Xalapa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilXalapa

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 19°31′52″N 96°54′58″W / 19.531°N 96.916°W / 19.531; -96.916
Stát ceannasachMeicsiceo
State of Mexico (en) AistrighVeracruz
Municipality of Mexico (en) AistrighXalapa Municipality (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán424,755 (2010) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,585.94 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla118.45 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1,460 m-1,396 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Coatepec (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1791
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist91000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód228 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinxalapa.gob.mx Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair in oirthear Mheicsiceo is ea XalapaJalapa. Is é Xalapa-Enríquez ainm oifigiúil na cathrach, ach Xalapa a thugtar air de ghnáth. Príomhchathair stát Veracruz atá ann. Is é an dara cathair is mó sa stát, i ndiaidh cathair Veracruz. Tá cónaí ar 424,754 duine i Xalapa.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ceithre sráidbhaile Indiach san áit ina bhfuil Xalapa inniu, agus d'fhás siad go dtí go raibh aon bhaile amháin ann timpeall na bliana 1313 agus é sách mór. Théadh taistealaithe tríd ar a mbealach siar ón gcósta go dtí Cathair Mheicsiceo agus an t-ardchlár láir. Sa bhliain 1804, chaith Alexander von Humboldt, eolaí Gearmánach, tamall i Xalapa agus bhaist sé "Cathair na mBláthanna" (La Ciudad de las Flores) air de bharr an oiread sin bláthanna a bheith ann. Tugtar an leasainm sin ar an gcathair go dtí an lá inniu.

Xalapeñojalapeño a thugtar ar dhuine as cathair Xalapa. Jalapeño a thugtar fosta ar an phiobar fhada ghlas a shaothraítear sa cheantar timpeall Xalapa.