Xiu Xiu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is banna ceoil indie é Xiu Xiu. Tá siad lonnaithe i San José, California agus ó am go h-am i Seattle, Washington. Is é Jamie Stewart príomh-amhránaí an bhanna agus an t-aon ball fanta ón tosach. Is iad Caralee McElroy (col ceathar Stewart) agus an ceoltóir avant-garde Ches Smith baill eile den ghrúpa. Tógtar ainm an ghrúpa ón scannán Síneach "Xiu Xiu: The Sent Down Girl".

Deantar plé ar roinnt ábhair gruama cosúil le féin-mharú, AIDS agus cogadh in amhráin Xiu Xiu. Tá tionchar ag ceol punc, fuam, electro agus ceol claiseacach, chomh maith le h-indie Meiriceánach agus ceol ón Bhreatain ó na 1980í orthu.

Tagairtí[athraigh | edit source]