patagonia's Welsh settlement was 'cultural colonialism' says academic". walesonline. Dáta rochtana: 2020-08-07.