Xéararadagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh íomháithe sa mhíochaine, go mór mór chun ailse chíche a bhrath. Cruthaítear an bhuníomhá le X-ghathanna agus stóráiltear í sa ríomhaire. Baintear feidhm as teicníocht cóipeála xéaraghrafaí chun an íomhá dheiridh a dhéanamh leis na sonraí ón ríomhaire. Faightear pictiúr an-soiléir géar dearfach leis an teicníocht seo, rud is gá chun an ailse chíche a bhrath luath go leor chun cóir leighis éifeachtach a dhéanamh uirthi.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Xéararadagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 707.